Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Ceist faoi teach tábhairne in Éireann

Options
  • 29-03-2016 11:46pm
    #1
    Registered Users Posts: 4

    An mbíonn aon teach tábhairne nó aon saghas clubanna a labhraítear Gaeilge iontu? Tá speis ollmhór agam le lbhart an teanga, táim tar éis mo ArdTeist a dhéanú agus ni mbíonn mórán seans agamsa an teanga a labhairt,
    Go raibh a míle lads,
    Nick.

Comments

  • Closed Accounts Posts: 114 ✭✭c_meth

    https://cnag.ie/ga/

    Harcourt st Dublin

  • Closed Accounts Posts: 69 ✭✭David Webb

    'Sea, anuis, tá -- ar ndóin, 'sí an Ghaelainn a labharthar ins gach tigh táirne sa Ghaelthacht, nú, in sna Gaelthachtaíbh is treise dhíbh air ao' chuma... Ceocu canúint is éasca leat do thuiscint? Inis san, agus d'fhéadfaimís tuairim éigint a thúirt air canad ann go ngeóbhfá áit éigint 'na labharthar saghas Gaelainne is uiriúnach duit.

  • Registered Users Posts: 4 NLost0048

    David Webb wrote: »

    D'fhoglaim mé mo chuid Gaeilge i mBaile Átha Cliath, téim i ngleic le chuile canúint,de gnáth, go héasca tar éis b'fhéidir 10 bomaite/nóiméad. Cén saghas Gaeilge atá agatsa? Domsa braithníonn sé cosúil le Gaidhlig Na hAlba nó Gaeilge ón dTuaisceart. Cónáim i mBré i Chill Mhantáin ach bheadh sé éasca domsa taisteal chuig BAC. Bhíos sa Daingean an Samhra seo chaite agus bhí am bráth agamsa ag caint le beagnach chuile dhuine a bhuail mé leo trí mheáin na Gaeilge.
    Go raibh a míle,
    Nick

  • Closed Accounts Posts: 69 ✭✭David Webb

    Gaelainn Chorcaí atá á foghlaim agam. Do bheadh níos feárr, b'fhéidir, dol go Ráth Cairn, nách rófhada ó Bhleá Cliath, agus bheith a' labhairt Ghaelainne le muíntir na Gaelthachta ann. Nú, b'fhéidir go ngeóbhfá ciorcal cómhrá i mBleá Cliath féin -- téir go ionad . org agus chífir go bhfuil cruinniú ciorcail gach aoine 13:00 - 14:00 i Siopa Connolly Bools 43 Sráid Essex Thoir, BÁC 2. Agus tá caife gaelach luaite air a' suíomh san.

  • Registered Users Posts: 4 NLost0048

    David Webb wrote: »
    Gaelainn Chorcaí atá á foghlaim agam. Do bheadh níos feárr, b'fhéidir, dol go Ráth Cairn, nách rófhada ó Bhleá Cliath, agus bheith a' labhairt Ghaelainne le muíntir na Gaelthachta ann. Nú, b'fhéidir go ngeóbhfá ciorcal cómhrá i mBleá Cliath féin -- téir go ionad . org agus chífir go bhfuil cruinniú ciorcail gach aoine 13:00 - 14:00 i Siopa Connolly Bools 43 Sráid Essex Thoir, BÁC 2. Agus tá caife gaelach luaite air a' suíomh san.

    Ó a thiarchais bhíos an-mhí-cheart, Is Gaeilge bhreá atá agatsa a chara, go raibh a míle as ucht an chabhar, táim chun iarracht a dhéanadh leis an eolas a thug tú dom chun roinnt chairde mhaith a dhéanadh a labhraíonn Gaeilge,
    Go raibh maith agat.

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 34,499 ✭✭✭✭Caoimhgh1n

    Gaelainn = Cúige Mumhan. :)

  • Registered Users Posts: 780 ✭✭✭craoltoir

    Bíonn ciorcail chomhrá go rialta i gceantar Bhaile Átha Cliath. I mBré tagann grúpa le chéile maidin Dhomhnaigh i gcaifé O'Briens ar an bPríomhshráid ag 11am.

    Bíonn comhrá in Óstán Central, Sráid an Chiste/Exchequer Street, i lár na cathrach gach satharn óna 2pm.

    Tá liosta iomlán ar fáil anseo:

    http://www.ionad.org/nuachtathacliath/

Advertisement