Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Conas atá tú?

Options
  • 03-12-2011 1:57pm
    #1
    Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,858 Mod ✭✭✭✭


    Nó goidé mar atá tú, nó cén chaoi bhfuil tú, fiú? :)

    Ceisteanna simplí atá iontu, a iarrtar minic go leor, ach de ghnáth tugtar freagraí simplí freisin. Ní deir daoine na fírinne i gcónaí nuair a bhíonn orthu a mothúcháin féin a léiriú do dhaoine eile, fiú dá gcairde nó dá dteaghlaigh.

    Mar sin conas a mhothann sibh faoi láthair?


Comments

  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,481 Mod ✭✭✭✭dory


    Traochta!!

    Ag iarraidh aistí a scríobh agus a ceartú ag an am chéanna. Aoibhinn beatha an scoláire?
    Ag tnúth go MÓR leis an Nollaig.

    Conas a bhraitheann tú féin?


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,858 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Braithim go han-mhaith ar fad anocht! Rith mé abhaile nuair a bhíos chríochnaithe ag obair. Turas 5 ciliméadar atá ann, agus dheineas é laistigh de seacht nóiméad is fiche.

    Ní rabhas chomh sásta sin níos luaithe inniu ach an oiread. De bharr an phost atá agam faoi láthair ní bhím in ann dul ag traenáil, agus bíonn sé deacair am a fháil chun buaileadh le cairde chomh maith.

    Tá sé ag cur isteach orm anois, ach caithfidh mé bheith buíoch ag an am céanna fad is atá post agam.


  • Closed Accounts Posts: 1,770 ✭✭✭LeeHoffmann


    Dia dhaoibh! Taim ceart go leor, ach beagan neirbhiseach mar bheidh agallamh agam de Luain agus tosoidh me post nua (post eile nar mhaith liom - sceal casta, nach ea?) de Mairt. Taim ag tnuth go mor leis an Nollaig agus mo laethanta saoire chomh maith dory. An bhfuil plean ar bith agaibh don Nollag, no an bhfuil aon plean ag Teach na nGealt chun bualadh le cheile don choisir Nollag a dheanamh?


  • Registered Users Posts: 1,176 ✭✭✭Jess16


    Dia's mhuire dhaoibh! Smaoineamh fíor spéisiúl OP, cén fáth nach dtugtar an fhirínne mar fheagra sa chás seo dar leat? Gliondar croí orm anocht toisc gur chaith mé an deireadh seachtaine iomlán amach ag ceiliúradh mo bhreithlá -is aoibhinn liom an atmasféar chomh beo a ghabhann leis an Nollaig :)

    Go n-éirí leat san agallamh Lee -inseoidh mé paidir duit!


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,858 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Thosaigh mé an snáithe seo mar bhí mé ag iarraidh dioscúrsa ar an sláinte intinne a thosnú, ach is dócha go bhfuil an díospóireacht i mBéarla ag éirí i bhfad níos fearr inniu! :)

    http://www.boards.ie/vbulletin/showthread.php?t=2056481009


  • Advertisement
  • Moderators, Education Moderators, Regional South East Moderators Posts: 12,481 Mod ✭✭✭✭byhookorbycrook


    Ní bhionn an fhírinne a lorg ag an té a chuireann an cheist!


  • Moderators, Category Moderators, Recreation & Hobbies Moderators, Sports Moderators Posts: 32,384 CMod ✭✭✭✭ShamoBuc


    Ní bhionn an fhírinne a lorg ag an té a chuireann an cheist!

    Sin é díreach é.
    Mar Shampla
    Conas tí?
    Bhuel, tá sé an t-am sin den mhí agus tá veruca ceart ag cur isteach orm ......

    Ní bhíonn an fhírinne á lorg ag an té a chuireann an cheist.


  • Closed Accounts Posts: 1,770 ✭✭✭LeeHoffmann


    Go n-éirí leat san agallamh Lee -inseoidh mé paidir duit!
    Go raibh mile maith agat, a Jess. D'eirigh me go maith san agallamh agus fuair me post nua! Tosoidh me i mhi Eanair. :)


  • Moderators, Category Moderators, Recreation & Hobbies Moderators, Sports Moderators Posts: 32,384 CMod ✭✭✭✭ShamoBuc


    Go raibh mile maith agat, a Jess. D'eirigh me go maith san agallamh agus fuair me post nua! Tosoidh me i mhi Eanair. :)

    Maith thú.


Advertisement