Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.

Satailít

  • 23-08-2011 10:59AM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭


    An mbaineann morán daoine úsáid as satailít chun féachaint ar an teilifís/éisteacht leis an raidió. An le haghaidh stáisiúin bhéarla nó i dteangacha eile a úsáideann tú do chóras?

    An mbíonn aon fhadhb agat leis an aimsir? An gcailleann tú an comhartha nuair a bhíonn sé ag cur báistí/sneachta?

    Má tá spéis agat san ábhar, abair leat!


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 164 ✭✭pops


    Ní úsáideann fós ach táim féin ag smaoiniú é a fháil so bheadh an-suim agam in aon rud a bheadh le rá ag aon duine faoi!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir


    Is córas maith é. Is féiidir leat mórán stáisiúin a fháil gan aon táille a íoc, seachas an costas a bhaineann leis an gcóras a cheannach an chéad lá - timpeall €250 le haghaidh gach rud (nó níos saoire má tá tú féin in ann an córas a chur isteach).

    Bíonn mías agus glacadóir ag teastáil.

    Má tá tú ag íoc táillí faoi láthair le soláthróir (Sky, UPC nó a leithéid) agus nach bhfuil uait ach stáisiúin ar nós BBC, ITV, Channel 4 agus na stáisiúin Éireannach ba cheart duit smaoineamh ar imeacht uatha agus aeróg a úsáid le haghaidh na stáisiúin logánta agus mias satailíte (60cm) chun na stáisiúin ón Bhreatain a fháil. Beidh rogha mór stáisiúin raidió agus teilifíse ar fáil agat gan táille a íoc astu.

    Tá an córas nua digiteach Saorview ar fáil don chuid is mó againn anois agus na stáisiúin Éireannacha ar fáil ar ardchaighdeán. Má tá teilifís nua á fháil agat go luath ba cheart go mbeadh sé oiriúneach don chóras Saorview.

    Maidir le stáisiúin ón Eoraip is féidir go leor a fháil in aisce ar satailít. Bheadh mias níos mó ag teastáil chuige seo (80cm). Tá go leor roghanna ann chun gur féidir stáisiúin ó satailítí éagsúla a fháil agus eolas fútha ar fáil ar suíomhanna ar nós www.ses-astra.com


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,378 ✭✭✭deirdremf


    Níl a fhios agam cén fáth ach léigh mé an teidil mar "satailt", agus d'fhiafraigh mé díom féin "cé atá á shatailt ag cén duine anois?"

    Ar ábhar eile, bíonn córas saitilíte ar díol i Lidl anois is arís, don té nach mbeadh faitíos air é a chrochadh é féin. (Tugaigí faoi deara nár dúirt mé "é féin a chrochadh"!!!).


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Ba bhreá liom na stáisiúin Fraincise a fháil. An féidir leat córas/trealamh ar leith a mholadh? Cuireann na boscaí éagsúla mearbhall orm.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir


    Is féidir stáisiúin fhraincíse a fháil saor in aisce (ach an trealamh a cheannach agus a shuiteáil) ar Astra 1 nó Hotbird. Beidh teacht agat ar TV5 agus roinnt stáisiúin nuachta (BFM, France 24, ARTE, I-Tele srl). Tá liosta iomlán anseo le haghaidh ASTRA: http://www.onastra.com/2183/channelfinder/tv/search?advanced=yes&country_filter=available_in&country=&language[]=4&package=&orbital_position[]=19.2%C2%B0E&frequency=&type=digital&free=yes

    Má theastaíonn uait stáisiúin ar nós France 3, TF1 srl a fháil beidh ort glacadóir speisialta a cheannach mar aon le cárta. Déan fiosrú le comhlucht áitiúil a chuireann córas satailíte ar fáil cosúil leis an ceann seo i mBaile Átha Cliath:
    http://www.freesat.ie/index.php?cat=French_Free-to-air

    Tá siúl agam gur chabhair an méad seo duit. Bonne chance avec tout!


  • Advertisement
Advertisement