Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.

forbairt na Gaeilge sa todhchaí

  • 06-07-2013 02:43PM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭


    Dia dhaoibh,


    as mo chuairteanna in Éireann cheana féin, thug mé féin faoi déara athruithe ar tharla sa Ghaeilge sna cúpla deich mbliana deireannacha. Tá mé in aithne le lánúin i gCiarraí. Is i nGaeltacht Mhuscraí atá fréamhacha na mná agus i nGaeltacht Chorca Dhuibhne atá fréamhacha an fhir. Agus sna Gaeltachtaí sin, thug mé faoi déara eagsúlachtaí sa bhlas idir na daoine níos sine agus na cinn níos óige. Tá tionchar sa bhlas as an mBéarla le cloisteáil i gcaint na ndaoine óga go soléir agus níos mó i dtreo an chaighdeáin.


    Lasmuigh na Gaeltachta, is féidir go n-éireoidh agus go socróidh suas cineálacha nua na Gaeilge chomh luath is a mhéadóigh dream na nGaelgeoirí a bhfuil an Ghaeilge mar phríomh-theanga acu as tionchar na canúna mór-réigiúnda agus an Bhéarla áitiúla. Is dóigh liom go méadóigh an dream na nGaeilgeoirí a bhfuil sí acu mar phríomh-theanga nó fiú amháin na nGaelgeoirí (nua-)dúchais as an oideachas trí Ghaeilge ag fás agus ag socrú suas. Mairfidh forbairt na Gaeilge amach anseo go spéisiúil, is dócha.


    Ach ar aon chaoi, tá se tábhachtach go mairfidh an suim agus an ábaltacht an sean-litríocht Gaeilge a léamh chomh maith is atá na daoine oilte sa Ghearmáin in ann sean-téacsanna (b´fhéidir le cúpla bun-nóta) a léamh cé nach labhrann siad fós mar seo ar chor ar bith. Is fiú bun-nótaí a chur le téacsaí Gaeilge dúshlánacha agus níos sine chun cúnamh tuisceana a thabhairt.


    Dar liom, sin é an príomhchúrsa ná go mbeidh an Ghaeilge labhartha agus scríofa amach anseo agus tionchar an Bhéarla a bheith teorainnithe chomh maith is gurbh fhiú go deo go méadóigh uimhir na nGaeilgeoirí dúchais arís.


    Le deá-mhéin,

    Alex


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire


    Bainim taitneamh as léamh an méid a scríobhann tú!

    Ceapaim go bhfuil an ceart agat go marfaigh an teanga ach tiocfaidh athraithe mór ar an teanga. é sin ráite tá daoine ag obair ar sean Gaeilge faoi láthair. Is obair taighde é sin áfach, agus is post é sin do na hOllscoile. Ní cóir dúinn - mar gnáth-úsáideoirí an teanga - beidh ró buairthe faoi sin. Tá orainn an teanga a úsáid, agus a spreagadh san céad dul síos! :)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Is dóigh go mbeadh tionchar ón mBéarla go soléir ann sa chaint freisin dá mbeadh an tír uilig athghaeluithe as gluaiseacht na saoirse sna 20idí. Is féidir go mbeadh an tír roinnt idir cheantair san iarthar agus deisceart a bhfuaimníonn an teanga níos bunúsaí iontu agus na ceantair eile a bhfuil tionchar ón mBéarla le tabhairt faoi déara go soléir sa teanga.


    Alex


Advertisement