Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Cainteoirí dhúchais agus neamhdhúchais

Options
  • 10-09-2012 9:26pm
    #1
    Registered Users Posts: 66 ✭✭


    Cé mhéid chainteoirí dhúchais agus neamhdhúchais atá againn anseo? Is mise "cainteoir" neamhdhúchais (is ciall fairsing í ná tagairt a dhéanamh dom mar "chainteoir"), agus is léir é.

    An bhfuil tú i do chainteoir dhúchais nó neamhdhúchais? 7 votes

    Cainteoir dhúchais
    0% 0 votes
    Cainteoir neamhdhúchais
    100% 7 votes


Comments

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Is léir go bhfuil an chuid is mó dúinn cainteoirí neamh dhúchasach!

    Ní cóir go mbeidh scair mar sin idir Gaelgeoirí. Níos tábhachtach go bhfuil daoine ag úsáid an teanga i mo thuairimse!


  • Registered Users Posts: 66 ✭✭ciaran1212


    Cinnte, agus is dearcadh an-chéillí é sin. Níor mhaith liom ach fáil amach cad é an coibhneas.


  • Registered Users Posts: 4,698 ✭✭✭Gumbi


    Cad is brí le "cainteoir ó dhúchas"?. Mé féin, mar shampla, tógadh trí mheán na mé ó thaobh m'athar de. Ní as Gaeltacht é, ach cathair Luimnigh, ach tá Gaeilge foirfe is líofa aige.

    Mar sin, ba í an Ghaeilge an teanga is fearr agam (i gcomparáid leis an mBéarla), ar a laghad go dtí go raibh mé seanda go leor le comhluadar a bheith agam le daoiní eile.

    (cuirim milleán na mbotún, má tá siad ann, ar autocorrect :D)


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Ceapaim gur cainteoir dúchasach é duine ar bith a fás suas le Gaeilge mar príomhtheanga an teaghlach.

    Is léir áfach nár cainteoir dúchasach mé nuair atá gá an foclóir a úsáid chun abairt Ciarán a thuisceant! :)

    Deirinn go mbeidh níos mó cainteoirí neamh dúchasach anseo mar tá siad ag iarraidh an Gaeilge a úsáid áit ar bith!


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,857 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    D'fhoglaim mé mo chuid Ghaeilge ar scoil, i gcoláistí Samhraidh agus i rith mo chúrsa tríú leibhéal. Labhraíonn mo mháthair cúpla focal anois is arís. Níl ach "bainne" ag m'aithir! :D

    Níl an iomarca dínn i gCathair Luimnigh (seachas mo dhuine thuas, Gumbi, b'fhéidir :) ) ach bainim taitneamh as comhluadar sa teanga seo chomh minic agus is féidir liom cé nárbh as ceantar Gaeltachta mé de dhúchas.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 66 ✭✭ciaran1212


    Tá níos mó ná an cúpla focal ag m'athair, níl sé líofa ach tá roinnt maith Ghaeilge aige. D'ainneoin é sin, níor labhair sé í liom seachas na cúpla frása mar "suas an staighre leat!" nó "It's leaba time" nó "dún an doras" 7rl. Ar a bharr sin, ní dhearna mé í ar scoil (bhí díolúine agam), agus nuair a chríoch mé le scoil ní raibh focal Ghaeilge ar bith agam. Anois agus atáim tar éis í a thosú i m'am saor táim in ann comhrá a dhéanamh le m'athair as Gaeilge, agus is iontach é sin! Ach is bun agus barr an scéil ná nach bhfuilim i mo chainteoir dhúchais agus b'fhéidir nach bhfuilim sa gcás céanna i gcomparáid leis an gcuid is mó na ndaoine eile sa tír (toisc nach dhearna mé Gaeilge sa scoil).


  • Registered Users Posts: 134 ✭✭An Sionnach Glic


    Gumbi wrote: »
    Cad is brí le "cainteoir ó dhúchas"?. Mé féin, mar shampla, tógadh trí mheán na mé ó thaobh m'athar de. Ní as Gaeltacht é, ach cathair Luimnigh, ach tá Gaeilge foirfe is líofa aige.

    Mar sin, ba í an Ghaeilge an teanga is fearr agam (i gcomparáid leis an mBéarla), ar a laghad go dtí go raibh mé seanda go leor le comhluadar a bheith agam le daoiní eile.

    (cuirim milleán na mbotún, má tá siad ann, ar autocorrect :D)

    Má tógadh le Gaeilge thú ón gcliabhán, is cainteoir dúchais thú, beag beann ar an áit a bhfuil cónaí ort. D'fhéadfá a bheith á thógáil i Nua-Eabhrac agus a bheith i do chainteoir dúchais Gaeilge.


Advertisement