Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Dea-Scéal

Options
  • 20-03-2024 11:34pm
    #1
    Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,857 Mod ✭✭✭✭


    Tar éis dom trí chnuasach a chur isteach mar iarratais i gComórtas Litríochta an Oireachtais thar na blianta, ach gan an duais filíochta a bhuachaint, roghnaigh mé na píosaí is fearr uathu (agus cupla píosa nua leo) agus rinne mé bailiúchán nua astu. Dhá scór dán san iomlán, agus aistriúchán Béarla in aice gach píosa. Beidh an leabhar á sheoladh agam an mhí seo chugainn.

    Táim fíor-bhródúil as. Fuair mé roinnt aiseolas a chuir díomá orm ó dhuine desna scríbhneoirí Gaeilge is mó le rá dá bhfuil ann, ach ar a laghad thug sé sin an deis dom féachaint arís ar an lámhscríbhinn agus snas a chur uirthi. Thug mo dhuine blurba dom chomh maith, rud a chabhróidh le díoladh an leabhair (tá súil agam).

    Tá súil agam go n-osclóidh an leabhar seo doirse dom i measc scríbhneoirí na Gaeilge - ba bhreá liom aithne a chur ar fhilí eile agus teagmháil a dhéanamh leo, dánta a phlé leo, is araille. Bhí sé deacair léitheoirí a fháil agus an t-am acu aiseolas ceart a thabhairt dom don tionscadal seo - bhí orm an rud ar fad a phrofáil dom féin seachas nod nó dhó a léirigh mo dhuine thuasluaite. Tá áit fágtha agam mar aoi-léitheoir cheana féin ag féile i gCorcaigh ag deireadh Aibreáin.

    Déarfainn gurb fhéidir liom leabhar eile próis a scríobh ar an bproiseas agus ar an obair a chuireas isteach sa cheann seo!



Comments

  • Registered Users Posts: 922 ✭✭✭nicksnikita


    Maith thú; deascéal ceart!

    Go n-éirí an bóthar leat



  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,857 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Seo daoibh an nasc chun é a cheannach, más spéis libh. Beidh sé ar fáil ón suíomh gréasáin An Siopa Leabhar go luath freisin.

    https://limerickwriterscentre.com/product/ar-an-leoithne-on-the-breeze-by-tomas-o-coileain-thomas-collins/



  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,857 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Thart ar seachtain imithe anois ó sheolamar an leabhar nua i gCearnóg Pery an Aoine seo chaite. Dúirt mé beagnach mí ó shin go raibh fonn orm doirse nua a oscailt, agus déarfainn go bhfuil sin ag tarlúint.

    Rinne mé agallamh le Raidíó Fáilte 107.1fm i mBéal Feirste an Déardaoin seo caite - iriseoir fíor-dheas a labhair liom ar feadh 20 nóiméad, cé go ndúirt sí nach mbeadh ach 8-10 nóiméad i gceist!

    Beidh mé ag léamh in Áth Dara an Déardaoin seo chugainn mar chuid de Poetry Day Ireland. Beidh mé ag léamh i gCorcaigh an Satharn sin ag oíche REIC mar chuid den Cork World Book Festival.

    Táim tar éis bualadh le filí iontacha le linn April Is Poetry Month In Limerick 2024, agus teagmháil déanta agam le file dátheangach eile ar Facebook freisin tar éis duais a bhronnadh uirthi ar an gCéadaoin. Whew!



Advertisement