Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Ag lorg bhur dtuairimí faoi thuairim de mo chuid!

Options
  • 21-12-2014 10:47pm
    #1
    Registered Users Posts: 174 ✭✭


    Hi, (gabh mo leithscéal ar dtús faoin post fada)
    An tuairim atá agam ná chun ciorcal léitheoireachta /cómhrá a bhunú anseo i Maigh Nuad. Tá cúis simplí taobh thiar den tuairim.... É sin ná nach bhfuil cairde le Gaeilge agam agus go bhfuilim buartha go gcaillfidh mé í. Cosúil le go leor Gaeilgeoirí eile, chaith mé na blianta fada/ crua ag staidéar na teanga ar scoil/ san ollscoil agus ag an deireadh bhíos réasúnta sásta leis an gcaighdeán agus saibhreas teanga a bhain mé amach........... Ach anois.... Beagnach deich mbliana ó shin, bímse chomh gnóthach le gach rud eile a bhíonn le déanamh agam gach lá go gcaithim na míonna fada gan aird ar bith a thabhairt don Ghaeilge. Tá cineál náire is díomá orm fúm féin dá réir........ Tá a fhios agam nach bhfuil mo stór focal is frásaí chomh saibhir is a bhíodh tráth.

    So...... Tráthnóna inniu, d'fhéach mé den chéad uair le blianta fada ar mo chóip den leabhair álainn "An Peann Coitianta 2" le Liam Ó Muirthile. Ba chuid den liosta léitheoireachta ollscoile é agus an rud ba mhó a chuimhnigh mé faoi ón tréimhse sin ná an saibhreas a teanga binn a bhí ann. Tá sé lán le gearrscéalta deasa agus frásaí Gaeilge nach bhfuil ar fáil in aon téacsleabhar...... Gaeilge nádúrtha atá i gceist agus ba bhreá liom an foinse teanga seo a roinnt le daoine eile agus dá réir sin......
    Ba bhreá liom grúpa a chur le chéile (fiú i mo theach féin anseo i Maigh Nuad) chun é a léamh os ard le chéile, na scéalta a phlé agus an teanga saibhir atá ann a thabhairt faoi deara, a thuiscint agus a úsáid!!
    Agus dar ndóigh,,,, B'fhéidir go mbeadh tae/ deoch níos treise ar fáil freisin chomh maith le comhrá i ndiaidh an léitheoireachta ☺☺.

    So... Cad iad bhur dtuairimí? An dóigh libh mbeadh spéis ann?


Comments

  • Registered Users Posts: 211 ✭✭Emmser


    Maith thu! Is smaoineamh iontach e sin. Nil an leabhair sin ar eolas agam agus ni as maigh nuad me ach an oiread ach contae laoise. Ach mothaim mar an gceanna leatsa, is muinteoir gaeilge me ach ba bhrea liomsa ciorcal comhra a bhunu i mo cheantar. Rud amhain eile, thog se seo an iomarca ama a scriobh ar an iphone!


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Maith thú - tógfaidh sé am agus iarracht, ach má chuirtear an obair isteach ceapaim go mbeidh suim ann.

    An rud is deacair ná an focal a scapadh..


  • Registered Users Posts: 780 ✭✭✭craoltoir


    Bíonn ciorcal léitheoireachta sa Leabharlann Láir i mBaile Átha Cliath gach satharn ag 10.30am. Go pearsanta b'fhearr liom féin ciorcal comhrá.


Advertisement