Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Réabhóid na Gaeilge i 2014?

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir

    De réir na tuairisce ar an gcruinniú a craoladh ar nuacht TG4 bhí 200 duine i láthair.

    Is beag éilimh a bhíonn ar sheirbhísí i ngaeilge. Ar ndóigh braitheann go leor daoine nach fiú an dua a bhíonn ort a chur ort féin chun seirbhís i ngaeilge a fháil, mar más amhlaidh gur dhein tú iarracht plé i ngaeilge leis an státchóras, de ghnáth ní bheidh fáilte romhat.

    Ar an dtaobh eile den scéal dá mbeadh abair leathmhilliún gaeilgeoir sa tír agus an ghaeilge á úsáid mar ghnáth theanga acu ba cheart go mbeadh seirbhís i ngaeilge ar fáil, mar bheadh sciar maith den phobal a mbeadh líofacht acu sa ghaeilge.

    Beidh ag éirí leis an ngaeilge nuair a bheas gnólachtaí móra príobháideacha, chomh maith leis an státchóras, ag cuir seirbhísí ar fáil sa dá theanga oifigiúil. I láthair na huaire ní dóigh liom go dtárlódh sé seo muna mbeadh méadú mór ar líon na ndaoine a bheadh ag iarraidh gnó a dhéanamh sa chéad theanga oifigiúil.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Ní ceap mé go mbeidh 200 daoine ann. Tá sin a lán daoine a mothaíonn go láidear faoi seo..

    Tá an ceart agat go bhfuil gá ar níos mó daoine Gaeilge a labhairt roibh a chuirtear áiseanna ar fáil go forleathan.

    Ar an taobh eile don scéal, an gceapann tú go mbeidh agóidí i mbliana faoi stadas an teanga? Agus an fiú agóidí, nuair nach bhfuil an airgead timpeall chun tacú leis an teanga?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 542 ✭✭✭GaelMise

    Grudaire wrote: »

    Tá sé i gceist acu agóid a dhéanamh ar an 15ú Feabhra.
    Ní ceist airgead atá ann, is é an cheist ná thoill polatíochta agus dea bainistiú.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    GaelMise wrote: »
    Tá sé i gceist acu agóid a dhéanamh ar an 15ú Feabhra.
    Ní ceist airgead atá ann, is é an cheist ná thoill polatíochta agus dea bainistiú.

    Aontaím leat faoi an easpa thoill polataíochta agus easpa bainistiú. Nílim ach ag iarraidh comhrá a spreagadh!

    Ag an am céanna tá costas ag baint me eagrachtaí Mar an coimisinéir agus Dar le roinnt daoine is chur amú airgead é.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 542 ✭✭✭GaelMise

    Grudaire wrote: »
    Aontaím leat faoi an easpa thoill polataíochta agus easpa bainistiú. Nílim ach ag iarraidh comhrá a spreagadh!

    Ag an am céanna tá costas ag baint me eagrachtaí Mar an coimisinéir agus Dar le roinnt daoine is chur amú airgead é.

    Tá oifig an Coimisineir Teanga ceann de na hoifigí stáit is saiore sa tír. Níl ach E600,000 aige mar buiséid.
    Bíonn daoine ag gearráin i gcónaí faoi dlíthe curtha tríd an Dáil gan iad a bheith curtha i bhfeidhm go deo. Sa chás seo tá an dlí á gcur i bhfeidhm go héifeachtach ag an gcoimisineir agus fós níl siad sásta.

    Dar leo gur cur amu ama agus airgead atá ann, is iad na daoine céanna a mbíonn á ra gur teanga marbh ata ann, nó ba cheart go mbeadh sé marbh. Ní bíonn muid ag éisteacht leis an seafóid sin, ní cóir dúinn a bheith ag éisteacht leis an seafóid seo atá acu faoin gcoimisineir.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    GaelMise wrote: »
    Tá oifig an Coimisineir Teanga ceann de na hoifigí stáit is saiore sa tír. Níl ach E600,000 aige mar buiséid.
    Bíonn daoine ag gearráin i gcónaí faoi dlíthe curtha tríd an Dáil gan iad a bheith curtha i bhfeidhm go deo. Sa chás seo tá an dlí á gcur i bhfeidhm go héifeachtach ag an gcoimisineir agus fós níl siad sásta.

    Dar leo gur cur amu ama agus airgead atá ann, is iad na daoine céanna a mbíonn á ra gur teanga marbh ata ann, nó ba cheart go mbeadh sé marbh. Ní bíonn muid ag éisteacht leis an seafóid sin, ní cóir dúinn a bheith ag éisteacht leis an seafóid seo atá acu faoin gcoimisineir.

