Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Praghas Bia

Options
  • 12-11-2012 5:28pm
    #1
    Registered Users Posts: 130 ✭✭


    Ar thug éinne faoi deara go bhfuil praghas an bhia ag ardú na laethanta seo? Tá mé cheapadh go bhfuil sé níos costasaí bia sláintiúil a ithe.

    Ní maith liom bia próiseáilte ar chor ar bith, ithim anois is arís é agus ní bheinn ag iarraidh really.

    Ithim iasc don chuid is mó agus neart glasraí le linn na seachtaine agus feoil, (sicín/ mairteoil) ag a'deire seachtaine. Tá an t-iasc níos saoire le ithe ceart go leor.

    Ceannaím neart torthaí freisin.

    Tá mé a' cheapadh go bhfuil sé níos saoire maireachtáil ar chacamas de bhia cosúil leis na béilte réamhdhéanta sin a chuirtear isteach in oigheann micreathonnach. Cuireann sé soir mé :cool:


Comments

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Chonaic mé snáth iontach fada as Béarla faoin ábhar seo má tá suim agat an teanga sin a úsáid ;)

    Ceapaim go bhfuil an ceart agat go ginerálta, tá sé ag éirí níos costasaí beidh slántúil. Ach le siopadóireacht glic tá neart deis agat bia sláintiúíl saor a ceanach.
    Féach timpeall, tá bia maith le fáil i Lidl agus Aldi, agus tá na glasraí ana saor acu.



    (Brón orm faoi mo chuid litriú, níl mo litreoir á obair!)


  • Registered Users Posts: 130 ✭✭WanabeOlympian


    Go raibh míle maith 'ad, a Chliste. 'Sea, tá mé 'cheapadh go mbeidh orm mo chuid siopadóireacht a dhéanamh i go leor siopaí as seo amach. Is trua sin ach caithfear é dhéanamh.
    Agus dála an scéil, tá do litriú togha !! :cool:


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Go raibh míle, ní bacaim le litriú ná ghramadach! :pac:

    Bhí alt maith san Times freisin: http://www.irishtimes.com/newspaper/features/2012/1112/1224326468028.html?via=mr

    Pointe iontach acu faoi siopaí beag eachtrannach mar tSíneach. Is féidir rudaí úsáideach a fháil an saor. Rís agus rudaí mar anlann Soy srl freisin!

    Carbh as duit?


  • Registered Users Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Cé go bhfuil praghasanna ag ardú, is féidir fós biaréim fholláin bhlasta a bheith agat le roinnt pleanála.

    Sa chéad dul síos ithimíd an iomarca feoil ar fad. Gearr síos ar an méid a chuireann tú ar an bpláta.

    Bí ag faire amach do na Tairiscintí Speisialta. Bíonn siad ann i gcónaí. Caith isteach sa reoiteoir earraí meatacha.

    Is féidir a lán miasanna difriúla a dhéanamh le gnáth glasraí le cabhair óna spiasraí agus luibheanna éagsúla atá ar fáil go forleathan anois sna siopaí.

    Bain úsáid as an gréasán agus youtube go háirithe le haghaidh smaointe úra i leith oideas saor.

    Tá praghasanna na bprátaí ana-ard i mbliana de bharr na droch-síne ach fós féin is foinse carbaihiodráití agus snáithíní é an práta atá saor i gcomporáid le
    bia eile.

    Dein youtúbáil ar "Bombay Potatoes" agus gheobhaidh tú oideas ana-ana-bhlasta ar fad. Ium ium!

    Bon Apetit.


  • Banned (with Prison Access) Posts: 343 ✭✭Sorcha16


    Aontaím go hiomlán leat, de ghnáth bíonn praghasanna i ngach ghné don tsaoil dochreidte in Éirinn -saghas oidhreacht den Tíogar Ceilteach b'fhéidir


  • Advertisement
Advertisement