Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Mo Scéal

  • 22-07-2011 4:24pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 25


    A chara!
    Holly is ainm dom, agus tá me ag deanamh staidear ar Nua Ghaeilge san ollscoil. Cé go rinne mé iarracht i dtaobh mó chuid scruduithe, theip mé ar an chuid is mó doibh. Dar liom, an fhadhb é mo litriocht agus gramadach. Mar sin, tá mé i mo chonaí i teach mo mhaim sa tuaisceart le haghaidh staidear cruinn a dheanamh gach lá.
    Ag an pointe seo, tá thart ar dhá triú den cúrsa deantá agam, rudaí mar an tuideal ginideach, an ainmfhocail, an aidiacht agus an briathar. Anois, caithfeadh mé bheith compordach ag scríobh as Ghaeilge. Ceard a ceapann sibh faoi caighdean mó chuid scríobhnoireacht ag an pointe seo? Agus an bhfuil aon rud a caithfeadh mé díriú ar?

    Go raibh míle!


Comments

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude


    'Bhfuil tú ag iarraidh go ndéanfaimís anailís ar an méid atá scríofa agat?

    Más ea...

    Níl aon bhotún ollmhór déanta agat, dar liomsa ar aon nós, ach má tá tú ag iarraidh caighdeán foirfe a bhaint amach tá roinnt le déanamh go fóill.

    Leanann séimhiú 'ag an' (ag an bpointe).
    Leanann an TG 'ag déanamh' (ag déanamh staidéir)
    Cé go rinne --> Cé go ndearna
    Leanann foirm éigin de 'ar' an briathar 'teip' (theip orm)
    Déarfainn 'sa chuid is mó díobh'
    Leanann séimhiú 'den' (den chúrsa)
    Déarfainn 'caithfidh mé' in ionad 'caithfeadh mé'
    Leanann séimhiú 'faoi' (faoi chaighdeán)
    mo chuid scríbhneoireachta

    Sin na rudaí is mó a sheas amach domsa, ach tá cúpla ceann eile ann.

    Ní dóigh liom go bhfuil rud mór amháin le déanamh agat, gnéithe beaga gramadaí atá ann.


  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,575 Mod ✭✭✭✭dory


    Déan liosta do na rudaí ar fad a chuireann séimhiú ar focal - den, don, sa, san, ar (uaireanta).

    Déan liosta do na cásanna ina mbíonn an gineadach i gceist (dhá ainmfhocal ag teacht le chéile m.sh)

    Beidh siad crua ar na ngramadach. An bhfuil na rialacha a bhaineann le firinscneach/baininscneach ar eolas agat?


  • Closed Accounts Posts: 5 niknaks


    Bhí an fadhb chéanna agamsa nuair a bhí mé sa choláiste. Ach rinne mé cúpla rudaí a chabhraigh go mór liom agus sa deireadh fuair mé marc ard i mo chuid scrúdaithe. Cabhraíonn wingleacht go mór liom- is foclóir a bhíonn i gceist ach is feidir leat an t.g uatha agus iolra a fheicéail go sóléir. Rinne mé an cúrsa cruinnis le conradh na gaeilge. Cheannaigh mé cupla leabhair gramadaí, mar dhéanann gach leabhair rudaí níos fearr. Dul i ngleic le do leachtóirí freisin, cabhróidh siad go mór leat.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Bain úsáid as seiceálaí litrithe agus tú ag scríobh ar do ríomhaire. Feicfidh tú ansin na botúin shimplí litrithe a bhíonns á dhéanamh agat go rialta.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa


    Poll Dubh wrote: »
    Bain úsáid as seiceálaí litrithe agus tú ag scríobh ar do ríomhaire. Feicfidh tú ansin na botúin shimplí litrithe a bhíonns á dhéanamh agat go rialta.

    sea, ach is gá bheith cúramach le seiceálaí litrithe, mar nach ndéanann sé anailís ar an ngramadach (ms. cathain a bhfuil gá le tuiseal ginideach, srl). Cabhraíonn sé ó thaobh litriú, ach sin an méid. Cibé ar bith, más mian leat triail a bhaint as:

    http://www.evertype.com/software/macgaelspell/index_ga.html

    I mo thuairimse, áfach, 's é an bealach is fearr chun feabhas a chur ar do chuid litriú, ná an nuachtán a léamh i nGaeilge gach lá. (lá, foinse, gaelscéal, srl). Éireoidh tú cleachta leis na rialacha gramadaí gan iad a staidéar go fiú ;)


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 980 ✭✭✭Seannew1


    Tá súil agam go bhfuil tú do chuid staidéir ag éirí go maith Rosy.Táim ag staidéar gaeilge agus táim sa tríú bhliain sa choláiste. Ar chuala tú faoin leabhar gramadaí "Irish Grammar Book" le Nollaig mac Congaill? Leabhar iontach atá ann. Taispeánann an leabhar na rialacha go sóiléír (Tuiseal Ginideach/briathra/firiscneach/bainiscneach/na tuisil).Bí ag léamh Gearrscéalta/Úrscéalta más féidir leat mar déanann sé maitheas don ghramadach,sin é an rud is tábhachtaí.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,972 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Dia is Muire duit, Holly, agus fáilte chuig Teach na nGealt. :)

    Níl aon rud níos fearr ná cleachtadh chun feabhas a chur ar do chuid Gaeilge. Déan iarracht píosa beag a dhéanamh chuille lá. Is féidir cúpla nóiméad a chaitheamh ag éisteacht le stáisiún raidíó Gaelach, nó píosaí a léamh ar an idirlín, nó ceann de na cláracha fáisnéise ar TG4 a chur ar siúl.

    Baineann daoine áirithe an-taitneamh as an scríbhneoireacht freisin. Dá mbeadh blag agat, bheifeá in ann tréimhse a chaitheamh ag scríobh i nGaolain gach seachtain. Tá suíomhanna den scoth le fáil chun cabhrú leis an ngramadach is leis an bhfoclóireacht.


Advertisement