Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

English address only please!

Options
  • 05-11-2011 3:01pm
    #1
    Registered Users Posts: 5,371 ✭✭✭


    The Irish version is for decorative purposes only. I just came across the article below in Gaelsceal. It gives the impression that something like this only happens in Dublin, but I will never forget the grief I got for writing my address in Irish in Galway, Irelands bilingual city. I will never understand how I could give someone my address and they write incorrectly or they write it correctly and the post man deliver it to the wrong address. only in Ireland.



    Deanann ‘feachtas’ An Post i gcoinne na Gaeilge ar aghaidh!
    Céadaoin, 2 Samhain 2011

    “IN a very small number of cases An Post is aware that mail items which are correctly addressed, in Irish, were handled as being wrongly addressed. An Post is taking steps to ensure that this does not happen again,” a dúirt Angus Laverty ag tús mhí Mheán Fómhair ach tá sé soiléir nach bhfuil aon athrú ar an scéal seo. Fuair Dónal Murray, ó Leamhcáin i mBaile Átha Cliath, litir le déanaí leis an ngreamán mór Béarla ar chonaiceamar cúpla mí ó shin air. “Delay caused by incorrect postal address,” i mBéarla amháin scríofa air.

    “Mail which has been incorrectly addressed and is in Irish should have an Irish language ‘incorrect postal address’ label attached and contain the correct address in Irish,” dúirt Angus i mí Mheán Fómhair. Litrigh Vodafone Leamhcán ‘Leauchan’ agus ba bhotún a bhí ansin ach mar réiteach ar an mbotún sin, scríobh An Post ‘Lucan’ ar an gclúdach litreach. “Botún eile a bhí ann,” a deir Angus faoin gcás seo ach gheall sé dúinn go rachaidh sé go dtí an oifig áitiúil agus go cinnteoidh sé nach dtarlóidh sé arís. Chaith Maitiú Ó Coimín, ó Bhaile Átha Cliath freisin, roinnt seachtainí ag fanacht ar sheic ó chomhlacht poiblí i rith an tsamhraidh seo caite toisc go raibh a sheoladh i nGaeilge.

    “Chuaigh mé tríd an bpróiseas arís agus arís eile, chuir mé an leagan Gaeilge in iúl d'Oifig an Phoist áitiúil agus fós ní raibh siad in ann é a thabhairt dom,” a deir sé. Ag an deireadh, bhí air a sheoladh Béarla a úsáid chun an seic a fháil agus tharla an rud ceannann céanna an tseachtain seo caite. Fuair Maitiú litir ar an Aoine seo lena sheoladh i nGaeilge agus 'DOES NOT LIVE AT THIS ADDRESS' scríofa faoi. “Ba léir ón scríbhneoireacht go raibh fearg air (fear an phoist) agus é á scríobh,” a deir Maitiú. Bhí an t-ádh air mar fuair sé an litir faoi deara toisc gur aithin a chara san oifig a sheoladh. “Déanann logainmneacha cinnte nach ndéanfaimid dearmad go bhfuil an Ghaeilge chun tosaigh sa tír seo ar feadh dhá mhíle bliain de bharr an athshondais atá iontu,” a deir Dónall Mac Giolla Easpaig ina pháipéar ‘Placenames Policy and its Implementation’ atá ar fáil ar www.logainm.ie, “Ní féidir cumarsáid a dhéanamh gan logainmneacha. Tagann logainmneacha ó rialacha teanga agus ón bpobal a chruthaítear.”

    Faigh Gaelscéal na seachtaine seo chun tuilleadh a léamh.


Advertisement