Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Idirdhealú I gCoinne Téacsóirí Gaeilge

  • 18-07-2012 8:48pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,529 ✭✭✭


    An bhfaca éinne an píosa ar nuacht RTÉ faoin idirdhealú seo? De réir dealramh, cosnaíonn sé trí uair níos mó chun téacs a sheoladh má chuirtear síneadh fada leis? Ní raibh seo ar eolas agam ríomh. Cheapas gur ionann guta móide síneadh fada agus trí charactar, ach ag méadú chostas an téacs é féin faoi thrí? Faoi láthair, is dóigh liom gur 13c gnáthchostas an téacs - mar sin, caithfear 39c a íoc as téacs amháin. Sin náireach.

    Dúradh go dtógfadh grúpa Gaeilge (dheineas dearmad ar an ainm) cás faoi sarú a gcearta bunreachtúla. Maith thú, dar liomsa. Sáraíonn seo ní hamháin stádas na Gaeilge mar phríomh teanga an tír, ach cearta comhionannais freisin, i mo thuairimse. Má chaithfear costas sa bhreis a íoc le haghaidh comhartha diaicritice sa Ghaeilge, is dócha go gcaithfear é a íoc le hagaidh teangacha eile mar Spáinnis agus Fraincis, gan trácht ar theangacha i gcló difriúil cosúil le Coireallach.


Comments

  • Closed Accounts Posts: 439 ✭✭Ms.M


    Tá an ceart ag Comhluadar. Déarfainn go n-éireoidh leo.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir


    D'fhéadfadh an rialtas gníomhú agus a chinntiú go mbíonn gach gnó a dhéanann gnó sa tír aitheantas a thabhairt don ghaeilge. Mar shampla is minic nach féidir an síneadh fada a úsáid ar suíomhanna idirlíon chomh maith.

    Uaireanta eile ní ghlacfaidh an suíomh leis an fad ar chor ar bith - mar shampla má bhíonn fada ar litir i do sheoladh ní ghlacfaidh sé leis.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,529 ✭✭✭Paz-CCFC


    craoltoir wrote: »
    D'fhéadfadh an rialtas gníomhú agus a chinntiú go mbíonn gach gnó a dhéanann gnó sa tír aitheantas a thabhairt don ghaeilge. Mar shampla is minic nach féidir an síneadh fada a úsáid ar suíomhanna idirlíon chomh maith.

    Fad is atá méarchlár Éireannach/Eorpach, ina bhfuil tú in ann fada/accent aigu irl a úsáid, nach nglacfaidh an suíomh leis?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir


    Ní bhaineann sé le do ríomhaire féin. Feicfidh tú an síneadh fada ar an scáileán ach má fhaigheann tú admháil nó ábhar sa phost bíonn praiseach déanta de na litreacha ar a mbíonn an síneadh fada. Ní tharlaíonn sé i gcónaí ach tarlaíonn sé go minic.


Advertisement