Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Trian de Fhoclóir le seoladh

  • 22-01-2013 8:53pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭


    Cad sa diail atá ar siúl ag muintir http://www.focloir.ie/ga/? - táid chun seoladh mór oifigiúil a bheith acu ar bhfiontar nach bhfui ach tosnaithe acu.

    Chuas chuig a suíomh chun triail a bhaint as. Chuireas isteach 'click'. Ní raibh aon 'click' acu de réir dealraimh ach thaispeánadar

    "left-click
    COMP verb
    TRANSITIVE cléchliceáil verb

    INTRANSITIVE cléchliceáil verb"

    Ambaist! Tá 'cliceáil' maith go leor, ach cad mar gheall ar 'gliogáil'? - focal atá in úsáid go forleathan ar líne agus atá ag na foclóirí eile. Ba chóir go mbeadh an dhá fhocal ann.

    Níl an focal 'web' ann féin acu ach an oiread, cé go bhfuil roinnt téarmaí ann leis an focal 'web' iontu.

    Ach éist anois. Chuireas isteach an focal fíor-neamh-ghnách úd "INTERNET" agus seo dhaoibh an freagra a bhfuaireas:

    "Níor aimsíodh Internet

    Ar litrigh tú i gceart é?"

    Ha! dáiríre-píre. In ainm fhuic.

    Níl ann ach jóc Éireannach, ag tabhairt armlón dóibh siud ar mhaith leo a bheith ag caitheamh anuas ar an dteanga.

    Ach táim cinnte go mbeidh cóisir iontach ag Ó hUiginn agus boic mhóra na gluaiseachta ag an Seoladh. N'fheadar cé mhéid a chosnóidh sé.

    :mad:


Comments

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,972 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Tóg go bog é!

    Bhíodar ar an Nuacht anocht. Deirtear go bhfuil tús curtha leis an suíomh, is go bhfuil timpeall 7,000 focal ann faoi láthair.
    Tá sé mar sprioc acu 40,000 a cur ar fáil. Bí foigneach agus gheobhaidh tú na focail eile nuair atá an áis déanta go hiomlán.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir


    Cén fáth nach féidir liom teacht ar an bhfocal atá uaim?

    D’fhéadfadh sé seo tarlú de bharr nach bhfuil gach ceannfhocal atá le foilsiú le fáil fós sa leagan reatha den fhoclóir. Is éard atá cuimsithe sa leagan reatha ná na focail sin is mó a chuardaíonn úsáideoirí foclóirí, rud a chumhdaíonn 80% de na cuardaigh a mbítear ag súil leo. Tuigimid gur ábhar frustrachais é gan teacht a bheith agat ar an bhfocal atá uait agus beimid ag cur go mór le cumhdach an fhoclóra i mbliana agus ar an mbliain seo chugainn chun bearnaí mar seo a líonadh – féach Amach anseo le haghaidh tuilleadh eolais.
    Más focal teicniúil é an focal atá uait, d’fhéadfá é a chuardach i mbunachar téarmaíochta Fhoras na Gaeilge, www.focal.ie. Tugtar faoi deara, áfach, gur bunachar le haghaidh téarmaí teicniúla seachas gnáthfhoclóir é seo agus ní dhéantar cúram den ghnáth-theanga ann.
    http://www.focloir.ie/ga/page/faq.html#question_02

    Cinnte d'fhéadfaí argóint nár cheart an suíomh a sheoladh go dtí go mbeadh an obair ar fad críochnaithe ach tiocfaidh feabhas air de réir a chéile.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    An bhfuil tú míshásta? :P


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Paz-CCFC wrote: »
    An bhfuil tú míshásta? :P

    .......mar is dual dom. Míshásta, cantalach, ciotrúnta. Réidh chun argóna i gcónaí. Fear na gloine leath-fhoilmhe.

    Is eagal liom go mbeidh me sínte 6 troigh fén bhfód is mo chuid feola á alpadh ag na péisteanna sara mbeidh an foclóir úd leath-chríocnaithe.

    Ach 'sé an rud is mó atá ag dó na geirbe dom nach bhfuaireas curadh go dtí an mórsheoladh. :mad:


Advertisement