Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

word formation (preffixes, suffixes, etc)??

Options
  • 30-12-2011 9:56pm
    #1
    Registered Users Posts: 161 ✭✭


    cá háit faoin spéir atá teacht ar an tsórt sin rud as gaeilge??? mífhéidir nach bhfuil sé ann! tá sé bunúsach do teanga ar bith! is fuath liom nuair atá mar shampla an focal "leisciúil" agam cheana ach fós féin tá orm "laziness" a lorg san fhoclóir :P cuireann sin soir mé mar go bhfuilim in ann ainmfhocal a dhéanamh de haidiacht i mBéarla gan stró, agus níl cainteoir dúchais mé... ach níl an chumas sin agam as Gaeilge i ngeall ar an easpa foinsí ar "preffixes/suffixes/srl".

    éinne in ann cabhrú liom le bhur dtoil? :(
    go raibh míle míle maith agaibh as an aird a thabhairt fiú!!


Comments

  • Registered Users Posts: 4,905 ✭✭✭Aard


    Níl a fhios agam cá bhfaightear an t-eolas sin "ar líne" (nó san fhíor-saol dála an scéil...). Tá sé deacair aistriú focal ar fhocal ó theanga amháin go teanga eile, mar is eol duit gan dabht, ach rud eile le tabhairt faoi deara maidir le seo ná an coincheap "productivity" as Béarla. Sé sin le rá, is féidir mar shampla "-ness" a chuir i ndiaidh an-chuid ainmfhocal -- deirtear go bhfuil sé "productive". Ach as Gaeilge, ní féidir "-(e)acht" a chuir i ndiaidh ach beart beag d'ainmfhocail -- "unproductive". Tá níos mó iarmhíreanna (suffixes) nach bhfuil productive (táirgiúil?) as Gaeilge, agus mar sin de is gá duit foghlaim cén cheann a oireann d'ainmfhocal faoi leith.

    Feictear é seo chomh maith san uimhir iolra d'ainmfhocail. As Béarla cuirtear "s" ag deireadh focail -- an-éasca ar fad, agus an-táirgiúil mar iarmhír. Ach scéal eile go hiomlán leis an nGaeilge...!

    Bealach fada é seo go léir lena rá nach bhfuil modh simplí ann, agus go bhfuil ort iad a fhoghlaim ceann ar cheann don chuid is mó! :( Ádh mór :)


  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa


    thugas é sin faoi deara. Ach tá loighic éigin ann sa Ghaeilge i gcomhthéacs deilbhíocht, cé gur mion é. Ní hea go bhfuil sé do-dhéanta an Ghaeilge a fhoghlaim gan líosta míreanna agam, ach táim ag déanamh taighde ar loighic na teangacha, só... ba bhreá liom teacht ar an tsórt sin foinse más féidir ^^'

    ach go raibh míle as an freagra sciobthaí :D


  • Registered Users Posts: 4,905 ✭✭✭Aard


    Tar éis roinnt beag google-áil, tháinig mé ar an nasc seo: http://www.uni-due.de/DI/Vocabulary.htm#productive

    Tá sé suimiúil comparáid a dhéanamh idir an dá theanga ó thaobh míreanna de. Níl ach réamh-mhíreanna anseo, áfach.


  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa


    O_O

    go raibh MÍLE maith agat!!!!!!!!!!
    áthbhliain faoi mhaise!! :D


  • Registered Users Posts: 1,872 ✭✭✭deirdremf


    cá háit faoin spéir atá teacht ar an tsórt sin rud as gaeilge??? mífhéidir nach bhfuil sé ann! tá sé bunúsach do teanga ar bith! is fuath liom nuair atá mar shampla an focal "leisciúil" agam cheana ach fós féin tá orm "laziness" a lorg san fhoclóir :P cuireann sin soir mé mar go bhfuilim in ann ainmfhocal a dhéanamh de haidiacht i mBéarla gan stró, agus níl cainteoir dúchais mé... ach níl an chumas sin agam as Gaeilge i ngeall ar an easpa foinsí ar "preffixes/suffixes/srl".

    éinne in ann cabhrú liom le bhur dtoil? :(
    go raibh míle míle maith agaibh as an aird a thabhairt fiú!!

    Ceist an-mhaith, gan amhras. Ni feidir liom dul isteach sa sceal anois mar nach bhfuil me sa mbaile.
    Ach thug tu sampla suimiuil, mar is iarmhir i "uil".
    Mar sin, sa gcas seo, bheadh ort an iarmhir a bhaint chun teacht ar "laziness": leisce!


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,872 ✭✭✭deirdremf


    Ta liostai i gCaibidil 24 de Ghraiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí

    http://ec.europa.eu/translation/irish/documents/christian_brothers_comprehensive_irish_grammar_ga.pdf


  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa


    a Dheirdre, go raibh míle maith agat. S'éard a bhí uaim go díreach :D oh, áthbhliain faoi mhaise duitse (ar éigean a ndearnas dearmad é a rá XD)


  • Registered Users Posts: 1,872 ✭✭✭deirdremf


    a Dheirdre, go raibh míle maith agat. S'éard a bhí uaim go díreach :D oh, áthbhliain faoi mhaise duitse (ar éigean a ndearnas dearmad é a rá XD)
    Fáilte agus fiche.
    'Sé Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí an leabhar gramadaí Gaeilge is cuimsithí atá ar fáil. B'fhiú cóip de a cheannacht má thagann tú go hÉirinn. Nó é a cheannacht ar líne, ar ndóigh.


  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa


    oh cinnte! táim chun dul á lorg agus mé in Éireann an bhliain seo chugainn! :D


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,858 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord




  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa


    oh cinnte! táim chun dul á lorg agus mé in Éireann an bhliain seo chugainn! :D

    an bhliain seo actually :p

    agus grma as an pdf ^^


Advertisement