Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Suirbhé maidir le nuachtán gaeilge

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 134 ✭✭An Sionnach Glic


    Cé atá á dhéanamh?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Suimiúil, an rud nár gur theip ar cúpla nuachtáin anois.

    An fiú é an rud céanna a dhéanamh arís? An té nach féidir - ní féidir é..

    Bh'fearr liom dá mbeadh nuachtáin laethúil/seachtainiúil as Gaeilge, ach is léir nach bhfuil neart éilimh ar nuachtáin traidisiúnta as Gaeilge.
    Caithfidh siad rud éigin difriúil agus nua a déanamh an uair seo.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 75 ✭✭Shamrock883


    Cliste wrote: »
    Suimiúil, an rud nár gur theip ar cúpla nuachtáin anois.

    An fiú é an rud céanna a dhéanamh arís? An té nach féidir - ní féidir é..

    Bh'fearr liom dá mbeadh nuachtáin laethúil/seachtainiúil as Gaeilge, ach is léir nach bhfuil neart éilimh ar nuachtáin traidisiúnta as Gaeilge.
    Caithfidh siad rud éigin difriúil agus nua a déanamh an uair seo.
    An féidir a thuilleadh a dhéanamh? Ag deireadh an lae tá's agam nach léim nuachtáin ach go fíor annamh. Táim ar aon aigne libhse, is dócha, nách foláir dúinn gníomhú chun an Ghaeilge a chaomhnú ach b'féidir ar líne saor in aisce seachas íad a chur mar bhall de nuachtáin?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir


    Go pearsanta, creidim go ndéanfad gréasán de stáisiúin raidió gaeilge níos mó maitheasa do dhul chun cinn na teanga ná nuachtán. Abair stáisiún gaeilge i ngach cúige.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 75 ✭✭Shamrock883


    craoltoir wrote: »
    Go pearsanta, creidim go ndéanfad gréasán de stáisiúin raidió gaeilge níos mó maitheasa do dhul chun cinn na teanga ná nuachtán. Abair stáisiún gaeilge i ngach cúige.

    An bhéadtaí aon ceachtanna a fhoghlam ó RnaG? Measam gurb íad daoine aosta an sprioclucht le haghaidh cuid is mó do na cláranna, thar cionn daoine óg?


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 7,237 ✭✭✭mcmoustache


    Tá brón orm a bheith diúltach ach ní cheapaim go bhfuil aon seans ag aon nuachtán ghaeilge mar ghnó phríobhaideach. Ag an am chéanna, áfach, ceapaim gur féidir úsáid a bhaint as an idirlíon chun an t-eolas chéanna a scaipeadh.

    Ní cheanaíonn daoine nuachtáin chomh minic sin níos mó. Sa lá atá inniu ann, faigheann níos mó agus níos mó daoine a gcuid nuach ar a gcuid gutháin. Bhí am ann go gceannódh daoine nuachtán chun é a léamh ar an mbus/traein nó ar a mbrise oibre. Anois, má fhéachann tú ar na daoine seo, is óna gcuid gutháin a fháigheann siad an t-eolas chéanna.

    Mar gheall ar an pointe shuas-luaite, níl dóthain súile ag féachaint ar nuachtáin chun go bhféadfaí dóthain airgid a dheanamh ó ghnólachtaí ag lorg fógraíocht.

    Is fiú a rá gur fadhbanna iad seo ag nuachtáin bhéarla chomh maith.

    Chomh maith leis sin, tá fadhb amháin eile a bhaineann leis an ghaeilge mar theanga - tá sé an-dheacair tada a léamh trithe gan foclóir (nó focal.ie) le do thaobh. Is as conamara mé féin. Tá leibhéal réasúnta oideachais orm ach bíonn sé thar a bheith deacair orm altanna trí ghaeilge a léamh. S'é an fhadhb is mó a bhíonn agam ná na focail nua a bhaineann le spóirt, teicneolaíocht, eacnamaíocht, polaitíocht srl. Ní shin fadhb leis dteanga - tá gá leo. Is fadhb é dom féin agus don té a mbeadh suim aige/aici altanna gaeilge a léamh ach go bhfuil sé chomh deacair sin orainn iad a léamh. Is maith liom go mbíonn gluais ar fáil go minic, áfach.

    Tuigim go bhfuil daoine ann (múinteoirí/léachtóirí gaeilge, lucht An Gúm agus daoine eile atá oilte ag leibhéal árd ghaeilge nó paiseanta fuithe ar chuiseanna eile) gur féidir leo an stuif seo a léamh ag níl mórán acú ann. Do ghná ghaeilgeóir mar mé féin, bainim triáil as ó am go chéile (foinse ar an gcéadaoin) ach ní bhainim mórán pléisiúr as.


    Ag an am chéanna, táim i bhad níos dóchasaí faoi bhlaganna nuachtáin ar líne agus líonraithe sóisíalta (fuair mé an nath sin ó focal.ie). Ar a laghad, níl mórán costas ag baint leo. Is fadhb é nach bhuil aon aip ar fáil do ghutháin fós ach i mo thuairimse, déarfainn gur trí mheáin na h-idirlíona an t-aon bhealach go scaipfear nuacht agus eolas trí ghailge amach anseo.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 359 ✭✭DJP


    Nuair a tháinig Foinse amach ina aonar bhí sé i bhfadh níos mó ná mar atá sé anois. Ba mhaith liom go mbeadh an cuid is mó den maoiniú a bhfuair Gaelscéal dul chuig Foinse chun láidriú a dhéanamh air agus cuid eile dul go Nuacht 24 ionas go bheadh siad in ann cúpla iriseoir eile lonnaithe sa Phoblacht a fhostú.


Advertisement