Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Baile Átha Cliath agus Maigh Eo

Options
  • 31-08-2012 9:22am
    #1
    Registered Users Posts: 780 ✭✭✭


    An mbeidh an bua ag imreoirí na príomhchathrach nó ag fir an iarthair ar an Domhnach seo, 2 Meán Fómhair 2012?

    Beidh Alan Brogan ar ais ag imirt chun tosaigh ar dheis ar fhoireann na príomhchathrach tar éis sos de bharr gortaithe a bhain dó le linn cluiche ceannais chúige Laighean in aghaidh contae na Mí.

    Dar ndóigh beidh dhá sheans ag BÁC mar go mbeidh siad ag imirt sa chluiche mionúir chomh maith in aghaidh foireann na ríochta.


Comments

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Ceapaim go mbeidh an bua ag Átha Cliath - é sin ráite ceap mé é sin i 2006 freisin!

    Dhá foireann diffriúil againn anois, tá foireann Átha Cliath níos fearr gan dabht - é sin ráite níl siad ag imirt mar foireann maith. Níl an ocrais acu...

    Cad a ceapann tú áfach?


  • Registered Users Posts: 780 ✭✭✭craoltoir


    Tá mé neodrach i ndáiríre. Sin ráite, déarfainn go mbeidh an bua ag an fhoireann cois Life.


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Tá ráflaí ann go bhfuil deacracht le Diarmuid Connolly:(
    Má imríonn BÁC mar a d'imríodar anuraidh beidh cluiche an Domhnaigh sa mhála acu....ach seo 2012 agus níl a dhath le cailliúint ag Maigh Eo.
    I dtaca le holc caithfidh mé an nod a thabhairt do Na Dubs.


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Cén sórt deacrachtaí!? An bhfuil sé gortaithe?

    Tá súil agam go mbeidh chluiche ana mhaith anois!


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Tá sé díreach i ndiaidh bheith ainmnithe san fhoireann atá le toiseacht mar sin ní raibh na ráflaí fíor (nó thánaghas ar socrú).


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Tá sé díreach i ndiaidh bheith ainmnithe san fhoireann atá le toiseacht mar sin ní raibh na ráflaí fíor (nó thánaghas ar socrú).

    Bhí na ráflaí fíor :(

    Droch toradh ar aon nós :o


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Is beag an suim atá agam sa pheil Ghaelach/an CLG go ginearálta, ach cuirtear mionghaire orm gach uair a fheicim go scroistear bandwagon BÁC.


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Paz-CCFC wrote: »
    Is beag an suim atá agam sa pheil Ghaelach/an CLG go ginearálta, ach cuirtear mionghaire orm gach uair a fheicim go scroistear bandwagon BÁC.

    Mar a dúirt an culsí in Ardán Uí Ógáin "Níl mé claonta, is cuma liom a bhufas ar Na Dubs"


Advertisement