Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Gryffindor's Study Log

Options
  • 15-11-2014 6:42pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 133 ✭✭


    This is probably just going to end up being a way for me to procrastinate even more, but I'm hoping documenting what I actually study might make me a bit more productive.
    I'm in sixth year and doing all honours. My subjects are

    - English
    - Irish
    - Maths
    - German
    - Biology
    - Chemistry
    - Geography

    I'm looking for an A1 in everything except maths, and hoping to have almost all revision done by Christmas. (I'm an optimist :o )


    Today I did
    - Revision of volumetric 1 (chem)
    - Started volumetric 2 (I've been sick all week and missed it)
    - Learned plate tectonics, earthquakes notes
    - Made volcanoes notes to learn later in the week
    - 2hrs of integration
    - Géibheann revision
    - Revised 'An Ghaelige' and Celebrity Culture as essay topics
    - Did the 2013 German listening comp and learned notes on Sprachenlearnen, Ausland and Auslaender
    - The Cell Structure and Diversity.

    Very happy so far I doubt it'll last very long. Coffee has become my only friend!


Comments

  • Closed Accounts Posts: 133 ✭✭Gryffindor


    I've decided to stick up some notes as I go along too. This is an irish essay on 'being proud of the language'. It's 100% my own so while I think the nathanna would be helpful to people I would appreciate if you didn't copy it word for word.

    An Ghaeilge – Ní mór dúinn a bheith bródúil aisti
    “Tír gan teanga, tír gan anam” a deir an seanfhocal agus cinnte is fíor é sin. Ní féidir a shéanadh ach gur seoid luachmhar agus cuid dár gcultúr í an ghaeilge, rud atá fréamhaithe i bhféiniúlacht, i spiorad agus i bhfiúntas na nGael. Gan aon agó tá sé de dhúghlas reachtúil orainn a bheith bródúil aisti agus í a chéiliúradh.
    Ceann de na teangacha is ársa ar domhain í an ghaeilge, a théann siar i bhfad roimh theacht na Críostaíochta. Tá an oidhreacht sin fréamhaithe i dteanga na Gaeilge, a mhúnlaigh agus a mhúnlaíonn meon agus dearcadh na nÉireannach le fada an lá. De ghnáth is í an teanga an ghné is tábhachtaí a dhéanann idirdhealú i gcúltúr. Mar sin, glacann an Ghaeilge páirt lárnach in aitheantas cúltúrtha náisiúnta na hÉireann. Is cuid dár bhféiniúlacht í, rud a shainíonn muid ón mBreatain agus ó Mheiriceá. Bheadh rud éigin sainiúil, bunúsach caillte ag an tír dá n-imeodh an ghaeilge. Caithfimid í a athmhúscailt, a athbheochaint agus a athchruthú, agus chun é sin a dhéanamh ní mór dúinn a bheith bródúil aisti.
    Is taisceadán é an cultúr gaelach ina bhfuil ár gcluichí náisiúnta, an ceol agus an rince tradisiúnta, scéalaíocht agus nósanna faoi ghlas. Tá nasc láidir idir ár dteanga dhúchais agus tradisiún na healaíona agus an litríocht, chuid eile dár n-oidhreacht ba chóir dúinn a bheith bródúil as. Is í an Ghaeilge eochair an taisceadáin seo. Aithnítear an Ghaeilge timpeall an domhain mar gheall ar na filí agus scríbhneoirí Gaeilge a bhíonn fós ag saothrú dánta agus próis inár dteanga dhúchais. Tá a fhios ag madraí na sráide go dtarraingíonn cultúr agus teanga daoine chun na hÉireann. Tá clú agus cáil orainn i ngach cearn den domhain mar gheall ar an teanga bríomhar, beomhar, ceolmhar a labhraímid.
    Léiríonn an spórt gur chúis bhroid í an Ghaeilge freisin. Tá an Cumann Lúthchleas Gael, eagraíocht gaelach atá bunaithe ar tradisiún agus stair ár dtír agus ár dteanga dhúchais, i mbarr a réime. Ní haon ionadh go bhfuil gach mac agus iníon máthair bródúil as. Tá clubanna peile Gaelacha agus iománaíochta le fáil ar fud na cruinne. Chuir sé gliondar croí ar gach Gaeilgeoir nuair a thug Dara Ó Cinnéide agus Seán óg ó hAilpín a n-óráidí iomlán trí mheán na Gaeilge nuair a bhuaigh siad craobh na hÉireann.
    Is iomaí tuar dóchais atá ann don teanga i láthair na huaire, a bhuíoch le tacaíocht na heagraíochta Gaeilge agus Gaeilgeoirí eile a bhí bródúil as a n-oidhreacht. Bhí an Gaeilge i mbéal an phobail le déanaí nuair a fuair sé stádas oifigiúil ón Aontas Eorpach. Ciallaíonn sin, go dtugtar stádas nua don Ghaeilge agus go mbeidh na doiciméid a bhaineann leis an Aontas Eorpach le fáil trí Ghaeilge freisin. Ba cheart dúinn go léir a bheith ag ceiliúradh go bhfuil an teanga beo beathach fós. Tá Coimisinéir Teanga againn anois freisin agus tá a lán deiseanna fostaíochta ar fáil do Ghaeilgeoirí na hÉireann freisin ag aistriú na ndoiciméad oifigiúil go léir agus spreagtar daoine Gaeilge a fhoghlaim mar sin. Chur an éacht seo an ghaeilge chun cinn ar fud na tíre agus anois tá sí faoi bhorradh agus faoi bhláth arís.
    Is a bhuíoch leis an chomhoibriú idir an rialtas agus na heagraíochtaí atá Gaeilge fós beo inniu ach sin ráite tá infheistíocht ag teastáil go géar chun cur chun cinn agus deá íomhá na teanga a neartú, a chaomhnú, a dhaingniú agus a chothú. Tá a háit féin tuillte aici inár sochaí. Ní mór dúinn go léir a bheith bródúil as an Ghaeilge, í a chéiliúradh agus í a labhairt go laethúil. Mar a deir a seanfhocal, “Beatha teanga í a labhairt.


Advertisement