Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.
Hi all, please see this major site announcement: https://www.boards.ie/discussion/2058427594/boards-ie-2026

#gaeiltober

  • 01-10-2019 09:39AM
    #1
    Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 31,170 Mod ✭✭✭✭


    Thug mé faoi dearadh aréir go raibh an mion-fheachtas seo le tosnú ar maidin.

    Táthar ann agus é ar intinn acu an saol ar fad a mhaireachtáil trí Ghaeilge amháin ar feadh na míosa. Deireadh Fomhair go hiomlán gan an Béarla, samhlaigh é!

    Tá daoine eile ag iarraidh an teanga a chur chun cinn trí úsáid a bhaint aisti ar na meáin shóisialta, Twitter ach go háirithe. Ní bhímse ar Twitter go ró-mhinic ach ceapaim go mbeadh sé go deas iarracht a dhéanamh ar feadh cupla coicíse.

    Seans go spreagfaidh sé tuilleadh gnó ar an bhfóram seo freisin agus muid ag druidim i dtreo Oireachtas na Samhna. Cad a cheapann sibh?


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2, Paid Member Posts: 17,867 ✭✭✭✭keane2097


    Táim ag déanamh iarracht é sin a dhéanamh ar Twitter. Níl a lán Gaeilge agam níos mó ach ba bhréa liom bheith in ann í a labhairt níos fearr.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5 Daonnach


    Bhuel, an bhfuil ag éirí leat go dtí seo? :)


Advertisement