Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Na cúiseanna ar fuath liom Raidió na Gaeltachta

  • 29-07-2011 12:05pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 291 ✭✭


    Míghairmiúlacht ghinearálta, easpa éirime na gcraoltóirí, leibideacht, slaimiceáil dhochreidte maidir le Gaeilge, logainmníocht, fuaimniú focal, is téarmaíocht, agus urlabhraíocht mhíthaitneamhach.

    Seo samplaí dá bhfuil i gceist agam:
    Míghairmiúlacht ghinearálta agus easpa éirime na gcraoltóirí:
    Botúin eolais sa nuacht, agus nach dtugann an léitheoir faoi deara go bhfuil botún déanta aige/aici. An sampla is fearr is cuimhin liom ná an léitheoir á rá gur ball den RUC a bhí i nDílseoir mór le rá, nuair ba bhall den UVF a bhí aici a rá; agus ar eagla na míthuisceana, ní débhallraíocht a bhí sa scéal seo. An bhfuil craoltóir níos leadranaí in Éirinn ar fad ná Máirtín Davy; is fada ba cheart é a bheith ar féarach sula leáfaidh sé na cluasa de ghlúin eile éisteoirí.

    Logainmníocht:
    An leagan Béarla de logainmneacha coitianta a bheith á n-úsáid ag craoltóirí go rialta:
    m.sh.: 'Balindine' in áit 'Baile an Daighin'; 'Miltown Malbay' in áit 'Sráid na Cathrach'; 'Ballyvaughan' in áit 'Baile Uí Bheacháin'; 'Cape Breton' in áit 'Ceap Breatan'; 'Cóbh' in áit 'An Cóbh' (faoi thionchar an leagain Bhéarla) & 'i gCóbh' in áit 'sa Chóbh' (faoi thionchar an leagain Bhéarla). Agus maidir leis na logainmneacha as a gceantar féin, bíonn siad sin mícheart acu freisin, mar shampla 'Doirín Darach' in áit 'An Doirín Darach'; 'Cartúr Leathan' in áit 'An Cartúr Leathan' srl, srl.

    Slaimiceáil Ghaeilge:
    'Thóg duine nua anonn an siopa' (bunaithe ar 'take over' an Bhéarla) a bhí ag leibide ar Nuacht an Tuaiscirt, in ionad 'Ghlac duine nua seilbh ar an siopa'. 'Beidh sé trí seachtaine sula gceapfar ceannasaí nua ar Údarás na Gaeltachta' in áit 'Beidh trí seachtaine ann sula gceapfar ceannasaí nua ar Údarás na Gaeltachta'. srl, srl. 'creimeadh' in áit 'créamadh' ar 'cremation'; 'an Yeorap' in áit 'An Eoraip'; 'cogaslann' in áit 'cógaslann'; 'cogaisí' in áit 'cógais(í)'; is léir nach dtuigeann cuid mhaith d'fhoireann RnaG an difríocht fuaime idir 'o' agus 'ó'. Na botúin ar fad a dhéantar ó lá go lá i bhfuaimniú gnáthfhocail Ghaeilge, agus botúin logainmníocht, dá ndéanfaí i mBéarla in RTÉ iad, bheadh leath na foirne caite amach.


    Téarmaíocht:
    Ní bhacann siad le téarmaíocht oifigiúil na Gaeilge; is cuimhin liom iriseoir sinsireach as RnaG (duine den bheagán acu a bhfuil éirim aici) á rá ag comhdháil idirnáisiúnta faoin téarmaíocht, tuairim is 5 bliana ó shin, nach raibh a fhios aici go raibh Coiste Téamaíochta ag an nGaeilge. Le déanaí, bhí gamal éigin ag iarraidh a rá ar an Nuacht go ndearna duine iarracht bradaíl (an téarma oifigiúil, bunaithe ar bhó a bheadh ag bradaíl) a dhéanamh ar chóras ríomhaireachta agus céard a bhí aici ach 'hackáil'!

    Urlabhraíocht mhíthaitneamhach:
    Caithfidh gurb é Finín Ó Tuama an craoltóir Gaeilge is míthaitneamahaí ar an gcluas, ar dhroim an domhain. Ní ionsaí pearsanta é seo, ach níl guth tarraingteach craoltóireachta ag an bhfear. Ní fheileann a ghuth d'aon sórt craoltóireachta. Ceann eile atá uafásach na Bríd Nic Dhonncha, léitheoir nuachta as Conamara.

    Urlabhraíocht mhíchúramach, neamhshoiléir:
    Tá roinnt craoltóirí ar RnaG agus ní thuigeann siad gur bunriachtanas é ag craoltóir i dteanga ar bith, a c(h)uid cainte a bheith tomhaiste agus soiléir; bíonn siad ag ropadh leo gan aird ar bith ar éisteoirí bochta nach bhfuil sáreoalas acu ar a gcanúint.

    Is leaba chlúimh, gan freagracht, gan stiúir, gan bhainistíocht é RnaG, agus tá sé in am ag pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge díriú air, agus caighdeáin níos airde a éileamh.


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Is dócha gur spreag na fógraí nua ar an teilifís do racht feirge?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 164 ✭✭pops


    Mar dhuine as Conamara nach raibh focal béarla agam go ndeachfaidh mé ar scoil, ní dhéarfainn ná ní chloisfinn go deo 'Beidh trí seachtaine ann sula gceapfar ceannasaí..."

