Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Eimear nó Éimear?

  • 29-07-2012 8:03am
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 350 ✭✭


    Beidh leanbh nua agam I gceann cúpla seachtain. taitníonn liom an ainm eimear ach níl mé cinnte cad é an litriú ceart?


Comments

  • Closed Accounts Posts: 439 ✭✭Ms.M


    Eimear.

    é = "Ay"

    Comhghairdeas leat as an leanbh nua! :)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,360 ✭✭✭deirdremf


    fitzie79 wrote: »
    Beidh leanbh nua agam I gceann cúpla seachtain. taitníonn liom an ainm eimear ach níl mé cinnte cad é an litriú ceart?
    Mar a tharlaíonn, níl ceachtar acu ceart.

    Éimhear an t-ainm ceart - cumadh Emer thart ar chéad bliain ó shin, mar cé gur scríobhadh an t-ainm mar sin sa seanGhaeilge, bhí séimhiú i gcónaí ar an litir M idir dhá ghuta, cé nár scríobhadh an séimhiú go dtí níos deireanaí! Ach sa lá atá inniu ann, glactar leis an leagan gan an séimhiú.

    Bíodh sin mar atá, chuirfinn féin fada ar an E!


  • Closed Accounts Posts: 439 ✭✭Ms.M


    Déarfainn go bhfuil an OP ag lorg litriú cuí don fhuaimniú "Eee"mer sa Nua-Ghaeilge.
    Eimear = :) Éimhear = :) Éimear = :(

    Ach ní féidir "Éimhear" a fhuaimniú mar "Eimear".

    Dar liomsa. :D


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,360 ✭✭✭deirdremf


    Ms.M wrote: »
    Déarfainn go bhfuil an OP ag lorg litriú cuí don fhuaimniú "Eee"mer sa Nua-Ghaeilge.
    Eimear = :) Éimhear = :) Éimear = :(

    Ach ní féidir "Éimhear" a fhuaimniú mar "Eimear".

    Dar liomsa. :D
    B'fhéidir go bhfuil an ceart agat, ach má tá an fhuaim bhéarla uaithi, ba chóir di "ímear" a scríobh.

    Ar an taobh eile, chonaic mé "Éimear" scríofa, ach ní fhaca mé "Eimear" go dtí seo. Cuireann sé an focal Gearmáinise do bhuicéad i gcuimhne dom, caithfidh mé a rá!http://de.wikipedia.org/wiki/Eimer_%28Beh%C3%A4lter%29


Advertisement