Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Mo thaithí ar feadh mo thaistil go hÉireann le gairid

  • 18-07-2022 10:30pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3


    Tar éis an amaidí Covid, ruinne mé ar turas go hÉirinn le déanaí. Agus fuair mé léargas suimiúil ar chúrsaí na Gaeilge sa Ghaeltacht i gCois Fhairrge. Bhí mé ag fanacht ag an iomad campála sa Spidéal toisc gur tugadh isteach serbhísí bus san oíche le gairid.

    Tá Gaeilge ag beagnach gach éinne sa cheantar Chois Fhairrge, ach amháin strainséirí, go háirithe iad seo ar aistrigh go sách-ghairid. Thug mé faoi déara an tionchar a dtéann i bhfeidhm ar dhaoine ag an teanga a mbaineann comhlachtaí úsáid aisti ar a gcomharthaí. Fuair mé neart ag siopa mearbhia sa Cheathrú Rua.

    Chlois mé uile dhuine ag ordú trí Bhéarla toisc go bhfuil an biachlár taobh amuigh ag an gcuntar as Béarla amháin agus ainm Béarla ag an tsiopa. Ní bhíonn misneach ag an-chuid daoine Gaeilge a labhairt in ainneoin, ach amháin Gaeilgeoirí díograiseacha. Is ordú trí Ghaeilge a rinne mé féin agus an fonn orm gan labhairt ach Gaeilge amháin i gceantair Ghaeltachta. Más Gaeilge a bhaineann comhlachtaí úsáid aisti ar a gcomharthaí, is dóigh liom go labhróidh níos mó custaiméirí Gaeilge.

    I dteach ósta sa Spiďéal, bhí cumas ar an nGaeilge ar a dtoil ag muintir na háite. Ach sa chaint scaoilte, bhí Béarla á labhairt den chuid is mó a raibh beagán Gaeilge curtha isteach anseo is ansiúd. D'inis buachaill liom nach bhfuil an méad sin spéise ag óige na háite a leanúint ar aghaidh leis an nGaeilge. Is féidir le Gaeilgeoir díograiseach Gaeilge a thabhairt isteach agus dóthain trua atá ann dó nó di. Ach faoi thionchar an alcóil ag fás, is Béarla a thiocfaidh amach.

    Dar liomsa, is mar theanga uirbeach a bheidh todhchaí na teanga ann go príomhá de réir go mbíonn coinsias teanga ag pobal uirbeach na Gaeilge. Gan amhras, is breá liom an Ghaeilge traidisiúnta agus uaireanta, is fuaimniú gránna atá ag cuid cainteoirí uirbeacha. Ach is soléir dom nach féidir ag brath go príomhá ar an nGaeltacht amach anseo. Ní hí ina teanga an phobail sa Ghaeltacht go fóill. Is fiú a oiread den saibhreas teangeolaíoch na Gaeltachta is féidir a aistriú go dtí na nuachainteoirí.


    Go n-éirí libh, Alex



Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 988 ✭✭✭nicksnikita


    Nuair a thosaigh mise ag foghlaim na Gaeilge aríst thart ar 2018, mhothaigh mise mar an gcéanna…go raibh an teanga ag bogadh ó na ceantair Gaeltachta go dtí na cathracha.

    Ach sa lá atá inniu ann, agus mise i mo chónaí gar ó cheantar Gaeltachta Mhaigh Eo, feiceann mé agus freastalaíonn muid ar neart ócáidí Ghaeilge áitiúl. Mar gheall ar sin, cloiseann mé go bhfuil Sí fós láidir san áiteachaí iargúlta agus tugann sé sin dóchas dom



  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3 GaeilgeoirGearmánach


    Feictear dom go bhfuil béim na Gaeilge ag bogadh chuig na cathracha. Níl an fhorbairt sin ar chríoch chomh fada go bhuil cainteoirí tradisiúnta ann sa Ghaeltacht go fóill.

    Tugaim faoi deara gur saghas teanga ard-ghradam í an Ghaeilge anois sna cathracha. Méadaíonn an roinnt na ndaoine a bhfuil Gaeilge réasúnta acu le gach leibhéal oideachais bainte amach.

