Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Slán leis an gcóras analógach

Options
  • 24-10-2012 10:37am
    #1
    Registered Users Posts: 780 ✭✭✭


    Múchadh an córas teilifíse analógach ar maidin ag 10rn (Miriam O' Callaghan a dhein an beart). Tá siúl agam go bhfuil teilifís nua digiteach faighte agaibh go léir nó ní bheidh aon phictiúir le feiceáil ar do bhosca anois!


Comments

  • Registered Users Posts: 134 ✭✭An Sionnach Glic


    Tá súil agam go gcuirfidh TG4 deireadh leis na fotheidil éigeantacha Bhéarla anois (bhí siad ann toisc nach raibh seirbhís teilithéacs ag thart ar 20% den phobal go dtí le déanaí) Tá seirbhís fotheideal ar fáil do gach duine anois agus ba chóir go mbeadh Béarlóirí in ann iad a roghnú dóibh féin, seachas Béarla a bhrú ar lucht na Gaeilge.


  • Registered Users Posts: 780 ✭✭✭craoltoir


    Luadh é seo le Pádraic Ó Ciardha, Leascheannaire TG4, le linn agallaimh cupla bliain ó shin agus an "leithscéal" a bhí aige ná nach raibh córas teileathéacs ag go leor daoine. Ní chreidim é sin ach ar a laghad anois ní féidir an leithscéal sin a úsáid.


  • Registered Users Posts: 66 ✭✭ciaran1212


    Ba mhaith an rud é má atá fotheidil Gaeilge ann. Níos úsáideach ó thaobh na foghlaimeoirí de, ar aon chaoí.


  • Registered Users Posts: 134 ✭✭An Sionnach Glic


    ciaran1212 wrote: »
    Ba mhaith an rud é má atá fotheidil Gaeilge ann. Níos úsáideach ó thaobh na foghlaimeoirí de, ar aon chaoí.

    Agus do chainteoirí Gaeilge nach bhfuil an éisteacht go rómhaith acu chomh maith. An rud ba mhaith liomsa a fheiceáil in éineacht leis sin ná scannáin ó thíortha eile (nach labhraítear Béarla iontu) ar TG4 agus fotheidil Ghaeilge lena n-aghaidh.


  • Registered Users Posts: 66 ✭✭ciaran1212


    Agus do chainteoirí Gaeilge nach bhfuil an éisteacht go rómhaith acu chomh maith. An rud ba mhaith liomsa a fheiceáil in éineacht leis sin ná scannáin ó thíortha eile (nach labhraítear Béarla iontu) ar TG4 agus fotheidil Ghaeilge lena n-aghaidh.

    Aontaím leat leis sin. Uaireanta, bíonn scannáin ar TG4 gan focal Béarla nó Gaeilge labhartha agus gan focal Gaeilge sna fotheidil. Cá bhfuil an "G" sa "TG4" ann-na?!


  • Advertisement
Advertisement