Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

"Séamus Ó Conghaile/James Connolly" i nGaeilge

  • 07-09-2015 4:49pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,693 ✭✭✭


    Chuala mé an leagan Gaeilge den t-amhrán seo don chéad uair inniu ar Raidió Na Gaeltachta.
    An Saighdiúr Bocht Cróga an t-ainm atá ar an leagan seo,agus tá Eibhlín Ní Bhaoill ag canadh.
    Bhí mé ar crith agus mé ag éisteacht leis.

    Siúl leat, siúl leat, le dóchas i do chroí, is ní shiúlfaidh tú i d'aonar go deo.



Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,693 ✭✭✭An Riabhach


    Mo leithscéal,ní raibh an ceart agam faoin amhránaí.....

    Chuala mé arís é ar maidin agus go deimhin,chum Eilín Ní Bhaoill an píosa seo,ach tá a mac,Daire(nó Dara) Ó Baoill ag canadh.

    Siúl leat, siúl leat, le dóchas i do chroí, is ní shiúlfaidh tú i d'aonar go deo.



  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,914 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    An bhfuil an tiúin sin bunaithe ar "Mull of Kintyre"? Aithním é ó áit éigin, ach nílim cinnte!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,693 ✭✭✭An Riabhach


    An File wrote: »
    An bhfuil an tiúin sin bunaithe ar "Mull of Kintyre"? Aithním é ó áit éigin, ach nílim cinnte!

    Ní dóigh liom..,
    Mar tá an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla cosúil mar a chéile,agus táim ag ceapadh go bhfuil an tiúin seo mar a bhí sé ó bhunús.

    Siúl leat, siúl leat, le dóchas i do chroí, is ní shiúlfaidh tú i d'aonar go deo.



  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,693 ✭✭✭An Riabhach


    Na liricí:

    An Saighdiúir Bocht Cróga

    Bhí scaifte mór cruinnithe ag geataí Chill Mhaighneann
    Gach ceann acu nochtaigh,go cráibhtheach ag guí
    Mar istigh ina chillín bhí saighdiúir bocht cróga
    Ag íobairt a bheatha,cé gur brónach a chroí
    Chuaigh sé chun báis chun aisling na saoirse
    A chaomhnú is a chothú ag deireadh an lae
    Nuair a tugadh an t-ordú,rinne urchair róiseadh
    A d'fhág saighdiúir bocht cróga ina luí ins an gcré
    Tógadh an brat dubh thar gheaftaí Chill Mhaighneann
    Ag léiriú don t-saol mhór gur leosan an bhuaigh
    Ach is iomaí deor léanmhar a sileadh an lá sin
    A d'fhág saighdiúir bocht cróga ina luí ins an uaigh
    Ag ionsaí na cathrach bhí an namhaid go fíochmhar
    Bhí aisling na saoirse le plúchadh is le claoi
    Ach go glórmhar a scairt sé ag iarraidh gan géilleadh
    Ó thréithe ár sinsear do fhórsaí an rí
    Is iomaí lá a d'imigh ó Réabhlóid na Cásca
    Is an leathrom a d'fhulaing ár dteanga is ár dtír
    Agus Óglaigh na hÉireann,gualainn ar ghualainn
    Ag íobairt a mbeatha le muid a thabhairt saor
    Is uafásach náireach do réim a rí Sheoirse
    Ach ar phobal na hÉireann,ní bhfuair tú an bhuaigh
    Níl blátha le fáil ann ach tá an Seamróg ag fás ann
    Do shaighdiúir bocht cróga,ina luí ins an uaigh

    Siúl leat, siúl leat, le dóchas i do chroí, is ní shiúlfaidh tú i d'aonar go deo.



Advertisement