Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Diúltaíonn an Taoiseach béarla a labhairt!

Comments

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Má an fearr, a Thaoisigh. Suíonn an tOireachtas thart ar céad lá sa bhliain. Níl ach lá amháin go gcaithfear gnó a dhéanamh trí Ghaoluinn.

    Níor Kenny a bhí ag iarraidh ama a mheilt, b'é Wallace.

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Fimíneach is ea an Taoiseach,dar liomsa.Eisean ag labhairt faoinár dteanga náisiúnta agus é fhéin agus a chairde ag iarraidh bás a chur air go mall,agus ní thacaíonn siad leis go deo.Tá an Ghaeilge ann anseo go brách,níl sé linn ar feadh lá beag amháin.

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Seasan wrote: »
    Fimíneach is ea an Taoiseach,dar liomsa.Eisean ag labhairt faoinár dteanga náisiúnta agus é fhéin agus a chairde ag iarraidh bás a chur air go mall,agus ní thacaíonn siad leis go deo.Tá an Ghaeilge ann anseo go brách,níl sé linn ar feadh lá beag amháin.

    Ar a laghad, tá lá amháin ar a ndéantar gnó trí Ghaoluinn. Aontaím leat maidir le Kenny is Fine Gael - ní cairde na nGael iad. Ach, ar a laghad, bhí meas aige don teanga ar an lá seo. Ní raibh an meas sin ag Wallace. Níl ach lá amháin sa bhliain trí Ghaoluinn agus ní raibh ach drochbhéasach é. "I'm sorry I don't speak Irish" a dúirt sé, dá mb'uaisle na hardaicme amháin a bhfuil Gaoluinn acu. Bhí lán fios aige go mbeadh Lá na Gaeilge ar siúl, níl trua ar bith agam gur deineadh amadán dó féin.

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Paz-CCFC wrote: »

    Tá an ceart agat faoin Bhailíseach.
    Ní dtaitníonn sé liom ach an oiread,agus cé nach bhfuil Gaeilge aige,is dócha go raibh fhios aige go raibh Lá na Gaeilge ag teacht chucu,agus bhí an t-am aige cúpla focal nó cúpla abairt a fhoghlaim le haghaidh an lá sin,ar a laghad,agus mar sin,i mo thuairimse féin,ní raibh leithscéal aige.

  • Registered Users Posts: 4,905 ✭✭✭Aard

    Má bhreathnaítear ar phairlimint na Breataine Bige ar an teilifís feictear go labhraíonn an chuid is mó dos na baill as Breatnais. Déantar aistriúcháin ansin díreach le haghaidh na teangan eile. Ba chóir é seo a dhéanamh sa Dáil mar riail. Ní bheadh Wallace ag cur amú ama, agus bheadh gach TD in ann cibé acu Gaeilge nó Béarla a úsáid am ar bith gur mian leo.

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 895 ✭✭✭Dughorm

    Aard wrote: »
    Má bhreathnaítear ar phairlimint na Breataine Bige ar an teilifís feictear go labhraíonn an chuid is mó dos na baill as Breatnais. Déantar aistriúcháin ansin díreach le haghaidh na teangan eile. Ba chóir é seo a dhéanamh sa Dáil mar riail. Ní bheadh Wallace ag cur amú ama, agus bheadh gach TD in ann cibé acu Gaeilge nó Béarla a úsáid am ar bith gur mian leo.

    Is iontach an smaoineamh é seo! Nach bhfuil cúirseanna againn san aistriúcháin le haghaidh an Aontas Eoraipeach.... is féidir linn bhaint a usáid ar na sciallanna sin sa bhaile chomh maith!

  • Registered Users Posts: 634 ✭✭✭Míshásta

    Aard wrote: »
    Má bhreathnaítear ar phairlimint na Breataine Bige ar an teilifís feictear go labhraíonn an chuid is mó dos na baill as Breatnais. Déantar aistriúcháin ansin díreach le haghaidh na teangan eile. Ba chóir é seo a dhéanamh sa Dáil mar riail. .

    Is é an Béarla gnáth-theanga Chomhthionól na Breataine Bige. Níl Breatnais líofa ach ag 11% de dhaonra na tíre sin, agus an uimhir sin ag titim i gcónaí

    Tá córas aistriúcháin sa Dáil cheana féin. Tá cead ag na Teachtaí Gaeilge nó Béarla a labhairt. Ní thuigim cén riail nua atá i gceist agat.

  • Registered Users Posts: 634 ✭✭✭Míshásta

    Seasan wrote: »
    Fimíneach is ea an Taoiseach,dar liomsa.Eisean ag labhairt faoinár dteanga náisiúnta agus é fhéin agus a chairde ag iarraidh bás a chur air go mall.

    Fastaoim amach is amach.

    Tá na polaisithe ceannainn céanna geall leis ag Fine Gael is atá ag na páirtithe eile.

    Is iad pobal na hÉireann atá ag cur bás leis an teanga. Ní féidir le rialtas ná páirtí ar bith rogha na ndaoine i leith na teanga a athrú.

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Míshásta wrote: »
    Fastaoim amach is amach.

    Tá na polaisithe ceannainn céanna geall leis ag Fine Gael is atá ag na páirtithe eile.

    Is iad pobal na hÉireann atá ag cur bás leis an teanga. Ní féidir le rialtas ná páirtí ar bith rogha na ndaoine i leith na teanga a athrú.

    Beidh na frith-Ghaeil linn i gcónaí,ar an drochuair.
    Ach cad atá le déanamh ag an Taoiseach agus an rialtas ar son na Gaeilge agus ar son na cúise?I ndáiríre,an bhfuil siadsan ag tacú nó ag cabhrú linn?

    Inis dom cén fáth ar éirigh Seán Ó Cuirreáin as a phost,agus nuair a shiúilamar na sráideanna ar son na Gaeilge agus ár gcearta,cad a rinne siad?
    Inis dom cén fáth a thugtar ard-phostanna don bheirt nach bhfuil líofa-sin iad Joe McHugh agus Heather Humphreys,airí na h-ealaíne,oidhreacht agus an Ghaeltacht.

    Sin iad cúpla sampla.Dála an scéal,níl seafóid á labhairt agamsa,a chara.

Advertisement