Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.

Iomáint

  • 09-09-2013 10:59PM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 49


    Nach iontach an cluiche iomána abhí againn inné i bPáirc an Chrócaigh nuair a thug muintir an Chláir agus muintir Chorcaí aghaidh ar a chéile.

    Bhí crógacht, usaileacht, fearúlacht, diongbháilteacht, laochas, dochloíteacht, macánacht, ard chaighdeán imeartha, scileanna dochreidte, fuinneamh osnádúrtha na nimreoirí, ádh agus mí ádh le fáil. Gan rian den tciniciúileacht le feiceáil.

    A leithéid de choimhlint nirt is aicillíochta. Gaiscígh an dá thaobh ag sciobadh na liathróide óna chéile agus á tabhairt ar bhois chamáin fiche nó tríocha slat leo ar aghaidh agus á cur caol díreach thar an trasnán nó isteach sa líontán. Davy agus Jimmy ag gríosadh na nimreoirí chun breis fuinnimh is nirt a chur san imirt. Mar a dúirt Ger Loughnane ar an teilifís aréir "lá dár saol abhí ann"

    Tá ardmholadh tuilte ag na Clárínigh agus ag na Corcaígh as an sár thaispéantas a thugadar dúinn.

    Fathach fir ab ea gach duine abhí ar an bpáirc imeartha inné.


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire


    Ba chluiche iontach é. Bhí an aclaiocht agus iarracht a chur gach uile imreoir isteach sásúil chun breathnú ar.

    An gceapann tú go mbeidh Corcaigh nios fearr i gceann trí seachtaine?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 850 ✭✭✭Agus


    Cliste wrote: »
    Ba chluiche iontach é. Bhí an aclaiocht agus iarracht a chur gach uile imreoir isteach sásúil chun breathnú ar.

    An gceapann tú go mbeidh Corcaigh nios fearr i gceann trí seachtaine?

    Is dóigh liom go mbeidh. Táim ag tnúth go mór leis an athimirt, ach n'fheadar an mbeidh sí chomh maith leis an gcoimhlint a bhí againn Dé Domhnaigh. Gan amhras ba dheacair cluiche mar sin a shárú!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire


    Aontaím faoi sin! Is iontach an rud é chluiche atá cothram. Bíonn gach soiceand tábhachtach.. go háirithe arú inné!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 49 Tulyar


    Déinim amach go mbeidh Corcaigh i bhfad Éireann níos fearr an babhta seo.

    Bhi na Corcaígh ag súil go núsaidfeadh an Clár "sweeper" - mar ba ghnách leo a dhéanamh - ach bhi an réamhobair déanta ag Davy. D'éirigh go seoigh le líne leathchúil an Chláir. Bhí an lámh in uachtar acu ar leaththosaithe Chorcaí agus d'éirigh leo ionsaí i ndiaidh ionsaithe a lansáil ón líne seo. Ni raibh na Corcaígh ag súil lena leithéid de straitéis ach beidh siad ullamh an chéad uair eile.

    Eipic abhí againn ar an Domhnach seo a d'imigh tharainn. Is fada sinn faoi chomaoin ag gáiscigh an dá thaobh. Bhíomar faoi dhraíocht ag fiúntas na hiomána agus tá sé deacair a shamhlú go bhféadfadh sé tarlú faoi dhó ach é sin ráite táim ag tnúth go mór leis an athimirt.


Advertisement