Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.

Fotheidil TG4

  • 10-02-2012 10:19PM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2, Paid Member Posts: 1,529 ✭✭✭


    An bhfuil an bealach chun na fotheidil ar TG4 a mhúchadh? Is ceann de na rudaí beaga a chuireann soir mé. Mealltar mo shúile agus ní féidir liom díriú ar cad atá ag tarlúint ar an teilifís. An bhfuilim greamaithe leo nó an féidir liom iad a mhúchadh?


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,378 ✭✭✭deirdremf


    Paz-CCFC wrote: »
    An bhfuil an bealach chun na fotheidil ar TG4 a mhúchadh? Is ceann de na rudaí beaga a chuireann soir mé. Mealltar m'aghaidh agus ní féidir liom díriú ar cad atá ag tarlúint ar an teilifís. An bhfuilim greamaithe leo nó an féidir liom iad a mhúchadh?
    Ní dóigh liom go bhfuil. If fuath liom iad, cuireann siad soir mé freisin.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 942 ✭✭✭An gal gréine


    Ag smaoineamh ar na 'ratings' atá siad. Is cosúil nach mbeadh siad chomh hard gan na fo-theidil! Trua nach bhfuil cnaipe leis an rogha fáil réitigh leo.


  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,672 Mod ✭✭✭✭dory


    Cuireann siad isteach go MÓR orm. Is fuath liom iad. Cheapfá leis an teicneolaíocht ar fad atá againn na laethanta seo go mbeadh slí éigin chun iad a bhaint.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir


    Ní gá dóibh ach na fotheidil a chur ar fáil ar an gcóras teileathéacs, ansin is féidir iad a roghnú nó gan iad a roghnú de réir mar a theastaíonn uait féin. Níor cheart go mbeadh TG4 chomh buartha faoi lucht féachana nach bhfuil gaeilge acu a mhealladh.


  • Posts: 0 ✭✭✭ [Deleted User]


    craoltoir wrote: »
    Ní gá dóibh ach na fotheidil a chur ar fáil ar an gcóras teileathéacs, ansin is féidir iad a roghnú nó gan iad a roghnú de réir mar a theastaíonn uait féin. Níor cheart go mbeadh TG4 chomh buartha faoi lucht féachana nach bhfuil gaeilge acu a mhealladh.

    Gan lucht féachana nach bhfuil Gaeilge (foghlaimeorí nó daoine gan aon Gaeilge) acu, gheobhfaidís bás.

    Is fuath liom nach bhfuil a lán seóanna le fotheidil Gaeilge chomh maith leis na fotheidil Béarla.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire


    Níl na fotheidil le fáil ar na clár do daoine óga, beidh orbh breathnú ar cártún :P


  • Registered Users, Registered Users 2, Paid Member Posts: 1,529 ✭✭✭Paz-CCFC


    Cliste wrote: »
    Níl na fotheidil le fáil ar na clár do daoine óga, beidh orbh breathnú ar cártún :P

    Níl sé ar fáil ar craoltaí beo, freisin, cósúil leis an spórt beo.

    D'iarraigh mé féachaint ar Mná an IRA inné a bhí taifeadta, ach bhí orm é a mhúchadh leath slí tríd. Bhíos ag iarraidh neamhard a dhéanamh do na fotheidil níos mó ná a bhíos ag féachaint ar an gclár!

    Is mór an trua é, mar is dócha go bhféachainn ar TG4 i bhad níos minicí dá mbeadh a rogha againn iad a mhúchadh.


  • Posts: 0 ✭✭✭ [Deleted User]


    saoithíneach agus neamhord éigníoch dúghafach - sin dhá focal nua domsa. Maith sibh.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 134 ✭✭An Sionnach Glic


    Eolas ó TG4 faoi na fotheidil éagsúla a chuireann siad ar fáil.

    http://www.tg4.ie/ie/tv-listings/subtitles.html


  • Registered Users, Registered Users 2, Paid Member Posts: 1,529 ✭✭✭Paz-CCFC


    Ní féidir iad a mhúcadh fós, mar sin?


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir


    Ba cheart go mbeadh ort fotheidil a roghnú má tá siad uait. Is masla é do phobal na gaeilge go bhfuil na fotheidil greannta ar an scáileán pé acu a theastaíonn siad uait nó nach dteastaíonn. Tá an córas digiteach i bhfeidhm anois agus ní gá ach cnaipe amháin a bhrú ar an gciansmacht chun fotheidil a roghnú. Tuigim ó thaobh cúrsaí tráchtála/fógraíochta de go dteastaíonn ó TG4 an lucht féachana is mó, cuma a bhfuil gaeilge acu nó nach bhfuil, a mhealladh. Ní chreidim gur cheart an polasaí seo a leanúint. Ba cheart go gcuirfí dóthain airgid ar fáil ón státchiste ionas nach mbeadh ar TG4 a bheith ag braith ar lucht féachana gan ghaeilge. Cén fáth nach gcuireann siad fotheidil i ngaeilge ar na scannáin ón iasacht a bhíonn i dteangacha eile?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,963 ✭✭✭Meangadh


    Sea ba cheart go mbeadh sé éasca é sin a dhéanamh sa lá atá inniú ann. Bím ag féachaint orthu fiú muna mbíonn siad as teastáil uaim- tá sé deacair gan bheith ag féachaint orthu!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir


    Beidh leascheannaire TG4, Pádraic Ó Ciardha, faoi agallamh ar Cormac @ 5 ar Raidió na Gaeltachta inniu, 6 Samhain. Tosnaíonn an clár tar éis na nuachta ag a cúig. Is féidir leat do thuairimí a sheoladh chuig cormac5@rte.ie


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 942 ✭✭✭An gal gréine


    craoltoir wrote: »
    Beidh leascheannaire TG4, Pádraic Ó Ciardha, faoi agallamh ar Cormac @ 5 ar Raidió na Gaeltachta inniu, 6 Samhain. Tosnaíonn an clár tar éis na nuachta ag a cúig. Is féidir leat do thuairimí a sheoladh chuig cormac5@rte.ie

    Go raibh maith agat a Chraoltóir, d'éist mé leis an díospóireacht sin.
    Tig linn glacadh leis ón méid a dúradh go mbeidh rogha ann gan mhoill glacadh le fo-theidil i mBéarla nó le fo-theidil i nGaeilge nó scáileán gan fo-theidil ar bith a bheith ann....dá luaithe 'sé is fearr.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 264 ✭✭earwax_man


    Ba cheart a bheith ar nós S4C i gCymru; tig leo fotheidil a roghnú


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire


    Conas a déantar é sin?

    An bhfuil ar daoine é a roghnú gach am a tosaíonn siad le S4C? Nó an bhfuil sé roghnaighe agus is féidir fáil réigh leo?


Advertisement