Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all,
Vanilla are planning an update to the site on April 24th (next Wednesday). It is a major PHP8 update which is expected to boost performance across the site. The site will be down from 7pm and it is expected to take about an hour to complete. We appreciate your patience during the update.
Thanks all.

Daonáireamh 2016

Options
  • 03-04-2016 8:40pm
    #1
    Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭


    Bhuel,tá sé ag druidim chugainn arís.

    Níl tada scríoftha agam fós cé go bhfuil an foirm faighte agam-ach beidh sé sách soiléir domsa mar is fear singil mé.Níl deifir orm é a líonadh-tá am agam fós é sin a dhéanamh.

    Mar is eol daoibh,tar éis an daonáireamh deireanach roinnt bliain ó shin,b'é an Ghaeilge an tríú teanga is mó in Éirinn-i ndiaidh an Pholainnis.Mé féin,ní raibh mé sásta leis an scéal seo ar chor ar bith.
    An gceapann sibh go mbeidh ár dteanga níos airde,níos ísle,cothrom,nó gan athrú ar bith tar éis torthaí an daonáireamh seo chugainn?

    Agus dála an scéal,ar an chéad leathanach den fhoirm,deirtear:
    "Féadfar leagan Béarla nó Gaeilge den fhoirm seo a chomhlánú."
    Ach níl agam ach leagan Béarla......???


Comments

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Bhí mo cáilín abhaile nuair a tháinig an Daonáireamh, mar sin tá an leagan Bhéarla again mar ní raibh fios aici faoin feachtas atá ar súil chun an leagan Gaeilge a úsáid.

    Dála an scéal ceapaim nach mbeidh athrú mór ar lion na Gaeilgeoirí - tá an teanga beo go foil, agus tá ghrúpaí mar na nGael Óga ag neartú an teanga inár dtír.

    Seans go bhfuil laghdú (beag) taghta ar lion na daoine le Pholainnis - tá roinnt eachtrannach fillte abhaile.


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Tá an leagan Gaeilge faighte agam anois.

    Mura bhfuil an leagan Gaeilge ag aon duine fós,cuir fios ar:
    census@cso.ie

    information@cso.ie


  • Registered Users Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Cloisim teangacha éagsúla ar shráideanna na tíre gach lá. Ach is fíor annamh a chloisim cómhrá sa chéad teanga náisiúnta (mar ea).


  • Closed Accounts Posts: 222 ✭✭haveabanana


    Tá leithéid de cheist agus 'An labhraíonn tú teanga seachas Béarla nó Gaeilge sa Bhaile?'. Seafóid is ea é nach bhfuil an cheist 'An labhraíonn tú Gaeilge sa mbaile?' ann freisin. Bheadh an t-eolas sin thar a bheith úsáideach.

    É sin ráite, táim dóchasach go dtiocfaidh méadú ar an méid cainteoirí Gaeilge sa daonáireamh seo i gcomparáid leis an uair dheireanach.


  • Registered Users Posts: 245 ✭✭selfbuildache


    An bhféadfainn léimt isteach anseo le mo chlamhsá féin mar is ceann é gan morán lucht éisteachta - is mionlach mé taobh istigh de mhionlach. Tá Gaeilge againn agus níl aon 'reiligiún' againn.
    Líon mé an daonáireamh Gaeilge. Ach chuir sé as go mór dom gur iarr sé orm 'An bhfuil creideamh agat'? (Nó a leithéid.) Bhí orm 'Níl aon chreideamh agam' a 'ticeáil'.
    Seo an teanga agus an reiligiún fite fuaite le chéile. Tá difríocht mór idir 'reiligiún' agus 'creideamh'. Níl aon reiligiún agam ach tá creideamh agam ( i go leor rudaí) !!
    (B'fhéidir go bhfuil an iomarca am saor agam anocht....:D)


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    An bhféadfainn léimt isteach anseo le mo chlamhsá féin mar is ceann é gan morán lucht éisteachta - is mionlach mé taobh istigh de mhionlach. Tá Gaeilge againn agus níl aon 'reiligiún' againn.
    Líon mé an daonáireamh Gaeilge. Ach chuir sé as go mór dom gur iarr sé orm 'An bhfuil creideamh agat'? (Nó a leithéid.) Bhí orm 'Níl aon chreideamh agam' a 'ticeáil'.
    Seo an teanga agus an reiligiún fite fuaite le chéile. Tá difríocht mór idir 'reiligiún' agus 'creideamh'. Níl aon reiligiún agam ach tá creideamh agam ( i go leor rudaí) !!
    (B'fhéidir go bhfuil an iomarca am saor agam anocht....:D)
    Aontaím go h-iomlán leat.Tá creideamh agamsa-sa réaltacht agus rudaí atá dáiríre,agus níl creideamh agam in osnádúr ar bith.

    Is Aindiachaí mé,agus fós,ní cuireann siad an focal "Aindiachaí" nó "Atheist" ar an bhfoirm.


Advertisement