Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Ag surfáil tolg/ couchsurfing

  • 06-11-2012 7:18pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 130 ✭✭


    An mbíonn sibh ag breath ar 'ó tholg go tolg' ar tg4? Tá sé iontach. Beirt chailíní ag dul ag taisteal timpeall na hEorpa agus ag fanacht le daoine, sna tíortha sin, a dhéanann couch surfing agus a chuireann tolg saor in aisce ar fáil ina dteach do thaistealaithe.

    An ndearna aon duine couch surfing ariamh? An mbeadh fonn ar éinne triail a bhaint as? :)


Comments

  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,575 Mod ✭✭✭✭dory


    D'fhan cúpla duine liom nuair a bhíos i mo chónaí sa Chosaiv (Kosovo). Níor thaitin sé liom. Bhí siad ag iarraidh taisteal ar fíorbheagán airgid. D'fhág sin gur itheadar is d'óladar gach a bhí agam. Bhí duine amháin ar buile nach raibh fonn orm mainistreach éigin a fheiscint toisc go mbeadh uirthi íoc as an tacsaí léi féin. Bhí roinnt mhaith daoine agam, agus an fhadhb céanna agam le gach ceann (seachas cailín amháin).

    Ní bheadh fonn orm é a dhéanamh mé fhéin. B'fhearr liom taitneamh a bhaint as mo laethanta saoire, seachas a bheith míchomhporach i dteach dhuine éigin.

    Tá sé áisiúil chun aithne a chur ar dhaoine má thánn tú ag bogadh ann.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 130 ✭✭WanabeOlympian


    Is trua go raibh an chuid is mó acu sprionlaitheach. Mar a déarfá,'they'd live in your ear and rent the other one out for flats'. ;-) Déarfainn gurbh iontach an t-eispéireas é cónaí sa Chosaiv, mar sin féin. :)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 584 ✭✭✭rorrissey


    Is aoibhinn liom Ó Tholg Go Tolg, táim á leanúint ón gcéad sraith. Bhuaigh mé T-Léine i mbliana. :D Ní raibh an deis agam surfáil tolg fós, ach ba bhréa liom trial a bhaint as lá éigin. Tá cúntas ag mo dheartháir ar an suíomh oifigúil agus d'fhan beirt aige ina thigh an Samhradh seo caite!
    Slí iontach chun buaile le daoine suimúil!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 123 ✭✭Seán MacSuibhne


    Deineas é mé fhein agus mo phairtnéir sa Ghreig, sa Spáin agus sa Bhriotáin agus d'fhan roinnt daoine deasa linn thar na blianta. Tá sé ar nós fanúint le chara agus ligint do chara fanúint leat. Níl sé ar nós bheith go hiomlán neamhspleách. Tá dualgaisí ort sa dá shlí! Is maith liom é agus taitníonn sé lem' chairde freisin!

    Seán


  • Closed Accounts Posts: 750 ✭✭✭playedalive


    Ní dhearna mé riamh an surfáil tolg. Ach chuala mé a lán scéalta suimiúila maidir leis, nuair a bhí mé ag obair in ostán sa Spáinn. Bhí cáilín amháin ag caint liomsa, agus dúirt sí gur bhuail sí le fear spóirt cailiúil sa chathair tríd an suíomh idirlín Couchsurfers. Ag an am sin, Bhí an fear ag tiomáint mercedes agus bhí an seans aici dul isteach chuig na club oíche is cailiúla. Nach deas é sin. :pac:

    Is maith liom an smaointe. Ach níl aon suim agam é sin a dhéanamh amach anseo. B'fhearr liom bheith le cairde in ostán eigín nó áit eile i bhfad níos mó ná le daoine ón idirlíon.

    Tá súil agam go dtuigeann sibh. Caithim ceithre bliana as cleachtadh (ón ardteist) i ngaeilge.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Fáilte chuig Teach na nGealt playedalive!

    Bhí an táth orthaí gan dabht! Ceapaim go bhfuil deis iontach agat daoine nua agus difriúla a buala, ach aontaím leat nach mhaith liom é a déanamh ach an oiread!


Advertisement