Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Gaeilgeoirí i mBarcelona?

Options
  • 04-10-2012 4:19pm
    #1
    Registered Users Posts: 66 ✭✭


    Táim tar éis áistriú go Barcelona, agus tá uaim a bheith a fhios agam cé acu atá Gaeilgeoirí (nó daoine atá ag foghlaim Gaeilge) in a gcónaí i mBarcelona. Aon duine?


Comments

  • Registered Users Posts: 83 ✭✭Sure it will be grand


    Tá mise thíos sa Chomhphobail Vaileinsis. Cuir scairt orm má tá tú thart. :pac:


  • Registered Users Posts: 66 ✭✭ciaran1212


    Tá mise thíos sa Chomhphobail Vaileinsis. Cuir scairt orm má tá tú thart. :pac:

    Cuirfidh mé! :) Níl plean ar bith agam chun cuairt a thabhairt ar Valencia i láthair na huaire, ach má athraíonn mo phleananna, cuirfidh mé in iúl duit faoi.


  • Registered Users Posts: 83 ✭✭Sure it will be grand


    ciaran1212 wrote: »
    cuirfidh mé in iúl duit faoi.

    Igualmente, si estoy i mBarca.

    Chuir mé ainm Gaeilge nua ar Valencia: An Vaileins! Níl sé san fhoclóir go fóill ach táim ag iarraidh :p


  • Closed Accounts Posts: 1,401 ✭✭✭Seanchai


    Nach bhfuil an fear fíoréirimiúil Tomás Mac Siomóin ag maireachtáil imBarcelona le fiche nó tríocha bliain anuas anois?


  • Registered Users Posts: 66 ✭✭ciaran1212


    Chuir mé ainm Gaeilge nua ar Valencia: An Vaileins! Níl sé san fhoclóir go fóill ach táim ag iarraidh :p

    Is maith liom é :D. Cad a ceapann tú faoi "An Bhearsalóin"? :P.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 66 ✭✭ciaran1212


    Seanchai wrote: »
    Nach bhfuil an fear fíoréirimiúil Tomás Mac Siomóin ag maireachtáil imBarcelona le fiche nó tríocha bliain anuas anois?

    He, ní raibh eolas agam faoi. Is cuma duine gnóthach air, nílim cinnte gur maith leis é má a raibh mé dá chrá. Duine suimiúil is ea é, áfach.


  • Registered Users Posts: 83 ✭✭Sure it will be grand


    ciaran1212 wrote: »
    I ndáiríre? Is as Sheanchill mé féin agus bhí mé sa Teisceó beag sin míle uaireanta gan focail amháin Gaeilge a chloisteáil.

    La verdad! Duirt sí go bhfuil a mac ag freastal ar Ghaelscoil Phádraig ar an mBaile Breac agus bíonn siad ag caint as Gaeilge le chéile go minic.

    An Seanchiladóir thú freisin ina chónaí sa Spáinn?! Estoy en Xanjil anois díreach pero me volveré go dtí An Vaileins go pronto.

    Uair amháin eile, chuala mé beirt leaids ag béicíl as Gaeilge i mBarnardos! D'fhreastal siad ar Choláiste Eoin blianta ó shin agus bhí neart Gaeilge acu fós.

    Bímse féin agus mo chara ag caint as Gaeilge i dTígh Mhicí agus Tígh Bhrádaigh ó am go ham, agus bíonn an-chraic againn ar fad!

    Cén chaoi a bhfuil an chraic sa Bhearsalóin? An bhfuil Caistílis líofa ad' nó an bhfuil tú ag foghlaim?


  • Registered Users Posts: 66 ✭✭ciaran1212


    Uair amháin eile, chuala mé beirt leaids ag béicíl as Gaeilge i mBarnardos! D'fhreastal siad ar Choláiste Eoin blianta ó shin agus bhí neart Gaeilge acu fós.

    He, b'fhéidir go bhfuil aithne agam orthu. Tá beirt chairde agam atá ina gcónaí thíos an sráíde díom, is deartháireacha iad agus d'fhreastal siadsan ar Choláiste Eoin.
    Bímse féin agus mo chara ag caint as Gaeilge i dTígh Mhicí agus Tígh Bhrádaigh ó am go ham, agus bíonn an-chraic againn ar fad!

    :( Cén fáth nach raibh eolas a'm faoi sin roimhe seo!? Ní raibh go leor seansanna agam úsáid a bhaint as mo chuid Gaeilge agus a bhí mé i mo chónaí ann, agus níos lú anois. Ní bheidh mé líofa choíche!
    Cén chaoi a bhfuil an chraic sa Bhearsalóin? An bhfuil Caistílis líofa ad' nó an bhfuil tú ag foghlaim?

    Táim ag foghlaim fós, nílim líofa ach ag an Bhéarla, ar an drochuair. Táim ag déanamh iarracht ná Catalóinis agus Spáinnis (agus Gaeilge, nuair an t-am agam) a fhoghlaim. Agus tusa? Conas atá do chuid Catalóinis, ó, gabh mo leithscéal, "Vaileinsis" (nó an bhfuil tú ceart go leor leis an gCaistílis amháin)?


Advertisement