Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Lucht éisteachta raidió

Options
  • 26-10-2012 9:21am
    #1
    Registered Users Posts: 780 ✭✭✭


    Tá na figiúirí éisteachta raidió amuigh arís. Déantar taighde ar an lucht éisteachta uair in aghaidh na bliana. Clúdaíonn na figiúirí is déanaí an tréimhse ó Deireadh Fómhair 2011 go Meán Fómhair na bliana seo. Léirítear go mbíonn 85% den phobal ag éisteacht leis an raidió sa tír seo. Figiúir breá folláin. bíonn 35% den daonra ag éisteacht le stáisiún de chuid RTÉ. 24% an figiúir éisteachta atá ag Raidió a hAon, 14% ag Today FM agus 11% ag 2FM. Ní chuirtear Raidió na Gaeltachta san áireamh sna figiúirí (ó tharla nach mbíonn fógraíocht thráchtála ar an stáisiúin). Is i dTír Chonaill atá an lucht éisteachta is airde le haghaidh stáisiúin áitiúla, áit a mbíonn 66% den lucht éisteachta ag éisteacht leis an stáisiún áitiúil. 66% den phobal a bhíonn ag éisteacht leis an stáisiún áitiúil i gcontae Mhaigh Eo. Tá ag éirí go maith leis na stáisiúin áitiúila, go háirithe lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Ní iontas ar bith é seo is dócha mar gur féidir leis an gcraoltóir áitiúil freastal níos cuimsithí a dhéanamh ar phobal áitiúil ná mar a d'fhéadfadh an craoltóir náisiúnta.

    Sonraí ar fáil anseo: www.bai.ie


Advertisement