Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.

"Erin Go Bragh"??

  • 05-02-2014 12:01AM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,714 ✭✭✭


    Haigh,a chairde,

    Chonaic mé bratach ar suíomh eile,agus bhí pictiúr cláirseach leis an mbandia Ériu ann-ach scríofa faoin bpictiúr bhí
    "Erin Go Bragh".

    An bhfuil sé sin go hiomlán ceart?
    Mar is é mo thuairim féin go bhfuil na focail agus an litríocht níos cosúil le aistriúcháin as Gàilig na h-Alba,a bheadh mar seo:

    "Èirinn Gu Bràgh".

    Tá bratach Trídhathach agam agus cúpla bliain ó shin thóg mé é go dtí siopa t-léinte i Luimneach agus chuir siad na focail "Éire Go Brách" air-mar scríobh mé na focail síos ar píosa páipéar agus thaispeáin mé dóibh é.

    Cad a cheapann sibh-an bhfuil an téarma "Éire Go Brách" an téarma ceart,nó an ndéanann sé difríocht in aon chor?

    Siúl leat, siúl leat, le dóchas i do chroí, is ní shiúlfaidh tú i d'aonar go deo.



Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Is dócha go bhfuil "Éire go brách" ceart de reir an chaighdeáin chomhaimseartha.

    Ach níl an leagan "Erin go bragh" mícheart ach an ioraid. Is leagan Béarlaithe ón naoiú aois déag atá ann. Úsáidtear an tuiseal tabharthach "Éireann" go minic mar an tuiseal ainmneach in ionad "Éire".

    Tá stair ársa ag baint leis an leagan "Erin go bragh". Tá sé go hiomlán ceart sa chomhthéics stairiúil im' thuairimse.

    Tuilleadh eolais anseo: http://en.wikipedia.org/wiki/Erin_go_bragh


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 93 ✭✭Aethan Dor


    Creidim go bhfuil Erin micheart agus ba choir e a litriu Eireann !

    Mar ata thuas

    Chomh maith leis sin ni feidir liom buiochas a cheapann Meirceanaigh againn go leir ra e ach i riamh a chloisteail anseo

    (Ta bron orm ach nil fhios agam conas a dheanamh 'fadas' ar mo iPad)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir


    Coimeád do mhéar ar an scáileán, brúigh í in airde agus ba cheart go mbeadh an rogha agat an litir le fada a úsáid.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 93 ✭✭Aethan Dor


    Ah, go raibh míle míle maith agat


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Míshásta wrote: »
    Is dócha go bhfuil "Éire go brách" ceart de reir an chaighdeáin chomhaimseartha.

    Ach níl an leagan "Erin go bragh" mícheart ach an ioraid. Is leagan Béarlaithe ón naoiú aois déag atá ann. Úsáidtear an tuiseal tabharthach "Éireann" go minic mar an tuiseal ainmneach in ionad "Éire".

    Tá stair ársa ag baint leis an leagan "Erin go bragh". Tá sé go hiomlán ceart sa chomhthéics stairiúil im' thuairimse.

    Tuilleadh eolais anseo: http://en.wikipedia.org/wiki/Erin_go_bragh

    Gabh mo leithscéal, dheineas botún sa phost thuas.

    Is é "Éirinn" an tuiseal tabharthach ceart.

    Éireann - tuiseal ginideach.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,714 ✭✭✭An Riabhach


    Míshásta wrote: »
    Gabh mo leithscéal, dheineas botún sa phost thuas.

    Is é "Éirinn" an tuiseal tabharthach ceart.

    Éireann - tuiseal ginideach.

    Ar nós

    ...in Éirinn

    ...na hÉireann

    Siúl leat, siúl leat, le dóchas i do chroí, is ní shiúlfaidh tú i d'aonar go deo.



Advertisement