Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.
Hi all, please see this major site announcement: https://www.boards.ie/discussion/2058427594/boards-ie-2026

Ospidéal na Gaillimhe ag Aistriú Ainmneacha Pearsanta

  • 25-09-2012 07:25PM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 152 ✭✭

    Tháinig litir dom sa bpost inniu. Coinnigh ó Ospidéal na Gaillimhe. Bhí m'ainm aistrithe go Béarla acu (bhuel, bhí an sloinne aistrithe go Béarla - bhí m'ainm baiste aistrithe go...níl fhios agam céard - gobbeldygook!).

    Chuala mé nach é seo an chéad uair a rinne Ospidéal na Gaillimhe a leithéid agus go bhfuil feachtas neamh-oifigiúl ar siúl acu in aghaidh úsáid ainmneacha Gaeilge.

    Céard is féidir liom a dhéanamh faoi seo? Tuigim in Éirinn go bhfuil an ceart agat de réir dlí an leagan Béarla nó/agus an leagan Gaeilge de d'ainm a úsáid mar a shocraíonn tú féin, ach an dtugann sé sin cead do dhuine eile d'ainm a aistriú gan chead?

    An cás é seo don gCoimisinéar Teanga nó an bhfuil freagra simplí ar an scéal?

    [Ní gá dom a lua nár úsáid mé riamh an leagan Béarla de m'ainm ón lá a rugadh mé!].

Comments

  • Closed Accounts Posts: 1,285 ✭✭✭An Coilean

    Sheol litir chuig an Ospeideal ag gearán faoin aistriú ainm, mura bhfuil tú in ann freagra a fháil nó mura bhfuil siad sásta éirí as an seafóid sin, téigh chuig an Coimisinéar leis an scéal.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 134 ✭✭An Sionnach Glic

    An Coilean wrote: »
    Sheol litir chuig an Ospeideal ag gearán faoin aistriú ainm, mura bhfuil tú in ann freagra a fháil nó mura bhfuil siad sásta éirí as an seafóid sin, téigh chuig an Coimisinéar leis an scéal.

    Moladh maith. Bhí Amharclann na Mainistreach ag déanamh an ruda chéanna le mo chuid sonraí. Scríobh mé ríomhphost chucu as Gaeilge ar dtús agus ceann eile as Béarla ina dhiaidh sin. Ní bhfuair mé freagra ar cheachtar acu. Rinne mé gearán leis an gCoimisinéir Teanga (eolas@coimisineir.ie) ansin agus dúradh liom tamall gearr ina dhiaidh sin go raibh an fhadhb réitithe agus fuair mé ríomhphost as Gaeilge ó Amharclann na Mainistreach ag gabháil leithscéil liom faoi dheireadh! :) Ní athróidh rud ar bith mura ndéanaimid gearáin chun ár gcearta a bhaint amach.

  • Closed Accounts Posts: 92 ✭✭somairle

    Cuir riomhphost ag an gcomisinéir sílim má tá siad ag déanamh é an t-am ar fad le 'chuile dhuine eile freisin. Níl sé ceart.

    Caithfidh mé a rá tá an séibhisí poblaí go hiontach liomsa nuair atá mé ag úsáid m'ainm Gaelach, ní raibh fadb ar bith agam i mo shaol. Tá sin úafasach ainmeacha a áistriú in aon teanga. Bíodh geall nach bhfuil siad ag déanamh é lena ainmeacha Polanach srl

Advertisement