    Roinnt smaointe faoi sin:
    • Dar liomsa - is cur amú airgead é go bhfuil gá Coimisinéir Teanga a beidh ann. Dá ndéanfaidh gach duine atá foistithe ag an rialtas a phost i gceart beidh áiseanna agus séirbhísí le fáil as Gaeilge..
    • Tá fios agam go bhfuil naimhde na Gaeilge lán sásta argóint faoi chuile Euro atá caite ar an teanga - ach caithfimid argóint leo faoi seo. Is ábhar polaitiúil é seo, agus muna bhfuil an daonra sásta leis an méid airgead atá caite beidh feadhb againn..
    • An bhfuil an airgead atá caite ar an Gaeilge chur sna áiteanna is fearr? Ní léir dom go bhfuil an airgead úsáidte go héifeachtach..

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 542 ✭✭✭GaelMise

    Grudaire wrote: »
    Roinnt smaointe faoi sin:
    • Dar liomsa - is cur amú airgead é go bhfuil gá Coimisinéir Teanga a beidh ann. Dá ndéanfaidh gach duine atá foistithe ag an rialtas a phost i gceart beidh áiseanna agus séirbhísí le fáil as Gaeilge..
    • Tá fios agam go bhfuil naimhde na Gaeilge lán sásta argóint faoi chuile Euro atá caite ar an teanga - ach caithfimid argóint leo faoi seo. Is ábhar polaitiúil é seo, agus muna bhfuil an daonra sásta leis an méid airgead atá caite beidh feadhb againn..
    • An bhfuil an airgead atá caite ar an Gaeilge chur sna áiteanna is fearr? Ní léir dom go bhfuil an airgead úsáidte go héifeachtach..

    Ní aointím leat faoin gcoimisinéir teanga, bhí breis is seachtó bliain againn gan an Coimisinéir teanga agus is beag a méid seirbhísí as Gaeilge a bhí ar fáil, leis an coimisinéir is féidir daoine le Gaeilge a chuid cearta a fháil agus gan a bheith ag braith ar deathoill an státcóras.
    Is leagan amach cómonta i dtíortha eile chun cearta teanga a chosaint, agus bíonn Ombudsman i reimsí eile éifeachtach chun cearta an phobal a chosaint. Ombudsman na nGardaí cur i gcás, ní bheadh ga leis dá raibh na Gardaí uile ag déanamh an jab i gceart, ní bheadh gá leis, ach ní sé realíoc a bheith ag siúl nach mbeiidh droch Garda agat go deo.
    Beidh sé go brea dá raibh fostaithe an stáit sásta an jab a dhéanamh i gceart agus seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge, ach céard mar gheall ar na casanna nuair nach bhfuil siad? Is e sin ról an Coimisinéir.

    Níl gá argóint le daoine nach bhfuil suim acu ach amháin an teanga a ionsaí. Is beag an méid daoine ata glan in aghaidh na Gaeilge agus ta sé i bhfad níos fearr neamhaird a thabhairt dóibh. Tá daoine eile ann nach bhfuil in aghaidh na Gaeilge gan dabht, agus ní mór dúinn a bheith ag plé leo siúd agus ár gcás a chur treasna i gceart, ach níl fiú é a bheith ag caint le daoine atá ag iarradh fail reidh leis an teanga.

    Mar gheall leis an airgead, bíonn airgead curtha amú, gan dabht, ach is é an coimisinéir ceann de na daoine is fearr a bhí againn chun aird a tharringt ar cásanna ina raibh airgead curtha amú gan éifeacht. Gan Coimisinéir Teanga, is i ndonas a bheadh an scéal ag dul.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Ceapaim nár scríobh mé an céad pointe i gceart, mar tá mé ag iarraidh an rud céanna a rá :pac:

    Ní amháin daoine atá ag iarraidh an teanga a ionsaí a ceapann gur cur amú airgead í an teanga agus ról an coimisinéir. Ní cóir duit iad a chur san bhosca céanna agus gan bacadh leo..

    Faoi mar a thuigim tá an bhfeachtas atá luaite thuas ag iarraidh níos mó ná coimisinéir teanga nua a chur i bhfeidhm..

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    A Ghrudaire, an é an tuairim atá á chur in iúl agat ná nár chomhair go mbeadh Coimisinéir Teanga ann mar níor chomhair go mbeadh earnáil áirithe den státseirbhís ag dul in aghaidh a dhualgas ar son na Gaeilge? Aontaím nár chomhair, ach an fhírinne ná go bhfuiltear.

