Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Clubanna Gaeilge

Options
  • 07-05-2014 9:38pm
    #1
    Registered Users Posts: 78 ✭✭


    Hi,

    Rinne mé siúlóid amháin leis Na Cnocadóirí cúpla bliain ó shin - is grúpa iad a théann ar shiúlóidí sna sléibhte agus labhraíonn siad Gaeilge - bhí mé ag smaoineamh air seo - ba mhaith liom a bheith páirteach i gclub Gaeilge ina ndéanann siad gnáthimeachtaí trí Ghaeilge. Rinne mé Google air, ach ní fhaca mé aon rud ach amháin ciorcal cainte - an bhfuil aon rud eile ann? Agus an bhfuil an caifé Gaelach i mBAC imithe freisin?
    Táim lonnaithe i gCill Dara


Comments

  • Registered Users Posts: 780 ✭✭✭craoltoir


    Bíonn teacht le chéile ag grúpa a labhraíonn gaeilge gach satharn san Óstán Exchequer (thuas staighre sa bheár) i Sráid an Chiste, Baile Átha Cliath 2 ar an satharn ag tosnú ag a 2pm. (Tugtar an caifé gaealch ar an teacht le chéile seo)

    Bíonn drámaí gaeilge ar siúl ó am go chéile ag Aisteoirí Bulfin. Eagraíonn Pobal Chluain Tairbh turasanna trí mheán na gaeilge anois is arís (bhí an ceann deireanach chuig Ceatharlach an mhí seo caite. Bhí turas go Béal Feirste i mí an mhárta).

    Scaiptear eolas faoi na himeachtaí seo ag na ciorcail chomhrá de ghnáth agus bíonn eolas chomh maith ar an suíomh www.ionad.org .

    Mar a tharlaíonn sé beidh Éigse Chluain Tairbh ar siúl ón 10 Bealtaine go 18 Bealtaine.


Advertisement