Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Fuathchaint? Gearán chuig An Chomhairle Phreasa

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 625 ✭✭✭mr chips


    "Poll tóna"-chaint ... Ach tá an dearcadh sin coitianta go leor. Tá cuid mhór duine amuigh ansin nach féidir bheith sásta seachas go ndéanann siad a nimh a léiriú & a chothú, is cuma cén cúis - fad is go n-aimsíonn siad leithscéal le bheith ag tabhairt amach faoi cibé cinéal duine/dearcadh/gluaiseacht srl, beidh siad sásta. Ní bheadh sé ina chúis aontais agamsa an cinéal seirbhe sin a chloisteáil ón údar i leith an lucht siúl, nó daoine gan dídean, nó fiú comharsanaí s'aici nach ndéanann an charr a ghlanadh achan uile seachtain ... Feisigh léi!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Is alt uafásach leisciúil é sin.

    Ní mothaím go bhfuil coir déanta orm - ach bí cinnte nach beidh mé ag léamh an Limerick Leader arís nó Pádraigín ach an oiread..


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,034 ✭✭✭dalta5billion


    Scriosadh mo phost anseo.

    <SNIP>

    Seo post le níos mó fuathchaint agus ciníochas, sílim, ná an alt sa nuachtan.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Sea, níl ann le labhairt na Gaeilge ach "righteous...sense of entitlement". Féach ar an meon a bhí ag na Gaeil sa 19ú Aois. Do cheapadar go raibh bia, cearta na teangan a labhairt gan lámh a leagadh orthu agus comhionannas ós comhair an stáit. Is léir nárbh ann ach daoine ag gearán fé gach rud, ag a raibh drochmheon.

    Ní fuathchaint í. Níl ann ach caint amadáin.
    mr chips wrote: »
    cuid mhór duine amuigh ansin nach féidir bheith sásta seachas go ndéanann siad a nimh a léiriú & a chothú, is cuma cén cúis - fad is go n-aimsíonn siad leithscéal le bheith ag tabhairt amach faoi cibé cinéal duine/dearcadh/gluaiseacht srl, beidh siad sásta.


    Aontaím go bhfuil an saghas duine ansin, ach ní aontaím gur cuid mhór atá ann. I mo thuairimse, tá i bhfad níos mó duine go huile is go hiomlán i bhfabhar na Gaeilge ná iad san atá glan ina haghaidh. An formhór, is dóighl, is daoine ann gur maith leo an Ghaeilge go pointe áirithe, ach níl mórán suim acu ar an iomlán. An meon thuas, is dóigh liom gur taobh thiar den eocharchláir é don chuid is mó (is príomhshampla í na snáitheanna ar After Hours). Níor chuala mé riamh é san fhíordhomhain.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Seo post le níos mó fuathchaint agus ciníochas, sílim, ná an alt sa nuachtan.

    Aontaím leat gur post amadach é sin freisin..


    (Ach ní cine iad daoine a thógadh trí Bhéarla ach an oiread :pac: )


  • Advertisement
  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,972 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Scriosadh mo phost anseo.



    Seo post le níos mó fuathchaint agus ciníochas, sílim, ná an alt sa nuachtan.

    Ní raibh ciníochas ar bith sa phostáil sin. Scriosadh do phostáil mar bhí tú ag dul thar fóir leis an gcur i leith sin.

    Má tá fadhb agat le rud éigin ar an bhfóram seo, bain úsáid as an gcnaipe "Report Post". Ná bí ag tarraingt árgóint ó snáithe eile isteach sa snáithe seo.

    Rabhadh deireanach.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,406 ✭✭✭DyldeBrill


    An bhfuil an alt seo léite ag éinne? Táim ar buile théis é a léamh. Conas atá duine in ann bheith chomh aineolach faoi rud éigean atá chomh tábhachtach do mór chuid an tír seo. An t-aon rud atá déanta ag údar anseo ná ag caitheamh aníos ar an dteanga. Táim lán sásta argóint a chloisteáil atá cothrom agus mar sin de ach níl ann anseo ach ráiméis!

    http://www.limerickleader.ie/news/opinion-our-next-storm-is-coming-from-the-gaeltacht-1-5888753


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir


    Bíonn altanna agus litreacha maslacha faoin ngaeilge agus a lucht labhartha sna nuachtáin go rialta.Tá daoine ann gur fuath leo an ghaeilge ar chúis éigin agus nach n-athróidh a n-intinn go brách.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,406 ✭✭✭DyldeBrill


    craoltoir wrote: »
    Bíonn altanna agus litreacha maslacha faoin ngaeilge agus a lucht labhartha sna nuachtáin go rialta.Tá daoine ann gur fuath leo an ghaeilge ar chúis éigin agus nach n-athróidh a n-intinn go brách.

