Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Deireadh le Gaelscéal

Options
  • 05-02-2013 10:48am
    #1
    Registered Users Posts: 780 ✭✭✭


    Is dócha go bhfuil cuid agaibh tar éis an scéal seo a chloisint, go mbeidh deireadh leis an nuachtán go luath.

    Is dócha nach raibh toradh eile i ndán dó ó tharla gur beag duine a bhí á cheannacht - is cosúil gur méandíolaíocht níos lú ná 1,500 cóip in aghaidh an eagráin a bhí ag an nuachtán. Dar ndóigh tá díolaíocht nuachtáin go ginearálta ag titim leis na blianta agus daoine ag dul i muinín foinsí idirlíon chun teacht ar scéalta.

    http://www.nuacht24.com/nuacht/25199/


Comments

  • Registered Users Posts: 148 ✭✭marnie d


    Is mór an trua fá sin, tá rudaí ag éirí níos measa fá choinne Gaeilgeóirí sa tír seo.


  • Registered Users Posts: 66 ✭✭ciaran1212


    marnie d wrote: »
    Is mór an trua fá sin, tá rudaí ag éirí níos measa fá choinne Gaeilgeóirí sa tír seo.

    Ní faoi choinne Gaeilgeóirí amháin, tá na meáin scríofa uilig ag fulaingt. Is fíor-trua é mura tá siad in ann an leagan ar líne a choinneáil suas.


  • Registered Users Posts: 148 ✭✭marnie d


    Ach is dóigh liom féin a bhfuil níos mó gearrtha déanta ar an Gaeilge. Tá súil agam go maireann foinse anois.


  • Registered Users Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Cur amú airgid a bhí ann, sin a bhfuil de. Muna bhfuil lucht (locht) na Gaeilge sásta nuachtáin a cheannach níor chóir an milleán a chuir ar an rialtas.

    N'fheadar cé mhéid a chosnaigh sé chun gach cóip a sholáthar?

    Nach bhfuil an t-idirlíon ag gach mac máthar sa lá atá inniu ann - sín é an bealach is cost-éifeachtúla chun nuachtán a fhoilsiú.

    Ach is cuma faraoir, níl fágtha i ngluaiseacht na Gaeilge ach dornán beag de cúisitheoirí. Crua-chóip nó leagan arlíne - ní bheidh ach líon ana-theoranta ar fad á léamh.

    Anois gabh mo leithscéal táim ag dul thar nais go dtí an fóram beo réadúil -clár plé an Bhéarla.


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Is trua é gan dabht, ach chun an bhfírinne a rá níor cheannaigh mé é, mar ní raibh suim agam sna h-altanna. (ní ceannaím nuachtáin Bhéarla ach an oiread)


    Cé nach bhfuil meon chomh grúmach is atá ag Míshásta, tá fírinne díomách san méid atá scríobhtá aige..


  • Advertisement
Advertisement