Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.

'Sound of Silence' as Gaeilge

  • 01-09-2015 08:19PM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,534 ✭✭✭


    Bhí RnaG ar siúl sa chúlra tráthnóna inné timpeall 2 i.n. nuair a bhíos ag tiomáint agus níor aithin mé an t-amhrán ar dtús ach tháinig sé chugam go raibh leagan Gaeilge ar 'Sound of Silence' ag Simon & Garfunkel a bhí i gceist. Leagan iontach ab ea é.

    Ach níor éirigh liom an t-ainm a bhí ar an gcailín, nó ar an amhrán, a chloisint i gceart. An bhfuil barúil ar bith ag éinne? Grmma roimh ré.


Comments

  • Banned (with Prison Access) Posts: 31,117 ✭✭✭✭snubbleste


    Cathal Ó Curráin & Síle Ní Ghallchóir?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,714 ✭✭✭An Riabhach


    gaiscioch wrote: »
    Bhí RnaG ar siúl sa chúlra tráthnóna inné timpeall 2 i.n. nuair a bhíos ag tiomáint agus níor aithin mé an t-amhrán ar dtús ach tháinig sé chugam go raibh leagan Gaeilge ar 'Sound of Silence' ag Simon & Garfunkel a bhí i gceist. Leagan iontach ab ea é.

    Ach níor éirigh liom an t-ainm a bhí ar an gcailín, nó ar an amhrán, a chloisint i gceart. An bhfuil barúil ar bith ag éinne? Grmma roimh ré.

    Ba cheart duit téacs a sheoladh isteach chuig na cláracha cheoil a bhíonn ar Raidió Na Gaeltachta i rith na seactaine:

    Nead Na Fuiseoige le Gráinne Ní Dhomhnaill,7a.m. go 8a.m.,Luan go Aoine.

    Cóisir Ceoil le Dónall Mac Ruaidhrí,4i.n. go 5i.n.,Luan go Aoine.

    Cuir ceist agus iarratas orthu agus is cinnte go mbeidh an amhrán seo ar eolas acu.

    Siúl leat, siúl leat, le dóchas i do chroí, is ní shiúlfaidh tú i d'aonar go deo.



  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,714 ✭✭✭An Riabhach


    Fuaim An Chiúnais an t-ainm atá ar an t-amhrán seo.

    Seán Ó Duibhir a aistrigh é,agus chum an banna ceoil darb ainm An Crannóg é.

    Aoife Ní Dhoibhlinn agus Éama Ní Fhíoruisce na n-ainmneacha atà ar na cantóirí.

    Fuair mé amach è nuair a chuir mé iarratas isteach chuig Dónall ar an clár Cóisir Cheoil ar RnaG inniu,agus go deimhin,chas sé é.

    Siúl leat, siúl leat, le dóchas i do chroí, is ní shiúlfaidh tú i d'aonar go deo.



Advertisement