Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Dán simplí faoi Naomh Phádraig?

Options
  • 08-03-2016 4:25pm
    #1
    Registered Users Posts: 608 ✭✭✭

    A chairde,
    Tá mé ag teagasc na Gaeilge do pháistí idir 8-10 i scoileanna éagsúla ó thuaidh. Ciallaíonn sé seo nár chuala agus nach bhfaca a bhformhór aon fhocal sa Ghaeilge i riamh roimhe! Faoi láthair tá rang amháin agam a thosaigh an Ghaeilge ar na mallaibh, mar sin de níl acu ach tearmaí bunúsacha - uimhreacha, dathanna, eocharfhrasaí cosúil le "Dia duit"/"Oíche mhaith"/"Tá mé go maith" srl. Baineann siad an-sult as foghlaim na teanga, ach níl siad iontach cumasach go fóill.

    Agus Lá 'le Pádraig ag teacht aníos, ba mhaith liom dán beag simplí a theagasc dóibh nach mbeadh ró-dheacair a fhoghlaim, sa dóigh go dtiocfadh leo a rá os comhair na scoile an tseachtain seo chugainn. Áfach, tá na hacmhainní atá agam dírithe ar pháistí a bheadh a bheag nó a mhór líofa, nó a bheadh ar a laghad ceithre nó cúig bliana ag foghlaim na teanga taobh thiar dóibh cheana féin. Tá mé i ndiaidh cúpla uair an chloig a chaitheamh ag dul fríd leabhair, comhaid agus suíomhanna éagsúla ar líne cheana féin, ach go dtí seo níor tháinig mé ar an rud ceart agus tá an t-am ag dul ar aghaidh ...

    Mar sin de, an dtig le duine ar bith agaibh dán éigin a sholáthar dom? Rud a bheadh furasta go leor a fhoghlaim, ach nach mbeadh chomh simplí sin go mbeadh sé níos fóirsteanaí do pháistí ag bun na scoile. Níl i gceist agam ach b'fhéidir 6 líne nó mar sin. Má bhíonn aon duine in ann rud mar sin a thabhairt dom, bheinn iontach buíoch ar fad!

Comments

  • Registered Users Posts: 45 Comhairleoir

    mr chips wrote: »

    d'fhéadfá an cheist a chur ar 'Múinteoirí Gaeilge ag roinnt cabhrach, acmhainní, agus smaointí' ar FB freisin

  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine

    Caidé fá 'Lúireach Phádraig'?

  • Registered Users Posts: 608 ✭✭✭mr chips

    Go raibh maith agaibh beirt. Chuaigh mé le Lúireach Phádraig sa deireadh, in ainneoin nach maith liom paidreacha a theagasc. Leis an fhírinne a dhéanamh, tá mé i gcoinne aon teagasc creidimh ar scoil agus ní maith liom tacú leis - dar liom, is ról an tuismitheora amháin é seo. Áfach, b'é sin an mian a bhí acu mar gheall ar an ócáid agus ní raibh aon rogha eile agam an iarraidh seo.

    Tchím gur chuir mé míchló i dteideal an snaithid seo - Naomh PHádraig, in ainm Chroim! :rolleyes:

Advertisement