    Fíor sin, ach níl aon rud mar seo feicthe agam go dtí seo. Sea, tá chuid mhaith rudaí maslacha feicthe agam faoi an Ghaeilge, ach níl aon rud feicthe agam leis an méid fuath is atá sa sliocht atá scríobtha aici anseo.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 625 ✭✭✭mr chips


    Paz-CCFC wrote: »

    Aontaím go bhfuil an saghas duine ansin, ach ní aontaím gur cuid mhór atá ann. I mo thuairimse, tá i bhfad níos mó duine go huile is go hiomlán i bhfabhar na Gaeilge ná iad san atá glan ina haghaidh. An formhór, is dóighl, is daoine ann gur maith leo an Ghaeilge go pointe áirithe, ach níl mórán suim acu ar an iomlán. An meon thuas, is dóigh liom gur taobh thiar den eocharchláir é don chuid is mó (is príomhshampla í na snáitheanna ar After Hours). Níor chuala mé riamh é san fhíordhomhain.

    Maith thú (i ndáiríre!), tá dearcadh níos dearfaí agatsa i leith an phobal ná mar atá agam féin na laethanta seo. Is dócha go bhfuil mo thuairim níos diúltaí mar gheall ar an taithí a bhíonn agam ó am go chéile. Bímse féin agus mo bheansa ag labhairt i nGaeilge don chuid is mó - bíodh muid sa bhaile nó amuigh i mbialann nó ag cóisir nó mar sin. Ní ionann sin agus a rá go ndéanfadh muid duine gan Gaeilge a dhruidim amuigh as an comhrá - a mhalairt ar fad, tá muid breá sásta Béarla a labhairt i gcomhluadar gan Gaeilge agus is minic fiú a bheadh muid amuigh gan Gaeilge a labhairt ar chor ar bith. Linn féin áfach, nó i gcomhluadar lucht labhartha Gaeilge, ní gá cloí leis an Bhéarla ...

    Áfach, ó am go chéile seans go gcloisfeadh duine muid ag labhairt go ciúin/go príobhaideach lena chéile agus spreagfadh sé sin an gnáth óráid - "jaysus, are youse speaking Irish? Fuk, I hated that when I was in school", nó mar sin. Is cuimhin liom go maith cailín amháin do mo cheistiú (nó b'fhéidir diancheistiú!) ar na fáthanna a bheadh agam an teanga a úsáid. Níorbh é gur spreagadh fiosracht dearfach éigin inti - ba dúshlán é seo in éadan úsáid na Gaeilge ar fad. Níor leor di "is maith liom an teanga / rogha pearsanta atá ann" srl - "Yeah but it's not NECESSARY, why should people have to learn it at all ..."

    Cosúil leis na hóglaigh eochairchláir a luaigh tú, ní gá domh ach neamhaird a dhéanamh ar a leithéid cibé - mar a dúirt mé thuas, feisigh léi! - agus coinnigh ag dul ar mo bhealach féin. Ach tarlaíonn sé minic go leor (agamsa, ar a laghad) le léiriú domh nach fíor mhionchéatadán iad a mhacasamhail.


  • Advertisement
  • Administrators, Entertainment Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 18,774 Admin ✭✭✭✭✭hullaballoo


    Ní tharlaíonn é seo go minic sa fóram seo ach tá snáth eile ar an t-ábhar seo cheanna! Dá bhrí sin, cuirfidh mé le chéile na snáithe.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    mr chips wrote: »
    Maith thú (i ndáiríre!), tá dearcadh níos dearfaí agatsa i leith an phobal ná mar atá agam féin na laethanta seo.

    Bhuel, b'fhéidir go rabhas an iomarca míchruinn leis an ráiteas a thugas. Ag féachaint ar an daonáireamh, deirtear go bhfuil timpeall 45% den tír ag a bhfuil Gaeilge acu. Ar ndóigh, níleadar go léir líofa. Tá cúpla fén gcéad líofa, b'fhéidir, agus tá daoine le leibhéil éagsúla. Ach, ar a laghad, níl aon dabht go bhfuil meon dearfach acu leis an teanga - muna mbeadh, ní chuirfidís ar an bhfoirm go bhfuil Gaeilge acu. Ar an taobh eile, tá timpeall 55% nach bhfuil an Ghaeilge acu. A fhormhór, is dóighl, is cuma sa tsioc leo. I ndáiríre, seans go bhfuil beagáinín acu, ach is cuma leo. Freisin, laistigh den uimhir sin, tá daoine gur fuath leo í.

    Mar sin, tá dhá mhór-ghrúpa den fhormhór - iad san gur maith leo an teanga agus iad san gur cuma leo, an dara ceann beagáinín níos mó. Ansan, tá dhá ghrúpa eile - na Gaeilgeoirí agus iad san atá glan ina n-aghaidh. I mo thuairimse, tá níos mó Gaeilgeoirí ann. Tá timpeall céad míle ag a bhfuil Gaeilge líofa acu, a úsáideann í lasmuigh den scoil. Ní dóigh liom go bhfuil an méad céanna daoine gur fuath leo an teanga. Mar sin, is dóigh liom go bhfuil na daoine nach ndéanann damáiste di (Gaeilgeoirí + daoine gur maith leo an Ghaeilge beagáinín + daoine gur cuma leo) sa tromlach ollmhór.

