Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Ar éirigh leat dul ar saoire?

  • 30-08-2011 12:55pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭


    Anois agus an samhradh (?) thart, ar éirigh leat dul ar thuras agus do scíth a ligean? Dar ndóigh is bocht an aimsir a bhí againn anseo i rith an tsamhraidh oifigiúil. Níor imigh mise fós ach beidh mé ag dul chun na mór-roinne an mhí seo chugainn (An Ostair). Taithníonn na sléibhte agus na locha liom (agus labhairt as gearmáinis).


Comments

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude


    Níor éirigh faraoir.

    Táim fillte ar an gcoláiste anois, so ní bheidh aon saoire agam i mbliana. Bhi samhradh an-leadránach agam, de dhéanta na fírinne. Ní raibh an t-airgead agam dul áit ar bith!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 178 ✭✭maupat


    Níor éirigh liomsa dul ar saoire an tsamhradh seo ach an oiread is oth liom a rá. Agus an geimhreadh ag druidim linn anois ní dóigh liom go mbeidh mé ag dul ar saoire go dtí an bhliain seo chugainn- áit éigin thar sáile tá súil agam ;)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 191 ✭✭Scealta_saol


    Buíochas le Dia bhí seans agam imeacht ar feadh seachtaine. Chuaigh mé go dtí an Róimh ach bhí sé fíor costasach agus ní bheadh seans agam dul ar saoire anois an bhliain seo chugainn ar chor ar bith. B'fhéidir an bhliain ina dhiaidh fiú!

    Ar a laghad bhí seans agam mo scíth a ligeant nuair atáimid laistigh droch-aimsire (san eacnamaíocht agus an aimsir!)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir


    Bhíos sa Róimh cupla uair ach caithfidh mé a rá nár thaitin sé mórán liom. B'fhearr liom tuaisceart na hIodála, loch Como nó Maggiore áit a bhfuil tírdhreach álainn.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 191 ✭✭Scealta_saol


    Chuaigh mé go dtí an Róimh ar son na healaíne agus an ailtireacht. Bhí an-chuid de go hálainn ach aontaím leat, níor thaitin an Róimh go mór liom. Ní raibh muintir na hÍodála fíor deas ach an oiread freisin.

    Bhíos sa Veinéis agus Milano (an aistriúcháin do Milan de réir focal.ie) an bhliain seo chaite agus cé nár haithin Milano liom, thit mé i ngrá leis an Veinéis. Bhí chuile rud go hálainn. Is lár na hAthbheochana í an Iodáil agus b'fhearr liom ealaíon an ré sin.

    Is iad mo chuimhní amháin atá agam faoi láthair áfach, toisc nach beidh aon saoire agam le tamall :(


  • Advertisement
  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,618 Mod ✭✭✭✭dory


    Ní saoire cearta a bhí iontu ach chaith mé cúpla seachtain san Ind agus roinnt mhaith ama i gKosovo. Bhaineas taitneamh astu cé go rabhas ag obair don chuid is mó. Tá súil agam go mbeidh saoire cheart agam an bhliain seo chugainn.


  • Closed Accounts Posts: 6 mf10


    Bhí roinnt saoire gearra againn - Fuaireamar pósta níos luaithe sa samhradh agus bhí 'minimoon' againn in Éirinn agus chuamar ag campáil freisin.
    Ach táimid ag dul ar mí na meala i mí na Samhna - woohoo!!


Advertisement