    Cinnte nach bhfuil RnaG chomh maith agus a d'fhéadfadh sé a bheith. Tá craoltóirí ann le fada an lá nach bhfuil ach ag fanacht leis an bpinsean. Ach tá sé fíor-dheacair daoine óga a aimsiú a bhfuil Gaeilge sách maith acu agus a bhfuil suim acu bheith ag pléigh leis an gcineál seo d'mheáin. Ceapann go leor go bhfuil sé as-dáta agus ar fearr leo dul i dtreo tg4 nó áiteacha eile.

    Dál an scéil é, feictear domsa go bhfuil RnaG thar cionn ó thaobh caighdeán na Gaeilge di seachas TG4.

    Tá iriseoirí iontacha ar RnaG freisin cosúil le Eibhlín Ní Chonghaile, Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Máirín Ní Ghadhra.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 359 ✭✭DJP


    Tá cuma marbh ar an stáisiún gan aon fhógraíochta ceadaithe air!


  • Closed Accounts Posts: 460 ✭✭murraykil


    Bricriu wrote: »
    ...

    Tarlaíonn na rudaí seo i chuile theanga. Tá bealaí éagsúla ag réigiún chun rudaí a rá. Tá bealaí éagsúla ag daoine aonair chun rudaí a rá.

    Is teanga deacair í an Ghaelige a labahairt, fiú dóibh siúd atá á labhairt ar fud a saol. Tá sé níos measa arís í a scríobh.

    Tá ard-moladh ag teastáil do lucht Radio na Gaeltachta mar gheall ar an jab deacair atá acu, ag craoladh i teanga nach labhraíonn ach beagán.

    Má tá tú ag ceapadh go bhfuil sé easca, nó go ndéanamh fhéín jab níos fearr de, ba cheart duit labhairt leo. Scríobh do scéal i nGaeilge forfa agus seol chucu é. Má tá tuairimí agat faoi seó a mbeadh suimiúil, téigh chucu leis.

    Sin é go díreach atá ag teastáíl, mar a dúirt pops, níl sé easca daoine óga a fháíl atá suim acu ann.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 164 ✭✭pops


    Aontaíom faoin bhfógraíocht - níor thuig mé ríamh cén fáth nach bhfuil sé ceadaithe.

    Is fiú litir a sheoladh isteach acu má tá gearán agat Bricriu. Tá aithne agam ar duine a rinne a leithid agus thug siad aird ar.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 460 ✭✭murraykil


    Tá cead acu fógraíocht ach ní raibh mórán suim ann riamh. Bhí caint ar le déanaí ach níl fhios ar fiú é a dhéanamh mar gheall ar an costás é a shocrú suas.

    http://www.independent.ie/business/media/raidio-na-gaeltachta-will-stay-adfree-for-now-1356823.html


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 68 ✭✭Realt11


    Beidh sé deacair fógraíocht a fháil de bharr an easpa suim atá i gcomhlachtaí áirithe sa theanga Ghaeilge mura bhfuil comhlacht acu sa Ghaeltacht. Níl sé sin le rá go bhfuil gá don fhógraíocht ar RnaG. Is mór an trua nach dtugann comhlachtaí Gaeltachta an deis chun a gcuid séirbhísí a scaipeadh ar RnG, ach is dócha, is cúis le sin ná le cúrsaí airgeadais.

    Maidir leis na cláir, táim idir dhá comhairle faoi sin! Éistím ar maidin ag éisteacht do RnaG agus chun an fhírinne a rá, is le linn na maidine atá na cláir is fearr -Adhmhaidin, Iris Aniar, An Saol ó Dheas, agus ní féidir Ardtráthnóna le Máirtin Tom Sheáinín a sheánadh. Le linn an tráthnóna, tá bearnaí ann. Éistim mar gheall ar an saibhreas teanga ach go háirithe. Faraor, níl na daoine ar fáil le saibhreas teanga cosúil leis na láithreoirí atá ann faoi láthair.

    Is scil tábhachtach é saibhreas cainte agus luíonn an tábhacht is mó leis an modh comhrá. Tá na lucht éisteachta ag iarraidh comhrá leanúnach a fháil ón raidió, agus níl sé easca an sórt líofacht sin a fháil. Níl mórán poist acu ach an oiread, bhain mé triail as uair amháin agus faraor ní raibh aon deis ann!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir


    Is cinnte go bhfuil lochtanna ar RnaG ach ar a laghad tá siad i bhfad níos fearr ná Raidió na Life agus Raidió Fáilte (ó thaobh na gaeilge de).

    Dar ndóigh tá an ghaeilge chomh lag sin gur deacair droch thionchar an bhéarla a sheachaint.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 359 ✭✭DJP


    Realt11 wrote: »
    Beidh sé deacair fógraíocht a fháil de bharr an easpa suim atá i gcomhlachtaí áirithe sa theanga Ghaeilge mura bhfuil comhlacht acu sa Ghaeltacht.

    Ní aontaím!

    Táim cinnte go mbeadh suim ag roinnt comhlachtaí fógraí a chur air muna raibh na praghasanna ró-ard! Ba chóir dóibh fógraí pobail a dhéanamh do eagraíochtaí saor in aisce freisin ceapaim agus ceapaim go mba chóir go mbeadh na láitreoirí in ann amhráin Béarla a chasadh i rith an lae freisin ach go mbeadh na fógraí as Gaeilge!


Advertisement