Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

An mbíonn tú ag labhairt as gaeilge le do chairde?

  • 17-05-2012 2:17pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 126 ✭✭


    An bhfuil aon duine anseo a bhfuil cairde agaibh le gaeilge, agus má tá gaeilge ag do chairde, an mbíonn tú ag labhairt leo trí ghaeilge? Tá brón orm le haghaidh mo gramadach uafasach ach tá an roinn oideachas caic. ;)


Comments

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,972 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Tá cara amháin agam ón meánscoil agus cara amháin ón gcoláiste a labhraíonn Gaeilge liom go minic. Tá beirt eile a sleamhnaíonn idir Bhéarla agus Gaeilge ó am go ham. Bíonn sé go deas labhairt leo ach ní féidir linn é a dhéanamh go ró-mhinic toisc nach mbíonn na lads eile in ann muid a thuiscint. :P


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,005 ✭✭✭Enkidu


    Ní labhraim Gaelainn ach le mo bhean agus mo dhriofúr athar, ach is fearr dhá dhuine a bheith agat a labhrann siad leat ná a bheith id' aonar.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 126 ✭✭CajunPenguin


    Tá bród agam le haghaidh mo gaeilge agus tá triúr cairde agam le gaeilge líofa, tá seisear i mo bhliain a bhí sa bhunscoil liom (is gaelscoil í) ach tá gaeilge maith ag triúr, b'fhéidir ceathrar acu agus bhíonn mo chairde eile ag féicheant oireann mar seo :confused:


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 148 ✭✭marnie d


    Braitheann sé ar an cara agus an dóigh a bhuail mé leo, níl Gaeilge ag an cuid is mó de mó chairde, ach tá aithne agam ar neart daoine go dtig liom labhairt as Gaeilge leo go rialta.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,969 ✭✭✭laoch na mona


    níl ach ba maith liom chur isteach sa cumann gaelach i ollscoil an bhlian seo chaite


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 66 ✭✭ciaran1212


    Tá cara amháin agam atá in ann Gaeilge a labhairt, ach ní labhraíonn muid é toisc nach bhfuil mo chuid Gaeilge go maith. Nílimid den chaighdeán chéanna, is mar sin ní féidir linn comhrá a dhéanamh le chéile. Déanta na fírinne, ceapaim nach mór dom labhairt le foghlaimeóirí eile a bheith an caighdeán céanna acu.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    ciaran1212 wrote: »
    Tá cara amháin agam atá in ann Gaeilge a labhairt, ach ní labhraíonn muid é toisc nach bhfuil mo chuid Gaeilge go maith. Nílimid den chaighdeán chéanna, is mar sin ní féidir linn comhrá a dhéanamh le chéile. Déanta na fírinne, ceapaim nach mór dom labhairt le foghlaimeóirí eile a bheith an caighdeán céanna acu.

    Cad tá cearr le bheith ag labhairt le duine a bhfuil Gaeilge níos fearr aige? Nach mbíonn tú ag labhairt le daoine a bhfuil Béarla á staidéar acu, mar sin?!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 7,237 ✭✭✭mcmoustache


    Tá an t-ádh liom go bhuil an oiread sin geilgeoirí thimpeall orm.

    Bím ag imirt peil le na Gaeil Óga agus buaileann muid lena chéile trí uair sa tseachtain. Déanann muid 'ch'uile rud trí ghaeilge.

    Tá cáirde agam ó chonnamara shuas anseo i mBAC agus casaim leo sách minic.

    Glacaim páirt i ndrámaíocht le grúpa aisteoirí neamh-phroifeisiúnta lán-ghaeilge. Fiú amháin nuair nach mbíonn aon dráma ar siúl againn, feiceann muid a chéile go sóisialta go minic.

    Táim i ngrúpa ceoil chomh maith le scata gaeilgeoirí.

    Agus ansin tá Club Chonradh na Gaeilge. Tá aithne mhaith agam ar go leor daoine a théann ansin go rialta agus is ann a dhéanaim and chuid is mó de mo chuid óil.

    Tá gaeilge ag mo chailín agus ag go leor dá cuid cáirde chomh maith. Tá cara eile ag obair liom atá líofa.

    Idir iad sin ar fad, bím ag labhairt gaeilge 'chuile lá ar chúis amháin nó ar chúis eile. Táim thar a bheith baoch gur féidir liom é sin a dhéanamh agus mé i mo chónaí sa chathair.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 625 ✭✭✭mr chips


    Déarfainn go mbeadh thart fá 75% de na comhráite idir mé féin agus mo bheansa trí mheáin na Gaeilge - ní raibh líofacht agamsa nuair a bhuail muid lena chéile, msd ba mhór an t-athrú siceolaíoch a bhí ann don bheirt againn (tá daoine eile ann nach féidir liom ach Gaeilge a labhairt leo, ar an ábhar gur chuir muid aithne ar a chéile trí mheáin na teanga). Tá beirt dhearthar clamhnais agam le Gaeilge, duine acu atá ag tógáil clainne le Gaeilge mar theanga an tí - sin ochtar sa chlann sin. Tá b'fhéidir beirt nó triúr cairde le Gaeilge a bhímse in ann labhairt leo go rialta, agus tá Gaeilge ag an traenálaí sa gym ina mbímse trí lá sa tseachtain! Chomh maith leis sin, tá mé féin i mbun chlub óige lán-Ghaeilge a thagann le chéile go seachtainiúil.

    Go fóill beag, mothaím nach mbíonn go leor deiseanna labhartha Gaeilge agam!! B'fhearr liom é dá dtiocfadh liom mo shaol ar fad a chaitheamh sa teanga.


  • Closed Accounts Posts: 92 ✭✭somairle


    Níl a fhios agam daoine ar bith le Gaeilge, labhraim liom féin :p


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 980 ✭✭✭Seannew1


    Bím mar tá mé ag déanamh staidéir ar an nGaeilge agus déanann mé mo dhícheall Gaeilge a spreagadh agus a choinneáil.Ach má tá mo chairde ag labhairt Béarla,labhraím Béarla leo agus má tá siad ag labhairt Gaeilge,labhraím Gaeilge leo,mar sin ní chuireann siad isteach orm ar scor ar bith má tá daoine ag iarraidh teanga amháin a labhairt.An rud is mó a chuireann isteach orm ná bíonn go leor focal Béarla ag mo chairde nuair atá siad ag labhairt Gaeilge cé go bhfuil siad líofa!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2 Ms.Horan


    Ní labhraíom Gaeilge le mo chuid chairde, ach nuair a bhíonn muid san Baile Mór, téann muid isteach sna siopaí agus bíonn muid ag labhairt agus ceapann na daoine a bhíonn á obair istigh san siopa go bhfuil muid ag cant teanga an tSín nó rud éigin... an- greanmhar.


Advertisement