    Is mó an cás atá cloiste ag na cúirteanna maidir le teip an Stát ina dhualgais bunreachtúil. Mar shampla, chin an Chúirt Uachtarach i 2001 go gcaithfear gach Acht an Oireachtais, más rud é go bhfuil téacs Béarla arna síniú ag an Uachtarán, a aistriú go Gaeilge. Cinneadh go mba chomhair spásas a thabhairt chun an riaráiste a ghlanadh. Beagnach trí bhliain déag ina dhiaidh agus tá an riaráiste sin fós ann.

    Is léir gur cuma sa tsioc le teascóga áirithe faoina dhualgais agus caithfear fáil réidh leis an meon seo. Ba mhó an chabhair é an Coimisinéir go dtí seo agus is mó an chabhair sa todhchaí, más rud é go dtabharfar an tacaíocht agus an t-aitheantas atá tuilte aige agus ag an nGaelainn.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Aontaím leat a Paz - an rud ná go mbeidh mé (go phearsanta) sásta gan coimisinéir - dá mbeadh na seirbhísí ar fáil as Gaeilge.

    Feicim ar twitter go bhfuil an gConradh ag iarraidh agóid ar an 15 Feabhra - ní beidh mé san tír ar an lá áfach. An gceapann sibh go mbeidh slua mór ann?

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 542 ✭✭✭GaelMise

    Grudaire wrote: »
    Aontaím leat a Paz - an rud ná go mbeidh mé (go phearsanta) sásta gan coimisinéir - dá mbeadh na seirbhísí ar fáil as Gaeilge.

    Feicim ar twitter go bhfuil an gConradh ag iarraidh agóid ar an 15 Feabhra - ní beidh mé san tír ar an lá áfach. An gceapann sibh go mbeidh slua mór ann?

    Bheadh mé féin sásta sa chás sin, ach ní dóigh liom go mbeidh tú in ann na seirbhísí a fáil gan deacracht mar sin gan an Coimisinéir.

    Tá siúl agam go mbeidh mé i láthair. An bhfuil fhios agat cé mhéad a bhí ag an agóid siar i 2004?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Tá súil agam go dtiocfaidh lá nuair a beidh cearta teanga againn in Éireann

    Ní chuimhin liom an agóid i 2004..

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Grudaire wrote: »
    Aontaím leat a Paz - an rud ná go mbeidh mé (go phearsanta) sásta gan coimisinéir - dá mbeadh na seirbhísí ar fáil as Gaeilge.

    Feicim ar twitter go bhfuil an gConradh ag iarraidh agóid ar an 15 Feabhra - ní beidh mé san tír ar an lá áfach. An gceapann sibh go mbeidh slua mór ann?

    An-mhaith. An é Bleá Cliath ina mbeidh sé ar siúl? Le cúnamh Dé, agóid chuiditheach a bheidh ann. Is maith an rud é gur eagraíocht chreidiúnach mar an gConradh atá ina ceannas.

    Déarfain go mbeidh an fóram Béarla plódaithe leis na gnáth begrudgers agus lena mbréagfhearg agus mbréagaisnéis.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine

    GaelMise wrote: »
    An bhfuil fhios agat cé mhéad a bhí ag an agóid siar i 2004?

    Ghlac mé féin páirt sa mhórshiúil go Dáil Éireann in Aibreán 2004 fá choinne Stádas na Gaeilge sa Eoraip. 6,ooo an tuairim a bhí ann maidir le tinreamh. Chuaigh sciar mhaith as an méid sin go Club an Chonartha ina dhiaidh. Bhí ceiliúradh go maidin mar bhí achan duine dóchasach.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 542 ✭✭✭GaelMise

    Ghlac mé féin páirt sa mhórshiúil go Dáil Éireann in Aibreán 2004 fá choinne Stádas na Gaeilge sa Eoraip. 6,ooo an tuairim a bhí ann maidir le tinreamh. Chuaigh sciar mhaith as an méid sin go Club an Chonartha ina dhiaidh. Bhí ceiliúradh go maidin mar bhí achan duine dóchasach.

    An bhfuil sé i gceist agat teacht amach ar an 15ú feabhra?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine

    GaelMise wrote: »
    An bhfuil sé i gceist agat teacht amach ar an 15ú feabhra?

    Má tá mé saor, rachaidh mé cinnte. Tá dualgaisí eile orm nach raibh ag an tráth sin.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 542 ✭✭✭GaelMise

    Má tá mé saor, rachaidh mé cinnte. Tá dualgaisí eile orm nach raibh ag an tráth sin.

    GTA V? :pac:

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine

    GaelMise wrote: »
    GTA V? :pac:

    Tá Rockstar North iontach dian orm :mad:

Advertisement