Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.

Vótáil don Ghaeilge ar Duolingo

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire


    An áis maith é Duolingo?

    Níor úsáid mé riabh é..


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 186 ✭✭That username is already in use.


    Is ea, tá Duolingo go hiontach! Bain thusa triail as.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 186 ✭✭That username is already in use.


    Bhuaigh an Ghaeilge sa suirbhé!

    Duirt an Duolingo CEO “We will do this! Give us a few weeks.”

    :)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire


    Bua mór ag an Gaeilge!

    Tá iontas orm nach raibh bua ag teanga níos coitianta!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 186 ✭✭That username is already in use.


    Tá Duolingo ag lorg Gaeilgeoirí. Cláraigh anois agus scaip an scéal.

    http://incubator.duolingo.com/courses/ga/en/status


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    1908233_723079871069518_1108929934_n.png


  • Registered Users, Registered Users 2, Paid Member Posts: 9,055 ✭✭✭Ficheall


    Cén caighdeán "líofacht" a theastaíonn uathu, measann sibh?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    Ficheall wrote: »
    Cén caighdeán "líofacht" a theastaíonn uathu, measann sibh?

    Cheapainn gur daoine le Gaeilge dhúchasach a theastaíonn uathu faoi láthair, chun an cúrsa a leagan amach i gceart agus amach anseo bhféidir go mbeidh roinnt daoine eile ábalta cabhrú, fiú mura bhfuil Gaeilge 100% acu, ach ní anois. Measaim féin ar aon nós.

    Ó tharla nach iad foireann Duolingo féin atá á chur le chéile agus nach bhfuil aon Ghaeilge ag aon duine acu, bheadh faitíos orm nach mbeadh siad ábalta quality control ceart a dhéanamh. Tá súil agam go mbeidh an té atá ina bhfeighil go maith.

    Feicim go leor daoine ar Duolingo atá ag iarraidh cabhrú, ach tá sé soiléir nach bhfuil leibhéal maith acu. Tá sé iontach go bhfuil an oiread ag iarraidh cabhrú ach bheadh faitíos orm nach mbeadh caighdeán na Gaeilge sa gcúrsa iontach dá ligfidh cead dóibh uile baint a bheith acu leis ag an tráth seo.

    Beidh sé thar barr daoine mar sin a bheith ann chun go leor béite-thástáil a dhéanamh. Beidh siad sách cumasach go mbeidh siad ábalta fadhbanna a fheiceáil, nó botúin gramadaí fiú.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 186 ✭✭That username is already in use.


    Beidh an cúrsa ar fáil go luath!

    Cliceáil ar "Notify me when ready"

    https://www.duolingo.com/course/ga/en/Learn-Irish-Online

    :)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 186 ✭✭That username is already in use.


    Tá an cúrsa réidh anois, a chairde.

    https://www.duolingo.com/course/ga/e...n-Irish-Online


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    Chuaigh mé tríd roinnt de. An-mhaith i mo thuairimse.

    Níl sé críochnaithe in aon chor. Beta atá ann go fóil


  • Closed Accounts Posts: 27,944 ✭✭✭✭4zn76tysfajdxp


    Béidh sé sin iontach le haghaidh daltaí scoile, nuair atá sé ré. Tá súil agam go ndéanfadh go leor acú úsaid as.


  • Registered Users, Registered Users 2, Paid Member Posts: 1,529 ✭✭✭Paz-CCFC


    Béidh sé sin iontach le haghaidh daltaí scoile, nuair atá sé ré. Tá súil agam go ndéanfadh go leor acú úsaid as.

    Táimse féin ag baint taitnimh as, gan trácht ar na daltaí scoile!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    Béidh sé sin iontach le haghaidh daltaí scoile, nuair atá sé ré. Tá súil agam go ndéanfadh go leor acú úsaid as.

    Tá sé i beta fós gan dabht, ach tá sé thar a bheith go maith cheanna féin.

    Tá mé ag déanamh beagán gach lá chun cúnamh a thabhairt dóibh fadhbanna a aimsiú. (Ní duine den foireann mé)

    Bheadh sé iontach dá dtiocfadh tóir ar seo i measc daltaí agus múinteoirí sa tír.

    Tá leibhéal labhartha na teanga i measc ábhar múinteoirí a thagann chuig na Gaeltachtaí gach bliain agus iad sa choláiste agus beagnach cáilithe... go dona, den chuid is mó.

    Tá cíbe cúnamh atá gach duine sna scoileanna ábalta a fháil ag teastáil go géar.


Advertisement