Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Doirbhíochas i measc Lucht na Gaeilge

  • 28-05-2013 6:45pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 66 ✭✭


    An fhírinne a dhéannamh, tá gruaim tar éis teacht orm le déanaí mar gheall ar an méid atá á phlé faoin athbheochan Gaelach. Feictear domsa go bhfuil doirbhígh i ngach aon áit, taobh istigh is amuigh na Gaeltachta, taobh istigh is amuigh gluaiseacht na hathbheochana agus taobh istigh is amuigh na hÉireann. An mbíonn sibhse ag streacháil lena leithéid?


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Tá doirbhíochas le feicéail in Éireann go ginerálta is oth liom a rá. Níl deá nuacht dúinn mar tír ar chur ar bith. (IMF, deacreachtaí politiúil náisiúnta 's idirnáisiúnta, Tá Dún na nGall chun Sam a buachaint arís...)

    Ceapaim go bhfuil daoine gruaimeach faoi gach uile rud faoi láithear.

    Anois feicim freisin nach bhfuil mórán dul chun chinn ó taobh an Gaeilge de, agus is rud dona é sin freisin. Tá daoine níos buairthe faoi rudaí eile (a phá mar shampla) agus mar sin tá deacreachtaí leis an athbheochan.
    Tá orainn, mar lucht na Gaeilge, rudaí a dhéanamh chun an teanga a chur chun cinn. Ní dócha liom go bhfuil neart daoine ag déanamh é sin (mé fhéin san áiréimh)..

    (Brón orm faoin litriú!)


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,971 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Rud amháin a sheasann amach domsa go háirithe:

    Dhá bhliain ó shin nuair a thosaigh Seán Ó H. agus mé féin Fóram na Gaeilge don chéad uair, bhí beagnach 100 ball againn laistigh de dhá mhí.
    Níl ach deichniúr ar an suíomh an uair seo, an beirt agaibhse san áireamh is dócha, tar éis an méid céanna ama.

    É sin ráite, tá an grúpa Gaeilge Amháin an-ghnóthach ar fad ar Facebook. Bíonn rudaí nua ar an leathanach sin gach cúpla uair sa ló. Mar sin tá daoine ann agus iarracht á déanamh acu teangabháil trí Ghaeilge a spreagadh i measc ghnáthdhaoine.

    Ar léibhéal níos airde/oifigiúla, bhuel, sin scéal eile...


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 169 ✭✭lfqnic


    Sin í príomhfhadhb na nGael, tá muid scaipthe agus níl muid socair in áit ar bith. Tugaim faoi deara é fiú ar chúrsaí Gaeltachta - fanann gúpaí beaga le chéile, seachtain amháin tá pub amháin plódaithe agus an ceann eile bánaithe, an tseachtain dar gcionn sé a mhalairt é... Tá sé mar an chéanna anseo - roinnt mhaith daoine ar FB, ar Twitter, ar Skype fiú amháin (agus is lú i bhfad an méid daoine a bheadh ar boards go rialta, mé féin san áireamh.)
    Ar ndóigh, tá sé intuigthe nach bhfuil muid an-dlúth mar ghrúpa - ní leor teanga choitinne le daoine a aontú - ach ba mhór an garr é dá mbeadh láthair cinnte inteacht againn le cúrsaí a phlé.

    Maidir le gruaim... tuigim duit, ach tá an-dóchas agamsa :) A luath is a fheicim na focail 'Irish language' ar pháipéar nuachtáin, druidim an fecker ha, nó ní shílim go dtuigeann lucht a scríofa gur bhog muid ar aghaidh ó bhí siadsan ar an scoil. Tá borradh faoin teanga, ná bíodh lá amhrais ort faoi sin. Agus chan amháin i measc na ndaoine chéanna, an old guard... tá fuil úr innti agus seans nár mhaith linn achan rud da ndéanfaidh nó dá ndéarfaidh siad ach braithim nach bhfuil an pobal chomh cúng sin a thuilleadh agus is maith sin.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    An gceapann sibh go bhfuil athbheochan faoi lán-sheol nó an bhfuil rudaí ag feabhsú don teanga ar chur ar bith?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Is maith an rud go bhfuil foramnagaeilge ar ais ar an bhfód.:)


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,285 ✭✭✭An Coilean


    Cliste wrote: »
    An gceapann sibh go bhfuil athbheochan faoi lán-sheol nó an bhfuil rudaí ag feabhsú don teanga ar chur ar bith?


    Is é an cheist domsa ná dá mbeadh a leithéid is athbheochan ann, céard iad na comharthaí a bheas le feiceáil.

