Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Cén Gaeltacht is fearr leat?

Options
  • 14-11-2015 6:37pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 34,499 ✭✭✭✭


    Agus cén fáth? :)

    What's your favourite Gaeltacht? And why? :)


Comments

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Sin ceist maith.

    Ar feadh na mblianta seo chaite,thug mé cuairt ar cheantair na Gaeltachta sa Daingean Uí Chúis,Oileáin Árainn,Conamara,Gaoth Dobhair,Béal Feirste agus níl fhios agam fós cén cheann is fearr liom.
    Ach go deimhin,beidh mé ag dul go dtí na háiteanna seo arís.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,857 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Tá mo chroí i gcónaí ar Inis Oírr. :P

    Ach bhí taithí iontach agam i gCorca Dhuibhne nuair a bhí mé níos óige, agus chaitheas seal ar Oileán Cléire, agus seal eile i Litir Móir, agus thaiteann na háiteanna siúd go mór liom freisin. Agus bhí deireadh seachtaine den scoth agam faoi scáth Earagail i nGaoth Dobhair cúpla blian ó shin.

    Tá sé fíor-dheacair áit amháin a phiocadh thar na cinn eile. :)


  • Closed Accounts Posts: 34,499 ✭✭✭✭Caoimhgh1n


    An File wrote: »
    Tá mo chroí i gcónaí ar Inis Oírr. :P

    Ach bhí taithí iontach agam i gCorca Dhuibhne nuair a bhí mé níos óige, agus chaitheas seal ar Oileán Cléire, agus seal eile i Litir Móir, agus thaiteann na háiteanna siúd go mór liom freisin. Agus bhí deireadh seachtaine den scoth agam faoi scáth Earagail i nGaoth Dobhair cúpla blian ó shin.

    Tá sé fíor-dheacair áit amháin a phiocadh thar na cinn eile. :)

    Is grá liom Inis Óirr..


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    An File wrote: »
    Tá mo chroí i gcónaí ar Inis Oírr. :P

    Ach bhí taithí iontach agam i gCorca Dhuibhne nuair a bhí mé níos óige, agus chaitheas seal ar Oileán Cléire, agus seal eile i Litir Móir, agus thaiteann na háiteanna siúd go mór liom freisin. Agus bhí deireadh seachtaine den scoth agam faoi scáth Earagail i nGaoth Dobhair cúpla blian ó shin.

    Tá sé fíor-dheacair áit amháin a phiocadh thar na cinn eile. :)

    Caithfidh go raibh tú ag fanacht i mBrú an Earagail i nDún Lúighe,an raibh?

    Sin é an áit abhí mé ag fanacht agus mé ar saoire i nGaoth Dobhair an bhliain seo chaite.Díreach ag bun Sliabh Earagail,agus áit fíorghalánta é,agus rothar le fáil ar cíos ann freisin.

    Agus an áit mórthimpeall,tá sé cosúil le sléibhte árda na hAlban.


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Sin ceist maith.

    Ar feadh na mblianta seo chaite,thug mé cuairt ar cheantair na Gaeltachta sa Daingean Uí Chúis,Oileáin Árainn,Conamara,Gaoth Dobhair,Béal Feirste agus níl fhios agam fós cén cheann is fearr liom.
    Ach go deimhin,beidh mé ag dul go dtí na háiteanna seo arís.


    Ceart agat!
    Is fiú, fosta, cuairt a thabhairt ar An Rinn, Ráth Cairn, An Fód Dubh agus an bhliain s'chugainn reactálfar Comórtas Peile na Gaeltachta i mBaile Bhúirne.


  • Advertisement
  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,857 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Caithfidh go raibh tú ag fanacht i mBrú an Earagail i nDún Lúighe,an raibh?

    Sin é an áit abhí mé ag fanacht agus mé ar saoire i nGaoth Dobhair an bhliain seo chaite.Díreach ag bun Sliabh Earagail,agus áit fíorghalánta é,agus rothar le fáil ar cíos ann freisin.

    B'shin an áit go díreach. :)

    Bhí orm carr a fháil ar cíos chun an turas a dhéanamh, agus níor thiomáin mé riamh trí Shligeach nó trí Dhún na nGall riamh roimhe sin. D'fhéadfaí a rá nár thaitin na bóithre liom! :P Bhí sé go hiomlán dorcha nuair a shroic mé an brú. Ach nuair a d'éirigh mé an chéad mhaidin eile bhí gliondar orm agus mé ag féachaint amach ar an nglean.

    Beidh orm rothar a fháil más féidir liom cúpla lá saoire a chaitheamh sa cheantar sin arís.


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    An File wrote: »
    B'shin an áit go díreach. :)

    Bhí orm carr a fháil ar cíos chun an turas a dhéanamh, agus níor thiomáin mé riamh trí Shligeach nó trí Dhún na nGall riamh roimhe sin. D'fhéadfaí a rá nár thaitin na bóithre liom! :P Bhí sé go hiomlán dorcha nuair a shroic mé an brú. Ach nuair a d'éirigh mé an chéad mhaidin eile bhí gliondar orm agus mé ag féachaint amach ar an nglean.

    Beidh orm rothar a fháil más féidir liom cúpla lá saoire a chaitheamh sa cheantar sin arís.
    Fuair mé an rothar ar cíos ón mBrú féin i rith na seactaine nuair a bhí mé ann.Ní cuimhin liom an costas an lá,ach ba fiú go mór é.

    Geallaimse go bhfuil sé sin an slí is fearr taisteal mórthimpeall Gaoth Dobhair.Tá na bóithre go deas anois.Chuaigh mé go Carraig Fhinn,Anagaire,Bun Beag,Doirí Beaga,Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha agus alán áiteanna eile ar an rothar agus bhain mé an-taitneamh as.

    Níl aon taisteal is fearr chun áilleacht a fheiceáil ná an rothar-fan go bhfeicfidh tú.
    Bíonn rothar le fáil ar cíos agam i gcónaí nuair a bhíonn mé ar saoire i ngach áit.


  • Moderators, Education Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 18,953 Mod ✭✭✭✭Moonbeam


    Is grá mór liom Oileán Cléire,nuair a bhí me óg caill me a lán samhraidh ann.


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Bhí mé i mBéal Feirste inniu agus chaith mé an lá i gCeathrú Na Gaeltachta ar Bóthar Thuath Na bhFál.Is iontach an stair atá ann.Shiúil mé Tuath Na bhFál ó bhun go barr ag féachaint ar na mórphictiúirí,agus chaith mé tamall maith i Reilig Bhaile An Mhuilinn.Chuaigh mé isteach go dtí Cultúrlann Mac Adam Ó Fiaich,bhí béile an-bhlasta agam ann,cheannaigh mé leabhair Gaeilge do mo nia agus mo neacht,agus ag labhairt Gaeilge leis an bhfoireann sa Chultúrlann an t-am go léir.Níl sé sin an chéad uair abhí mé i nGaeltacht Béal Feirste,ach bhí mé in ann níos mó ama a chaitheamh ann inniu.

    Dála an scéal,níl Bóthar Na Seanchille i ró-fhad ó Bóthar Na bhFál,agus d'fhan mé amach uaidh!

    Táim ar an mbealach fada abhaile anois.
    Go deimhin,tá sé breá Gaelach ann.


Advertisement