Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Cén fáth go rialaíonn na margaí an domhan?

  • 21-07-2011 8:04am
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭


    Toghtar rialtaisí go daonlathach mar sin cén fáth nach féidir leo smacht a bheith acu ar na margaí?

    Más amhlaidh go bhfuil an pobal i gcoinne polasaithe an Chiste Idirnáisiúnta Airgeadais agus an Aontas Eorpaigh maidir le cosaint na mbancanna, cén fáth go bhfuil rialtaisí ag cur na bpolasaithe seo i bhfeidhm?


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Mar go bunúsach is comhlachtaí iad na rialtasaí san domhain.

    An bealach a oibríonn an domhain, agus cursaí eacnamaíochta anois tá gá ar rialtasaí airgead a fháil ar cíos.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Níl mise i gcoinne cosaint na mbanc agus is gnáthduine mise. Dá dteipfeadh na bainc chaillfinn an beagán airgid atá i dtaisce agam.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir


    Poll Dubh wrote: »
    Níl mise i gcoinne cosaint na mbanc agus is gnáthduine mise. Dá dteipfeadh na bainc chaillfinn an beagán airgid atá i dtaisce agam.

    Ní chreideann tú barántas an rialtais agus an tAontas Eorpach mar sin, a thugann geallúint go mbeidh ár gcuid taiscí slán fiú má theipeann ar na bancanna!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Ach cé a bheadh ag íoc as an mbarántas - na cáiníocóirí ar ndóigh. Ní dhéanfadh sé aon difríocht dá dteipfeadh na bainc mar bheadh an tír sa phriacal céanna.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,078 ✭✭✭onemorechance


    I Meiricéa go mór-mór is iad na comhlactaí agus na daoine saibhir atá ag rith an tír. Tá os cionn cúig billiún caite ar na toghcháin is deanaí, uachtaráin agus comhdháil. Chaith Obama os cionn 500 milliún ar fhéin. Tá, agus beidh na figiúirí seo ag ardú gach toghcháin. Tá go leor fabhar le n-íóc ar ais ag duine ar bith atá tofa chuig oifig i Meiricéa agus braitheann méid an fabhar ar méid an deontas!


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir


    Níl sé ceart ná cóir go ligtear do dhaone neamhthofa smacht a bheith acu ar an domhan. Ba cheart go bhféadfadh na polaiteoirí go hidirnáisiúnta smacht a chur ar daoine atá ag cur beatha tíortha i mbaol leis an útamáil atá ar siúl leis an gcóras airgeadaíochta.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,078 ✭✭✭onemorechance


    Caithfear talamh-láir a fháil idir cumannachas agus caipitleachas. Ceapaim fhéin go bhfuil an t-Sín mar sin!

    Tá muide ag ceapadh go bhfuil muid go maith mar go bhfuil daonlathas againn, ach cén mhaith sin nuair nach bhfuil aon mhaith leis an chuid is mó de na polaiteoirí. Cén mhaith é i Méiricéa nuair is airgead a thoghann daoine, tá sé sin níos measa ná cumannachas! B'fhearr liom Castro ná Halliburton!

    Tá cearta daoine go dona sa t-Sín ach an bhfuil siad mórán níos fearr anseo?

    Ospidéil ag dúnamh gan smaoineamh ar bith ar na doine aitiúil. Vacsaín ailse cheirbheacs go cháilíní óga cealaithe chun cúpla millíun a shábháil. Daoine scaoilte amach ón príosún luath chun tuile coireanna a dhéanamh.

    Tá rudaí níos measa ag tarlú so t-Sín, breith anabaí fórsáilte mar shampla, ach ceapaim go bhfuil rudaí sa t-Sín ag feabhsú agus rudaí san Eorap and Meiricéa ag fáíl níos measa.


Advertisement