Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Scannáin

  • 23-03-2025 12:30AM
    #1
    Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 31,026 Mod ✭✭✭✭


    D'fhéach mé ar 5 scannán le linn Seachtain na Gaeilge. Iadsan "Foscadh", "Finky", "Arracht", "Kings", agus "Black 47". Bhí forluíanna eatarthu ó thaobh téamaí, aisteoirí, is araille, ach fós bhíodar an-difriúil óna chéile (fiú idir "Arracht" agus "Black 47").

    Bhí "Kings" agus "Black 47" agam ar DVD agus iad feicthe agam cheana, ach blianta caite ó d'fhéachas orthu. Fós fíor-chumhachtach mar scéalta.

    Ach "Finky". Fūck me! 😮 A leithéid de scannán. Dochreidte.



Comments

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 31,026 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    An-suimiúil Stephen Rea a fheiceáil in "Black 47" agus é ag sleamhnú idir an dá theanga mar aistritheoir sa scéal sin, tar éis dó ról an-ghreanmhar a ghlacadh sa ghearr-scannán "Fluent Dysphasia". Chuireamar "Breakfast On Pluto" ar siúl le déanaí chun a thuilleadh de a fheiceáil.



  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 31,026 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Tá "Cré na Cille" ar YouTube arís faoi láthair. D'fhéachamar air fadó sa bhliain dheireanach den chéim. An-chuid ag brath ar an scannán ar mhaithe le "pass" a fháil sa scrúdú, seachas an leabhar féin a léamh!

    D'fhéach mé air arís tar éis an coláiste a fhágáil, ach le fotheidil ar an scáthlán arís an uair sin. Níor thuigeas i gceart go dtí an tseachtain seo cé mhéad den úrscéal a coimeádadh istigh nuair a rinneadh an scannán, cé gur fhág siad Stoc na Cille agus an-chuid mioncharachtar amach freisin.



  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 385 ✭✭iniscealtra


    B’fhiu duit breathnú ar ‘Tarrac’ tá sé go deas.

    Finky bunaithe ar Deoraíocht le Pádraic Ó Conaire is cosúil.



  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 31,026 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Bhí "Tarrac" ar an liosta agam don Aoine ag deireadh Seachtain na Gaeilge, ach bhuail mé le duine gan mórán Gaelainne agus d'fhéachamar ar "Breakfast On Pluto" ar an Seinnteoir RTÉ. Beidh orm breathnú air go luath.



Advertisement