Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

An mbíonn tú ag chur an Ghaeilge chun cinn?

Options
  • 08-10-2012 6:19pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 1,285 ✭✭✭

    An bhfuil tú bainteach lé aon eagraíocht no an mbíonn tú ag chur í chun cinn in aon slí eile?

    Táim bainteach leis an Chumann Gaelach san Ollscoil, bíonn muid ag eagrú imeachtaí socialta trí Gaeilge go minic. Céard fútsa?

Comments

  • Registered Users Posts: 66 ✭✭ciaran1212

    Is decair an rud é a bheith do do chur í chun cinn mura tá tú in ann í a labhairt go líofa. Ba bhreá liom rud eigin a dhéanamh chun í a chur chun cinn, ach níl a fhios agam cad is féidir liom a dhéanamh. Bhí mé i mo bhall sa Chonradh na Gaeilge i mBÁC, ach diomaite de bheith i mo bahll, ní dhearna mé rud ar bith speisialta chun an staid Gaeilge a fheabhsú.

  • Registered Users Posts: 1,082 ✭✭✭Feathers

    Thosaigh mé cursaí Gaeilge san Ionad Éireannach Londan — tá na ranganna ar siúl gach Céadaoin agus baineann mé taithneamh astu. Nuair a bheidh mé níos líofa, tá súil agam a bheidh bainteach leis eagraíocht éigin. Níl go leor muiníne agam i mo chuid Ghaeilge anois, áfach!

  • Registered Users Posts: 134 ✭✭An Sionnach Glic

    ciaran1212 wrote: »
    Is decair an rud é a bheith do do chur í chun cinn mura tá tú in ann í a labhairt go líofa.

    Is beag duine de na tuismitheoirí a bhíonn ag tosú gaelscoileanna a bhfuil Gaeilge mhaith acu, ach tá siad ag iarraidh go mbeadh sí ag a bpáistí agus sin an fáth a dtéann siad i mbun gnímh.

  • Registered Users Posts: 66 ✭✭ciaran1212

    Is beag duine de na tuismitheoirí a bhíonn ag tosú gaelscoileanna a bhfuil Gaeilge mhaith acu, ach tá siad ag iarraidh go mbeadh sí ag a bpáistí agus sin an fáth a dtéann siad i mbun gnímh.

    Bhuel, cinnte, ach nílim i mo thuismitheoir. Dá mbeidh páistí agam san am atá le teacht, beidh siad ag dul go dtí gaelscoil, ach diomaite de bheith ag labhairt as Gaeilge (agus ní féidir liom é sin a dhéanamh go minic, toisc nach bhfuil aithne agam ar go leor daoine atá Gaeilge acu), níl an iomarca seansanna agam chun úsáid a bhaint as an teanga, gan trácht ar cur chun cinn.

  • Closed Accounts Posts: 1,285 ✭✭✭An Coilean

    Sin an fáth chun í a chur chun cinn, chun deiseanna a chruthú chun í a labhairt.;)

    Bhí mo chuid Gaeilge briste go leor nuair a thosaigh mé, ní gá duit bheith lárnach sna feachtais atá ag Conradh na Gaeilge, beidh sé go leor chun Ciorcal Comhrá nó rúd eigin már sin a bhunú.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,406 ✭✭✭DyldeBrill

    Ó tá gan dabt!

    Freastlaím ar Acadamh na hOllscoilaíochta Gaeilge i gConamara! Bíonn chuid mhaith imeachtaí curtha ar siúl ag an chumann ansin sa príomh champas.

    Chomh maith le sin bímse ar an raidió comh maith.Bhíos beo ar an aer ansin le Raidió Rí-Rá i gcomhair coicís ansin, b'fhéidir go raibh chuid agaibh ag éisteacht leis, b'fhéidir nach raibh.

    An Coileán, cén sórt imeachtaí socialta a mbíonn agaibh?

  • Closed Accounts Posts: 1,285 ✭✭✭An Coilean

    DyldeBrill wrote: »
    Ó tá gan dabt!

    Freastlaím ar Acadamh na hOllscoilaíochta Gaeilge i gConamara! Bíonn chuid mhaith imeachtaí curtha ar siúl ag an chumann ansin sa príomh champas.

    Chomh maith le sin bímse ar an raidió comh maith.Bhíos beo ar an aer ansin le Raidió Rí-Rá i gcomhair coicís ansin, b'fhéidir go raibh chuid agaibh ag éisteacht leis, b'fhéidir nach raibh.

    An Coileán, cén sórt imeachtaí socialta a mbíonn agaibh?

    Tá muid díreach tar éis ár CGB (AGM). Go dtí seo tá Lón Gaelach, Scóráil Sciobtha, Tóireacht Taisce agus Aoi Chaintóir (Domhnall Ó Loinsigh ó An Clár as Gaeilge) déanta againn go dtí seo.

    Beidh an Choiste nua ag dul go BÁC ag an Deireadh Seachtaine chun pairt a glacadh leis an Traenáil atá curtha ar fail ag Conradh.

  • Registered Users Posts: 1,406 ✭✭✭DyldeBrill

    An Coilean wrote: »
    Tá muid díreach tar éis ár CGB (AGM). Go dtí seo tá Lón Gaelach, Scóráil Sciobtha, Tóireacht Taisce agus Aoi Chaintóir (Domhnall Ó Loinsigh ó An Clár as Gaeilge) déanta againn go dtí seo.

    Beidh an Choiste nua ag dul go BÁC ag an Deireadh Seachtaine chun pairt a glacadh leis an Traenáil atá curtha ar fail ag Conradh.

    Oh iontach chuala mé faoi sin inniú ó Aodhán a oibríonn sa chonradh! Bain sult as!

  • Registered Users Posts: 134 ✭✭An Sionnach Glic

    ciaran1212 wrote: »
    Bhuel, cinnte, ach nílim i mo thuismitheoir. Dá mbeidh páistí agam san am atá le teacht, beidh siad ag dul go dtí gaelscoil, ach diomaite de bheith ag labhairt as Gaeilge (agus ní féidir liom é sin a dhéanamh go minic, toisc nach bhfuil aithne agam ar go leor daoine atá Gaeilge acu), níl an iomarca seansanna agam chun úsáid a bhaint as an teanga, gan trácht ar cur chun cinn.

    Is Leor Beirt https://www.facebook.com/isleorbeirt

Advertisement