    Taobh istig na Gaeltachtaí beidh an teanga ag neartú mar teanga an phobal. Níl sé ag tarlú in aon cheantar Gaeltachta agus mar sin níl aon athbeochan ar súil ins na Gaeltachtaí. Tá neart fadbhanna agus cuireann an easpa gníomh ag leibheal an rialteas agus an easpa suim i measc lucht na Gaeilge taobh amuigh na Gaeltachtaí imní orm.


    Taobh amuigh na Gaeltachtaí, céard iad na comharthaí a bheas le feicéail dá mbeadh an athbeochain ar súil?
    An bhfuil gá go mbeidh ceist an teanga go mór i mbéal an phobal? An bhfuil sé riachtanach go mbeidh gach mac máthair ag iarradh an Gaeilge a foghlaim ag an am cheanna ionas go mbeidh an athbeochain curtha i gcríoc taobh istig glúin amhain?
    Ní doigh liom, níl a leithéid réalaíoch ná riachtanach. I mo thuairim tá neart comharthaí ann go bhfuil an athbeochan ar súil ins an Galltacht, ní sé faoi lán-seol bh'féidir ach tá sé ar súil agus ag neartú.
    Is chuid de na comharthaí atá i gceist agam ná níos mó daoine ag fáil a chuid oideachas trí gaeilge i ngach chuid den córas oideachas ná riamh. An méid tuismitheoirí ag tógáil a chuid paistaí le gaeilge ag fás.
    Daoine óga ag glachadh an Gaeilge mar chuid doibh fhéin, grupaí gníomhach ar an idirlíon ar nós 'Gaeilge Amhain' ar facebook srl srl.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Fíorscéal...


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 66 ✭✭ciaran1212


    Rud amháin a sheasann amach domsa go háirithe:

    Dhá bhliain ó shin nuair a thosaigh Seán Ó H. agus mé féin Fóram na Gaeilge don chéad uair, bhí beagnach 100 ball againn laistigh de dhá mhí.
    Níl ach deichniúr ar an suíomh an uair seo, an beirt agaibhse san áireamh is dócha, tar éis an méid céanna ama.

    An raibh Teach na nGealt níos gnóthaí ag an am sin? Bhí súil agam go mbeadh lucht na Gaeilge ag éirí níos fuiniúla san idirlíon faoi láthair, ach is léir nach amhlaidh an scéal...
    É sin ráite, tá an grúpa Gaeilge Amháin an-ghnóthach ar fad ar Facebook. Bíonn rudaí nua ar an leathanach sin gach cúpla uair sa ló. Mar sin tá daoine ann agus iarracht á déanamh acu teangabháil trí Ghaeilge a spreagadh i measc ghnáthdhaoine.

    Níor chuala mé faoi sin, GRMA! Táim tar éis clárú mar bhall.
    lfqnic wrote: »
    Maidir le gruaim... tuigim duit, ach tá an-dóchas agamsa A luath is a fheicim na focail 'Irish language' ar pháipéar nuachtáin, druidim an fecker ha, nó ní shílim go dtuigeann lucht a scríofa gur bhog muid ar aghaidh ó bhí siadsan ar an scoil. Tá borradh faoin teanga, ná bíodh lá amhrais ort faoi sin. Agus chan amháin i measc na ndaoine chéanna, an old guard... tá fuil úr innti agus seans nár mhaith linn achan rud da ndéanfaidh nó dá ndéarfaidh siad ach braithim nach bhfuil an pobal chomh cúng sin a thuilleadh agus is maith sin.

    Sin an chéad rud dearfach atáim tar éis cloisteáil le tamall fada. Tá an ceart agat, ar ndóigh :).

    A Choileáin, cad a gceapann tú gurb iad na fadhbanna is measa sa Ghaeltacht atá ina gcúis leis an lagú Gaeilge ann?


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,971 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    ciaran1212 wrote: »
    An raibh Teach na nGealt níos gnóthaí ag an am sin? Bhí súil agam go mbeadh lucht na Gaeilge ag éirí níos fuiniúla san idirlíon faoi láthair, ach is léir nach amhlaidh an scéal...

    Bhí níos mó daoine eile anseo ag an am sin, cinnte. Mar shampla Dlofnep, Deise Go Deo, General Michael Collins. Ach ní raibh sé mórán níos gnóthaí. Seans go bhfuil na daoine siúd fós ag féachaint ar an suíomh, ach ní bhíonn siad ag scríobh anseo nó ar FnaG.


Advertisement