Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all,
Vanilla are planning an update to the site on April 24th (next Wednesday). It is a major PHP8 update which is expected to boost performance across the site. The site will be down from 7pm and it is expected to take about an hour to complete. We appreciate your patience during the update.
Thanks all.

Reifrinn 2015

  • 16-05-2015 12:30pm
    #1
    Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭


    Rithfear dhá reifrinn an Aoine seo chaite. Tá an chéad cheann bunaithe ar chomhionannas pósta. Iarrfar ar dhaoine vótáil tá nó níl chun an chlásail seo a chur sa Bhunreacht:
    Féadfaidh beirt, gan beann ar a ngnéas, conradh pósta a dhéanamh de réir dlí
    Tá an dara reifreann bunaithe ar aois an uachtaráin. Iarrfar ar dhaoine an íos-aois a laghdú go 21 nó a choimeád ar 35 mar atá sé fé láthair. Seo leanas téacs an chlásail:
    Is intofa chun oifig an Uachtaráin gach saoránach ag a bhfuil bliain agus fiche slán
    Sé an Coimisiún Reifrinn an fhoinse is fearr le haghaidh eolais ar na reifrinn. Níl ann ach na fíricí amháin.


    Beidh mé ag vótáil tá don dá reifreann. Is ábhair chomhionannais iad im’ thuairim. Ba chomhair an rogha céanna a thabhairt go gach éinne, pé gnéaschlaonadh atá acu. Pé gur dheisigh páirtnéireacht shibhialta a lán dos na neamhionannais, níor deisíodh gach uile rud. Agus ós rud é ná fuil cosaint an bhunreachta aici mar atá ag pósadh, d’fhéadfadh aon rialtas le tacaíocht an Oireachtais an reachtaíocht san a aisghair. Ní fhéadfaí é san a dhéanamh le reachtaíocht pósta, ós rud é go mbeadh sé míbhunreachtúil. Má éiríonn leis an leasú seo, tá súil agam go dtiocfaidh leathnú leis an teaghlach bunreachtúil. Ie, stádas bunreachtúil a thabhairt go dtí an teaghlach aontuiste is cearta bunreachtúla a thabhairt go aithreacha ná fuil pósta.

    Táim i bhfabhar an reifrinn fé haois an uachtaráin, mar ní aontaíom leis an aois atá ann fé láthair. Níl aon chiall leis, is aois randamach atá ann. Sé 21 íos-aois na dteachtaí dála agus is dóighl go mba chomhair an aois chéanna a bheith ann. Tá roinnt argóintí á cháineadh, msh pinsin a íoc go duine óg. Ach d’fhéadfaí é sin a réiteach le reachtaíocht nua, simplí. Tá sé an-dheacair ainmniú a fháil chun bheith i d’iarrthóir is níos deacair fós an toghchán a bhua. Fuair Michael D breis is milliún vóta sa toghchán is déanaí. Mar sin, ní bheadh sé puinn éasca do dhuine óg a bheith ina uachtarán. Éinne go mbeadh, is léir gur iontas polaitíochta é. Im’ thuairimse, ba chomhair go mbeadh an seans ag gach éinne is lig don phobal an t-iarrthóir is fearr a phiocadh sa toghchán.

    Déanfaidh mé iarracht vótáil ilrogha nó b’fhédir dhá vótáil scartha a chur leis an bpostáil sé, bunaithe ar an dá reifreann.

    Do dheineas botún le comhréir an téarma sna freagraí. "Comhionannas Pósta" go mba chomhair a bheadh ann. Tá na torthaí i bhfolach, comh maith. Do cheapas go rabhas ag cur na vótálaí i bhfolach. An bhféadfadh mod é a cheartú led' thoil?

    An bhfuil tú i bhfábhar na refrinn? 18 votes

    Tá - Pósadh Comhionannas
    0% 0 votes
    Níl - Pósadh Comhionannas
    61% 11 votes
    Tá - Aois an Uachtaráin
    5% 1 vote
    Níl - Aois an Uachtaráin
    33% 6 votes


Advertisement