Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.

Ros na Rún

  • 17-10-2013 12:48AM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,085 ✭✭✭


    An mbíonn sibh ag féachaint ar seo? Ceapaim go bhfuil sé go hiontach faoi láthair. Thaitinn an scéal faoi Nathan Carter go mór liom - an bhfuil a fhios agaibh gur scríobh Bob Dylan an curfá den amhráin sin "Rock me mama" ar an gcéad dul síos.

    Tá Róise tar éis a scéal go léir a insint do Mhac anois agus í ar meisce - beidh craic faoi seo le Cathal.

    Smaointí éinne?


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Is seó iontach é cinnte ach faraor ní bhreathnaím air go minic anois mar gheall ar mo ghasúir bheaga!:(


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,714 ✭✭✭An Riabhach


    Poll Dubh wrote: »
    Is seó iontach é cinnte ach faraor ní bhreathnaím air go minic anois mar gheall ar mo ghasúir bheaga!:(

    Bíonn an ollchlár ag seoladh gach oíche Dé Domhnaigh ag leathuair tar éis a deich agus mar sin b'fhéidir go bhfuil tú ábalta é a fheiceáil-am luí a bheidh ag do ghasúir :-)

    Sea-tá Ros Na Rún thar cionn ar fad.Ach cuireann cúpla aisteoirí isteach orm-Lochlainn Ó Mearáin(Dara) agus Linda Ní Bhreathnach(Róise),mar tá cuma "posh" ag a gcainiúint Gaeilge nach raibh ann riamh,agus mar sin tá sé deacair a bheith ag éisteacht leo....

    Siúl leat, siúl leat, le dóchas i do chroí, is ní shiúlfaidh tú i d'aonar go deo.



  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 134 ✭✭An Sionnach Glic


    Tá cainéal oifigiúil an chláir ar YouTube ag cur Shraith 1 ar fáil (gan fotheidil éigeanteacha i mBéarla) de réir a chéile i láthair na huaire agus deir siad go ndéanfar an rud céanna i gcás Shraith 2 má tá an t-éileamh ann (féach na tráchtanna faoi Eipeasóid 1/2).

    https://www.youtube.com/user/rosnarun96


Advertisement