Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Cabraigh liom!

  • 23-05-2012 8:48pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,988 ✭✭✭


    *cabhraigh liom..

    oops.. =/

    Beidh scrúdú orm sa gaeilge amárach agus níl mé abalta an idirlíon a fhagann. =/

    Níl mé go maith ag gaeilge, agus mar sin ceapann go teipfidh mé an scrúdú. Beidh orm aiste a scríobh ar abhar amhain: an timpeallacht, an oige, nó cursaí slainte sa tír

    Cabhraigh liom!

    =(
    if any of the above makes no sense then tá bron orm, mar tá caighdean crap agam. =P


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Tá cad a scríobh tú breá soléite.

    Ní haon mhaitheas é seo duit, ach, i ndáiríre, ba chomhair duit tar anseo i bhfad níos luaithe ná an oíche roimh an scrúdú. Ní gheobhaidh tú mórán ón fhóram chomh dhéanach seo. Sin ráithe, tá sé níos fearr ná faic.

    Comhairle gairid don todhcaí - póstáil ar an bhfóram seo agus cinn eile seo. Bí ag labhairt le do chairde as Gaeilge, freisin. Cúpla uair sa tseachtain, fiú, sa teach tabhairne. Beidh an mion-obair seo go maith do do chuid Gaeilge.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,988 ✭✭✭Monsieur Folie


    Go raibh maith agat.. Tá mé ag iarraidh mo 'nathanna aiste' a foghlaim anois.

    Ach tá sé ro-dheanach.. =(


  • Closed Accounts Posts: 439 ✭✭Ms.M


    Bhuel, tá súil agam gur thug an ghrian ardú meanman duit. Conas ar éirigh leat? :)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,988 ✭✭✭Monsieur Folie


    Ms.M wrote: »
    Bhuel, tá súil agam gur thug an ghrian ardú meanman duit. Conas ar éirigh leat? :)

    Bhuel, cheap me go mbeadh sé an-deacair, ach chuimhnigh me a lan nathanna agus foclóir nuair a bhí mé ag scríobh! Rinne me aiste faoin cursaí slainte in Eirinn. Labhair mé faoin 'fabhdh na hotrachta' agus faoin 'leigheas nua'. Níl sé go hiontach ach tá súil agam nach theip mé!

    Amárach, beidh cluaistiscint agam. =P


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Conas ar éirigh tú sa chluasthuiscint?


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,988 ✭✭✭Monsieur Folie


    Paz-CCFC wrote: »
    Conas ar éirigh tú sa chluasthuiscint?

    Ní raibh an dlúthdiosca ag obair agus mar sin de, stop mo mhúinteoir é tar eis 'cuid B'. Bhí sé an-greannmhar! Bhí cuid A agus B ceart go leor, ach ní thuig mé cúpla ceist ar an páipear!

    Beidh scrúdú scríofa and bealtriail agam De Déardaoin seo chugainn agus ina dhiaidh sin, beidh me críochnaithe!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Ní raibh an dlúthdiosca ag obair agus mar sin de, stop mo mhúinteoir é tar eis 'cuid B'. Bhí sé an-greannmhar! Bhí cuid A agus B ceart go leor, ach ní thuig mé cúpla ceist ar an páipear!

    Dhera, is docha gur éirigh tú go breá. Béarla, Gaeilge, Fraincís irl, bíonn fadhbanna le cúpla ceist.
    Beidh scrúdú scríofa and bealtriail agam De Déardaoin seo chugainn agus ina dhiaidh sin, beidh me críochnaithe!

    An bhfuil tú sa mheanscoil nó san ollscoil/choláiste?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,988 ✭✭✭Monsieur Folie


    Paz-CCFC wrote: »
    An bhfuil tú sa mheanscoil nó san ollscoil/choláiste?

    Tá mé sa chúigiú bliain i mheanscoil!

    Tá mo mhúinteoir an-deas ach níl sí go maith ar chor ar bith. =P Chaith sí an cuid is mo den bhlian ag caint faoi an Tuiseal Ginideach! Is aoibhinn leí an TG.. :rolleyes:


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Tá mé sa chúigiú bliain i mheanscoil!

    Tá mo mhúinteoir an-deas ach níl sí go maith ar chor ar bith. =P Chaith sí an cuid is mo den bhlian ag caint faoi an Tuiseal Ginideach! Is aoibhinn leí an TG.. :rolleyes:

    Níor tharla sé sin i mo scoil, ach is fuath liom nuair a chloisim scéalta mar seo. An rang ag caitheamh an iomarca ama ar mion-ghramadach. Cur i gcuimhne sna ranganna Béarla, ag meilt ama mar sin.

    Sa choláiste, i dteannta leis na léachtaí, bíonn ranganna comhrá againn. Sna léachtaí, caithimid a lán ama ar mhion-ghramadach - chun a bheith féireáilte, chuas go dtí Gaelscoil/Gaelcholáiste, agus níl siad práinneach domsa mar sin, ach tá roinnt duine nach raibh an bua céanna acu, so caithfidh siad rudaí níos bunúsacha a bhfoghlaim. Sin ceart go leor, ach caithfidh mé an cheist a cur - an bhfoghlaimíonn siad mórán? Ní dóigh liom é, mar bhíonn na léachtaí an-leadránach.

    Cur i gcomparáid é seo leis na ranganna comhrá. Bhí léachtóir amháin againn, agus cuireadh sé ceisteanna casta ort. Ceisteanna féisliúnacha. Mar shampla, d'fhiafraigh sé dúinn an bhfuil an Ghaeilge ag dul sa treo ceart, ag cur í i gcomparáid leis an mBreatnais. Ceist eile ná "Nach ionann Dia agus Daidí na Nollag? Leis an mbeirt acu, beartaíonn tú chun a bheith go maith le haghaidh tréimhse áirithe, agus faigheann tú duais dá bharr".

    Ní na gnáth-cheisteanna mar "Cad as duit?", "Cad iad do chaitheamh aimsire?", blah blah blah. Ceisteanna a chuirfeadh tú i smaoineamh pé theanga ina bhfuil tú á labhairt.

    Is fearr liom an córas múinte seo i bhfad níos mó ná an córas atá formhór na tíre ag úsáid.


Advertisement