    Ach is forbairt bhaolach í an deighilt idir phobal na Gaeilge laistigh agus lasmuigh na Gaeltachta. Is géargá an teagmháil rialta idir an dá ghrûpa chur chun cinn. Is féidir leis an dá a chomhlánú ar a chéile go maith. Cé gurb í an Ghaeilge traidisiúnta an ceann is áille, is leis an gceann uirbeach a sheasfaidh todhchaí na teanga. Is cosúlacht na Gaeilge uirbí atá ag cainteoirí na Gaeltachta neamh-aosta inniu ach amháin sna ceantair is láidre.

    Thug mé faoi deara arís go bhfuil tuiscint na Gaeilge sách-spreagtha i gcontae an Chláir.

    Beannacht, Alex



  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,918 ✭✭✭CrabRevolution


    I dtosach; maith thú as ucht an ghaeilge a fhoghlaim!

    Tá sé fíor go bhfuil ceangal níos láidre idir an Ghaeilge agus an aicme sna cathracha. Tá ciall leis; má chuireann tú (nó do thuismitheoirí) béim ar an oideachas agus ar an bhfoghlaim, tá seans níos airde go bhfuil an tsuim agus an cumas agat Gaeilge a fhoghlaim.

    Tá an ceart agat chomh maith, go bhfuil scoilt de shaghas éigin idir lucht Gaeilge na cathrach agus lucht Gaeilge na Gaeltachta. Bhí sé seo le feiceáil cúpla bliain ó shin nuair a chruthaigh siad gradam nua ar son "Craoltóir solabhartha" ag gradaim an Oireachtas, cé gur fhíric follasach é go bhfuil Gaeilge láidir ag gach craoltóir náisiúnta. Shíl a lán Gaeilgeoirí lasmuigh den Ghaeltacht go raibh lucht líofa na Gaeltachta ag rá leo "Is cuma cé chomh deas is atá do ghaeilge, is linne an fíor-ghaeilge".

    Nó cloiseann tú uaireanta gur cheart rudaí éagsúla a bhaineann leis an nGaeilge (ar nós eagraíochtaí Gaeilge) a bhogadh ó na cathracha go dtí an Ghaeltacht, mar tá an chuid is mó de na Gaeilgeoirí líofa ina chonaí ansin. Arís, tá teachtaireacht soléir ann; "Ná bac leo siúd, is muide na fíor-ghaeilgeorí".

    Ach, ní cheapaim go bhfuil an scoilt seo ró-dhona. Bíonn áthas ar 99% de na Gaeilgeorí a aimsím Gaeilge a labhairt l'aon duine a ndéanann iarracht é a labhairt leo.

    Caithfidh muid an dhá phobal a threisiú- Gaeilgeoirí na Gaeltachta agus Gaeilgeoirí lasmuigh den Ghaeltacht.



  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3 GaeilgeoirGearmánach


    Thug mé faoi deara go bhfuil athrú tagtha ar an nGaeilge labhartha sa Ghaeltacht, freisin. Ní chuala mé ach go hannamh an r leathan á bhfuimiú ar nós sa Spáinnis. Ach múintear fós an fuimiú traidisiúnta mar sin sna ranganna sa Ghearmáin. Cloistear tionchar ón mBéarla i gcaint na ndaoine neamh-aosta sa Ghaeltacht go léir. Chomh luath is a chuala mé é, ghlac mé ar lámh an r leathan á bhfuimiú ar nós an ceann Béarla sa gcaoi nach seasaim amach.

    Ach déanaim iontas nach gcuirtear dóthain béime ar deá-fhuimiú na teanga ar scoil. Tá tionchar ón mBéarla dosheachaint. Ach is droch-Ghaeilge atá ann gan cúpla litir fuimithe go ceart, mar shampla an ch leathan labhartha ar nós c nó an dh leathan labhartha ar nós g.

    Is éard ba cheart a chur isteach sa Daonáireamh ná an freagra "cainteoir dúchais" ar an gceist faoi chumas ar an nGaeilge. Ba é toradh na ceiste sin fíor-spéisiúil. Ní féidir méid na gcainteoirí dúchais a mheasadh ar chor ar bith ón Daonáireamh go dtí seo. Ach is ceann na bhfigiúrí tábhachtacha é chun stádas na teanga a mheasúnú.

    Beannacht, Alex

    Post edited by GaeilgeoirGearmánach on


Advertisement