    Áfach, ó am go chéile seans go gcloisfeadh duine muid ag labhairt go ciúin/go príobhaideach lena chéile agus spreagfadh sé sin an gnáth óráid - "jaysus, are youse speaking Irish? Fuk, I hated that when I was in school", nó mar sin.
    Sin an fhadhb. Ceapann daoine mar sin gur ábhar scoile í agus sin uile. Níl a fhios acu gur teanga beo í.
    Is cuimhin liom go maith cailín amháin do mo cheistiú (nó b'fhéidir diancheistiú!) ar na fáthanna a bheadh agam an teanga a úsáid. Níorbh é gur spreagadh fiosracht dearfach éigin inti - ba dúshlán é seo in éadan úsáid na Gaeilge ar fad. Níor leor di "is maith liom an teanga / rogha pearsanta atá ann" srl - "Yeah but it's not NECESSARY, why should people have to learn it at all ..."
    In ainm Dé, do bhí cic sa tóin tuillte aici. Í ag tabhairt amach fén chaoi ina múintear an teanga, agus í ag taispeáint an meon céanna ag iarraidh iallach a chur ar dhaoine gan an Ghaeilge a labhairt.
    Cosúil leis na hóglaigh eochairchláir a luaigh tú, ní gá domh ach neamhaird a dhéanamh ar a leithéid cibé - mar a dúirt mé thuas, feisigh léi!
    Is aoibhinn liom an frása sin!
    - agus coinnigh ag dul ar mo bhealach féin. Ach tarlaíonn sé minic go leor (agamsa, ar a laghad) le léiriú domh nach fíor mhionchéatadán iad a mhacasamhail.
    Is oth liom gur seo an taithí atá agat. Níor cheart go dtarlódh sé. Níl ann ach idirdhealú.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,034 ✭✭✭dalta5billion


    An File wrote: »
    Ní raibh ciníochas ar bith sa phostáil sin. Scriosadh do phostáil mar bhí tú ag dul thar fóir leis an gcur i leith sin.

    Má tá fadhb agat le rud éigin ar an bhfóram seo, bain úsáid as an gcnaipe "Report Post". Ná bí ag tarraingt árgóint ó snáithe eile isteach sa snáithe seo.

    Rabhadh deireanach.

    Níorbh argóint a bhí ann. B'ach sampla é don phointe a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh.

    Táim ach ag rá, go bhfeiceann súil ghlas saol glas. Más fuathchaint é an alt sa Limerick Leader (mar atá an OP ag plé le), is féidir a rá freisin go bhfuil daoine ar an fhóram seo (Gaeilgeoirí) ag labhairt fuathchaint freisin. Sin mo thuairim.


  • Administrators, Entertainment Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 18,774 Admin ✭✭✭✭✭hullaballoo


    Níorbh argóint a bhí ann. B'ach sampla é don phointe a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh.

    Táim ach ag rá, go bhfeiceann súil ghlas saol glas. Más fuathchaint é an alt sa Limerick Leader (mar atá an OP ag plé le), is féidir a rá freisin go bhfuil daoine ar an fhóram seo (Gaeilgeoirí) ag labhairt fuathchaint freisin. Sin mo thuairim.

    Ní féidir ceist a cur ar cinneadh déanta ag modhnóir ar an bhfóram, le do thoil.

    Anuas ar sin, níl cead ionsaithe pearsanta a dhéanamh in aghaidh daoine eile atá ar an bhfóram.

    Ní beidh rabhadh eile.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,159 ✭✭✭deirdremf


    mr chips wrote: »
    Áfach, ó am go chéile seans go gcloisfeadh duine muid ag labhairt go ciúin/go príobhaideach lena chéile agus spreagfadh sé sin an gnáth óráid - "jaysus, are youse speaking Irish? Fuk, I hated that when I was in school", nó mar sin.
    An freagra atá agam ar sin ná "I've grown up since I left school."


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 625 ✭✭✭mr chips


    Aontaím!! An rud atá ann, shílfeá ón méid gearáin a dhéanann roinnt duine go ndearnadh dochar siceolaíoch de chineál éigin orthu mar gheall ar fhoghlaim na Gaeilge ar scoil. B'fhuath liomsa mata, staidéir ghnó agus cúpla ábhar eile nuair a bhí mé i mo dhalta scoile, ach idir sin agus seo níor mhothaigh mé a riamh gur gá dom teiripe a chuartú ina leith ... :rolleyes:


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    An freagra a bheadh agam ná mo dhroim a chur léi agus siúil liom.


Advertisement