Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Cumas Snámha

Options
  • 23-09-2017 1:02pm
    #1
    Registered Users Posts: 53 ✭✭


    An bhfuil tú in ann snámh?Ní raibh mise in ann snámh le fada,ach táim á fhoghlaim le bliain anuas,agus is mór an spórt é.An rud is fearr a rinne mé riamh ná é a fhoghlaim.Bíonn sé deacair nuair a thosnaíonn tú amach,ach CLOíGH LEIS!!:D


Comments

  • Closed Accounts Posts: 222 ✭✭haveabanana


    Maith thú féin. Bhí an t-ádh liom gur thosaigh mé amach an-luath. Níl aon chuimhne agam ar gan a bheith in ann snámh.


  • Registered Users Posts: 2,187 ✭✭✭carrollsno1


    Ta an tadh orm mar fhoghlaim me chun ag snamh nuair a bhi me og. Chuir me stad ar ar cupla bhlian agus an bhlian ar mo ardteist thosaigh me ag snamh aris. Agus an earrach ar bhlian seo rinne me an "swim for a mile" agus chriochnaigh me ar an am timpeall triocha hocht noimead. Is e aimsire caite an mhaith ar do corp agus do cheann

    Ta bron orm ar mo droch ghaeilge ach is fhearr droch ghaeilge no nil aon gaeilge

    Better living everyone



  • Registered Users Posts: 2,801 ✭✭✭CrabRevolution


    Thosaigh mé ag snámh nuair a bhí mé sa bhunscoil. Gach earrach chuaigh muid go dtí an linn snámha uair sa tseachtain.

    Is cuimhin liom an frustrachas mar níor choinnigh siad aon tuairisc nó nótaí den bhfeabhas a tháinig orainn i rith na gceachtanna agus ó bhlian go bliain. B'fhéidir go raibh siad ró leisciúil.... Fuair mé an teastas "Snámh a hAon" trí nó ceithre bhliain as a chéile, go dtí gur bhfaca múinteoir amhán go raibh me i bhfad níos fear ag snámh ná na páistí eile a bhí i mo ghrúpa. Chuaigh me suas láithreach go "Snámh 4" ansin!!


  • Registered Users Posts: 53 ✭✭mo_dhuine


    D'fhoghlaim mé ceacht eile an lá cheana,tar éis mo dhreas snámha.Nuair a d'fhág mé an linn snámha,tháinig meadhrán orm agus thit mé i laige.Easpa uisce ba chúis leis.Tháinig cúpla sean-fhondúirí a bhí ann i gcabhair orm,agus ghabh mé mo bhuíochas leo.Níor thug sé morán rabhadh dom,nuair a tharla sé,agus beidh mé airdeallach as seo amach faoi,agus coinneoidh mé an buidéal uisce in aice láimhe!


Advertisement