Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

na teanga

  • 13-03-2013 10:47pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,969 ✭✭✭


    chonaic mé thread faoi an coimisinéir teanga agus tá cuid is mo daoine in aghaidh ar an gaeilge.

    Taim ag smaioneamh faoi cen fath is fuatha ar a lan daoine ar gaeilge

    (tá brón orm ar aon rud ní cheart le mo gramadach)


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Is i fóram 'iar-ama' an snáth sin... mar sin ná bí buartha faoi cad a ceapainn na daoine san fóram sin :)

    Is áit an suimiúil é an idirlíon, ach ná creid gach rud a deirtear air!


    An bhfaca tú an chláir Primetime ó aréir?

    D'féach mé air, agus ceapaim go gcloiseann gach duine an rud a cheapainn siad, mar ceap mé go raibh argóint iontach faoi tábhacht na teanga!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 9 Fr. Hank Tree


    Gan dabht tá go leor daoine amach ansin atá i gcoinne an ghaeilge agus i mo thuairim tagann an dearcadh seo as an taithí a bhí acu nuair a bhí siad ag foghlaim an teanga i scoil. Tá sé deacair chun teanga nua a fhoghlaim agus muna bhfuil duine ag iarraidh an teanga a fhoghlaim ar an gcéad dul síos níl morán seans acu.

    Bíonn dearcadh diúltach ag a lán déagóirí ar an ngaeilge toisc go bhfuil sé éigeantach i scoil agus cloiseann siad daoine fásta amach ansin ag rá nach bhfuil aon mhaithis ag baint leis an teanga. Caithfimíd an dearcadh seo a athrú. Cabhróidh na geal scoileanna le seo mar anois tá a lán déogóirí amach ansin a chaith roinnt mhaith den saol óg ag labhairt gaeilge agus ag baint taiteamh as saol tríd gaeilge. Níl na droch taithí a bhí ag a dtuismitheoirí acu leis an dteanga i scoil agus le cúnamh Dé leannóidh roinnt acu ag úsáid an teanga sa todhchaí.

    Tá go leor déanta chun gaeilge a thógáil sa 21ú haois ach fós tá go leor le déanamh. Is iad na daoine óga an todhchaí so caithfímíd a dearcadh a athrú toisc go mbeidh siad ag iarraidh gaeilge a thógáil mar ábhar scoile in áit iad ag mothú gur gcaithfidh siad ábhar a dhéanamh agus ní tiocfaidh aon mhaithis as. Nílim cinnte conas gur féidir an roinn oideachas nó éinne eile é seo a dhéanamh ach bhféidir má raibh níos mó béim curtha ar rudaí taitneamach is féidir leat a dhéanamh as gaeilge (tabhair marcanna do daltaí a cuireann drama nó ceolchoirim ar súil as geailge mar shampla) go bhfeicfidh daione óga gur is teanga beo í an ngaeilge agus is féidir leat taitneamh a baint as.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 66 ✭✭ciaran1212


    An fhírinne a dhéanamh, níl aon grá ag an chuid is mó de na daoine in Éirinn (nó tír ar bith eile, is dócha) do ghníomh foghlama na Gaeilge (nó teanga ar bith eile). Caithfimid ár bpáistí a thógáil leis an teanga trí mheán na nGaelscoileanna. Sa chás sin, ní gá dóibh an ghramadach a fhoghlam mar ábhar scoile. Níl an nós foghlama atá déanta agamsa, agus is dócha agaibhse - an nós inar mór dúinn na rialacha gramadaí a fhoghlam - níl aon spéis ag an mórchuid daoine ann, agus is amhlaidh an scéal.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,097 ✭✭✭Herb Powell


    B'fhéidir nach bhfuil i gceist ná 'amadach na mBoards', ach cloisim go minic daoine ag tabhart amach, agus a rá faoin "Gaeilgóirí Elite". Ceapann siad go bhfuil saghas 'conspiracy' ann i gcás na nGaeilgóirí agus go gceapamar go bhfuil muid níos fearr nó níos galánta ná iad.

    Ráméis amach is amach, gan dabhat, ach má bhfuil an chreid ann, bheadh fadhbanna fós.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir


    Is cinneadh pearsanta é ag gach éinne an bhfuil nó nach bhfuil fonn air gaeilge a fhoghlaim agus a labhairt. Cuid den phobal is í an ghaeilge a dteanga teaghlaigh leis na glúnta agus ba cheart go mbeadh cead acu an teanga sin a úsáid ag plé leis an stáit. Níor cheart go mbeadh aon cheist faoi chostais a bhaineann le cearta an tsaoránaigh. I láthair na huaire tá an státchóras ag séanadh a gcearta ar ghaeilgeoirí gach lá tré chomhfhreagras i mbéarla a sheoladh mar fhreagra ar chomhfhreagras i ngaeilge agus nuair nach gcuirtear duine le gaeilge ar fáil do chustaiméirí a théann chuig oifigí poiblí agus go dteastaíonn uatha labhairt i ngaeilge.

    B'fhéidir nach dtuigeann lucht an bhéarla é nó gur cuma leo ach do dhuine gurb i an ghaeilge a dteanga is cosúil le tír eachtrannach an tír seo dóibh.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 66 ✭✭ciaran1212


    craoltoir wrote: »
    Is cinneadh pearsanta é ag gach éinne an bhfuil nó nach bhfuil fonn air gaeilge a fhoghlaim agus a labhairt. Cuid den phobal is í an ghaeilge a dteanga teaghlaigh leis na glúnta agus ba cheart go mbeadh cead acu an teanga sin a úsáid ag plé leis an stáit. Níor cheart go mbeadh aon cheist faoi chostais a bhaineann le cearta an tsaoránaigh. I láthair na huaire tá an státchóras ag séanadh a gcearta ar ghaeilgeoirí gach lá tré chomhfhreagras i mbéarla a sheoladh mar fhreagra ar chomhfhreagras i ngaeilge agus nuair nach gcuirtear duine le gaeilge ar fáil do chustaiméirí a théann chuig oifigí poiblí agus go dteastaíonn uatha labhairt i ngaeilge.

    B'fhéidir nach dtuigeann lucht an bhéarla é nó gur cuma leo ach do dhuine gurb i an ghaeilge a dteanga is cosúil le tír eachtrannach an tír seo dóibh.

    Suimiúil an pointe sin. Tá dhá short daoine sa ghluaiseacht na Gaeilge - cainteoirí dúchais agus foghlaimeorí - agus tá dhá short athraithe uainn. Ba mhaith leis na foghlaimeoirí oideachas níos fearr (toisc gurb é sin a bhfuil taithí againn air), agus ba mhaith leis na cainteoirí dúchais séirbhísí níos fearr a bheith ar fáil as Gaeilge (toisc gurb é sin a bhfuil taithí acusan air).


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire




Advertisement